Léachtaí Uí Chadhain
- Eagarthóirí
- Liam Mac Amhlaigh, Caoimhín Mac Giolla Léith
- Praghas
- €30.00
- ISBN: 978-1-9162403-7-7
- Líon leathanach: 704
- Bliain foilsithe: 2020
-
Scaip an leabhar seo
Scoláire nualitríochta agus foclóireachta é an Dr Liam Mac Amhlaigh atá ina Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad. Tá mórán foilsithe aige sna réimsí spéise sin, idir leabhair agus ailt. É ina chomheagarthóir bunaidh ar an ríomhiris phiarmheasta acadúil COMHARTaighde (comhartaighde.ie), ina eagarthóir ar an gcartlann phórtráidí agus eolas beathaisnéise de bheoscríbhneoirí na Gaeilge, Portráidí na Scríbhneoirí Gaeilge (portraidi.ie), agus ina thionólaí ar an ngrúpa maoirseachta den inphrionta san fhoilsitheoireacht acadúil, Cló Léann na Gaeilge (clo.ie). Tá sé ag plé go leanúnach le dhá mhórshaothar: monagraf ar fhoclóireacht na Nua-Ghaeilge san fhichiú haois (a thiocfaidh sna sála ar a leabhar Foclóirí agus Foclóirithe na Gaeilge (2008), agus saothar critice ar fhilíocht Mhichael Davitt agus tionchar an nua-aoiseachais dhéanaigh ar fhilíocht na Gaeilge le seachtó bliain anuas. Is é Léachtaí Uí Chadhain an dara leabhar atá curtha in eagar aige le Caoimhín Mac Giolla Léith, ar lean ó Fill Arís: Oidhreacht Sheáin Uí Ríordáin (2012).
Ollamh Comhlach é Caoimhín Mac Giolla Léith i Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis sa Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath. Tá neart foilsithe aige ar ghnéithe éagsúla de litríocht na Gaeilge ó na meánaoiseanna déanacha i leith. Is leis an nualitríocht is mó, áfach, a chaith sé a dhúthracht le blianta fada anois, an fhilíocht go háirithe. Foilseoidh Coiscéim cnuasach dá chuid aistí critice ar nuafhilíocht na Gaeilge, Raon na Geite, go luath. Taobh amuigh de chúrsaí litríochta, foilsíodh aistí iomadúla leis ar an ealaín chomhaimseartha thar na blianta, i mbreis agus dosaen teanga ar leith go dtí seo. Foilseofar monagraf dá chuid ar an ealaíontóir Afracach Meiriceánach Ellen Gallagher sa tsraith ‘Contemporary Painters’ de chuid Lund Humphries i bhfómhar na bliana 2021.