Inis Mara 3

Inis Mara 3

Údar
Tristan Rosenstock
Maisitheoir
Mark Wickham
Praghas
€12.00
  • Sraith: Páistí níos sine/Déagóirí
  • Aoisghrúpa: 10-14
  • ISBN: 978-1-918127-03-4
  • Líon leathanach: 96
  • Bliain foilsithe: 2026
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

**Ag Teacht Meitheamh 2026 - Réamhordaigh Anois**

Tá naimhde gránna Inis Mara, an Santóir agus Smugairle Rónán, ar ais arís agus plean nua acu chun éirí níos saibhre ná riamh. Ach is iad muintir Inis Mara - agus an t-oileán féin - a íocfaidh go daor as. Cuireann an damáiste a chruthaíonn siad saol an oileáin i gcruachás uafásach. Buaileann stoirmeacha láidre an t-oileán níos minice agus níos fíochmhaire mar thoradh ar an athrú aeráide. Agus nuair a thagann laghdú ar líon na mbeach ar an oileán de bharr phleananna na mbithiúnach, is i bhfad in olcas a théann an scéal.
Ní raibh muintir Inis Mara i mbaol chomh huafásach go dtí seo - ach ar sheachain a laoch óg Éabha dúshlán riamh?

Scéal tráthúil é seo, a bhaineann leis an inbhuanaitheacht agus le haire a thabhairt don dúlra do na glúnta atá le teacht.
Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile go bhfilleann an feall ar an bhfeallaire.

About the book

**Coming June 2026 - Pre-order Now**

Inis Mara's worst enemies, an Santóir and Smugairle Rónán, are back with a plan to get richer than they ever imagined. But the damage they cause will put the people of Inis Mara - and the island itself - in huge danger. Storms begin to pound the island with increased frequency and strength as a result of climate change. And when a new addition to Inis Mara causes a decline in the bee population, a devastating chain of events unfolds. 
The people of Inis Mara face their greatest threat yet - but has their young hero Éabha ever avoided a challenge?

A timely tale which deals with sustainability and the importance of caring for the natural world for future generations. And the story reminds us again and again that what goes around comes around. 

Tuilleadh eolais

Ábhar tacaíochta tuisceana - Inis Mara 3

Údar

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Mark Wickham

Is dearthóir agus maisitheoir é Mark Wickham a bhfuil cónaí air in Iarthar Chorcaí. Tá sé ag obair in earnáil na foilsitheoireachta le breis is 20 bliain anuas. Tá saothar dá chuid curtha ar taispeáint aige mar chuid de thaispeántais in Éirinn agus thar lear. Tá roinnt pictiúrleabhair do pháistí maisithe aige agus ainmníodh ceann de na leabhair sin mar leabhar páistí na bliana ag an Irish Book Awards. Bhunaigh Mark agus a pháirtí, Tara Kennedy, WORK SHOP le déanaí, spás cruthaitheach i mBeanntraí le haghaidh gach aoisghrúpa.
Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…