Iris Comhar - Meitheamh 2023 (móreagrán)

Iris Comhar - Meitheamh 2023 (móreagrán)

Eagarthóirí
Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tristan Rosenstock, Seán Mac Risteaird
Maisitheoir
Mark Wickham
Praghas
€4.00
  • Líon leathanach: 44
  • Bliain foilsithe: 2023
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Eagrán mhí an Mheithimh 2023 den iris Comhar.

Móreagrán Aiteach: Tá 30 bliain ó rinneadh díchoirúlú ar an homaighnéasacht i bPoblacht na hÉireann agus san eagrán seo cíorfar ceisteanna a bhaineann leis an bpobal aiteach san am atá caite agus in Éirinn an lae inniu.

Ócáid cheiliúrtha: Bígí linn ar an 21 Meitheamh in STREET 66, BÁC nuair a dhéanfar ceiliúradh ar an móreagrán speisialta seo mar chuid de Bród 2023. Coinnigh súil ar mheáin shóisialta COMHAR don eolas is déanaí!

Aoi-eagarthóir: Seán Mac Risteaird

About the book

June 2023 edition of Comhar magazine.

Special edition celebrating Queerness: This is a special bumper edition to mark 30 years since the decriminalisation of homosexuality in the Republic of Ireland. Contributors discuss issues concerning the queer community in both past and present day Ireland.

Event: Join us on 21 June in STREET 66, Dublin to celebrate this special edition of Comhar during Pride 2023. Follow us on social media for all the details!

Guest editor: Seán Mac Risteaird

Eagarthóirí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).

Tuilleadh eolais

Tristan Rosenstock

Tristan Rosenstock

Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Mark Wickham

Is dearthóir agus maisitheoir é Mark Wickham a bhfuil cónaí air in Iarthar Chorcaí. Tá sé ag obair in earnáil na foilsitheoireachta le breis is 20 bliain anuas. Tá saothar dá chuid curtha ar taispeáint aige mar chuid de thaispeántais in Éirinn agus thar lear. Tá roinnt leabhair pictiúr do pháistí maisithe aige agus ainmníodh ceann de na leabhair sin mar leabhar páistí na bliana ag an Irish Book Awards. Bhunaigh Mark agus a pháirtí, Tara Kennedy, WORK SHOP le déanaí, spás cruthaitheach i mBeanntraí le haghaidh gach aoisghrúpa.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…