Tá clú ar Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh as an chéad Ghaelscoil ó laethanta na scoileanna scairte, Scoil Bhríde, a chomhbhunú in 1917, ach ba mhó fós an t-éacht é don bhean seo nárbh eol di an Ghaeilge a bheith ann le linn a hóige. Sa bheathaisnéis seo déanann Celia de Fréine an bhean iomráiteach, fhísiúil, mhisniúil seo a bheochan le daonnacht agus le dúthracht taighde. Cíortar na gnéithe éagsúla dá saol, óna cúlra teaghlaigh neamhghnách is a hóige sa bhFrainc, go dtí a haistriú go hÉireann i ndiaidh báis a hathar, an pháirt ghníomhach a ghlac sí in Éirí Amach na Cásca agus a cuid oibre ceannródaíche ar feadh a saoil ar son an oideachais lán-Ghaelaigh.
- Duais Leabhar Taighde na Bliana ACIS 2018 bainte
- Gearrliosta do Ghradam Uí Shuilleabháin, Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2019
Luíse Ghabhánach Ní Dhufaigh (Louise Gavan Duffy) is famous for co-founding the first 'Gaelscoil' (Irish-language school) since the days of the hedge-schools, Scoil Bhríde, in 1917, but this was an even bigger achievement considering that she didn't know of the existence of Irish during her childhood. In this biography, Celia de Fréine shares this notable, visionary and courageous woman's life with humanity and diligent research. Various aspects of her life are examined, from her unusual family background and her childhood in France, to her move to Ireland after her father's death; the active part she played in the Easter Rising and her pioneering work throughout her life for full-Irish education.
- Awarded the ACIS Reseach Book of the Year Award in 2018
- Shortlisted for Gradam Uí Shuilleabháin, Gradaim Foilsitheoireachta an Oireachtais 2019