Inis Mara 2 *Réamhordú/Pre-order*

Inis Mara 2 *Réamhordú/Pre-order*

Údar
Tristan Rosenstock
Maisitheoir
Mark Wickham
Praghas
€12.00
  • Aoisghrúpa: 10–14
  • ISBN: 978-1-7395129-4-1
  • Líon leathanach: 84
  • Bliain foilsithe: 2024
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

*Réamhordú*

Leanaimid laoch óg Inis Mara arís agus Éabha ar eachtra eile ag cuidiú le daoine a bhfuil a saol curtha bunoscionn ag tubaistí éagsúla. Tá Smugairle Rónán, Broim agus Bréan, agus an Caochán tar éis a muintir féin a chur i mbaol uafásach, agus beidh ar Éabha a bheith seiftiúil agus cliste má tá sí chun an lámh in uachtar a fháil orthu. Ach ar sheachain Éabha dúshlán riamh?

Scéal tráthúil a bhaineann le truailliú, le teifigh, agus le teacht aniar. Agus meabhraíonn an scéal dúinn arís is arís eile nach bhfuil aon tinteán mar do thinteán féin.

“Scéal corraitheach, mealltach atá anseo, atá duairc in amanna, ach a chasann i dtreo an dóchais nuair a thagann pobal i dtuiscint ar thábhacht an eolais a chruinnigh a sinsear, mar aon leis an léargas atá caomhnaithe laistigh de logainmneacha. Éacht atá ann rud chomh simplí ach chomh téagartha a chruthú, agus a bhfuil teachtaireacht iontach tábhachtach dúinn go léir ann.”
- Manchán Magan
(Thirty-Two Words for Field, Listen to the Land Speak)

Seo an dara leabhar sa tsraith. Tá an chéad leabhar Inis Mara ar fáil anseo.

About the book

*Pre-order*

This story follows the young hero of Inis Mara as Éabha sets off on another adventure to help people whose lives have been turned upside down by various disasters. Smugairle Rónán, Broim agus Bréan, and an Caochán have put their own community in danger and Éabha will have to be crafty and smart if she is to get the upper hand on them. But has Éabha ever turned away from a challenge?

A topical story about pollution, refugees, and resilience. And the story reminds us again and again that there is no place like home.

“This is a moving and enticing story that is dark at times but moves towards a hopeful ending when a community begin to understand the importance of information passed down from previous generations, as well as the insight that is embedded within placenames. What an achievement to create something so simple yet so substantial at the same time, and something that holds a very important message for us all.”
- Manchán Magan
(Thirty-Two Words for Field, Listen to the Land Speak)

This is the second book in the series. The first book Inis Mara is available here.

Údar

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Mark Wickham

Is dearthóir agus maisitheoir é Mark Wickham a bhfuil cónaí air in Iarthar Chorcaí. Tá sé ag obair in earnáil na foilsitheoireachta le breis is 20 bliain anuas. Tá saothar dá chuid curtha ar taispeáint aige mar chuid de thaispeántais in Éirinn agus thar lear. Tá roinnt leabhair pictiúr do pháistí maisithe aige agus ainmníodh ceann de na leabhair sin mar leabhar páistí na bliana ag an Irish Book Awards. Bhunaigh Mark agus a pháirtí, Tara Kennedy, WORK SHOP le déanaí, spás cruthaitheach i mBeanntraí le haghaidh gach aoisghrúpa.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…