Iris Comhar - Samhain 2022
- Eagarthóirí
- Seán Tadhg Ó Gairbhí, Tristan Rosenstock
- Praghas
- €4.00
- Líon leathanach: 32
- Bliain foilsithe: 2022
-
Scaip an leabhar seo
Eagrán mhí na Samhna 2022 den iris Comhar.
November 2022 edition of Comhar magazine.
Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2013 agus ar Tuairisc.ie ó 2014. Bhain sé céim amach sa Bhéarla agus sa Ghaeilge in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. Thosaigh sé ag obair mar iriseoir le Foinse ó 2000 go dtí 2009 agus bhí sé mar eagarthóir air ó 2003 go 2009. D'fhoilsigh sé bailiúchán aistí, Scéal Scéil: Rúndiamhra na Meán (Cois Life, 2014) agus leabhar ar fhobairt TG4, Súil Eile (Cois Life, 2017).
Tá Tristan Rosenstock ina eagarthóir liteartha ar Comhar ón mbliain 2017 i leith. Chuir sé féin agus Ailbhe Ní Ghearbhuigh an cnuasach aistí Inside Innti: A new wave in Irish Poetry (Cork University Press, 2023) in eagar. Tá leabhar do léitheoirí óga foilsithe aige dar teideal Inis Mara (LeabhairCOMHAR 2022). Craoltóir is ea é le RTÉ Raidió na Gaeltachta agus cuireann sé an clár ealaíon An Cúinne Dána i láthair, mar aon le cláir liteartha eile. Tá sé ar bhord stiúrtha Éigse Éireann agus Áras Scríbhneoirí na hÉireann. É pósta ar an údar Sadhbh Rosenstock agus beirt léitheoirí óga acu.