Oíche Shamhna

Oíche Shamhna

Údar
Marie Whelton
Maisitheoir
Frank Endersby
Praghas
€10.00
  • Aoisghrúpa: 5–10
  • ISBN: 978-1-7395129-2-7
  • Líon leathanach: 28
  • Bliain foilsithe: 2024
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Céard a dhéanfaidh tú Oíche Shamhna? Conas a ghléasfaidh tú? An mbeidh tú i do thaibhse? An ngléasfaidh tú mar chailleach? Nó an mbeidh tú i do vaimpír?

Ar an oíche is spraíúla sa bhliain, cabhróidh an dán gutha seo le páistí ar gach aois róil éagsúla a ghlacadh.

Cuirtear gluais, gníomhaíochtaí agus taifeadadh den dán (cód MF/QR taobh istigh) ar fáil sa leabhar seo le scileanna a fhorbairt chun cumarsáid faoi Oíche Shamhna a éascú ar bhealach spraíúil.

About the book

What will you do on Halloween Night? What will you dress up as? Will you be a ghost? Will you dress up as a witch? Or will you be a vampire?

A voice poem in which we hear from the different creatures who go out and about on Halloween Night. 

Readers will be able to imagine themselves in different Halloween roles. The glossary and activities at the end of the book, along with the recording of the poem (QR code inside), will help to foster literacy skills in a fun way.

Tuilleadh eolais

Údar

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a d'fhoilsigh Veritas sa bhliain 2017.

Tuilleadh eolais

Maisitheoir

Frank Endersby

Ealaíontóir agus maisitheoir é Frank Endersby a bhfuil cónaí air in Forest of Dean, Sasana. Tá leabhair maisithe aige do go leor foilsitheoirí éagsúla ar fud an domhain. Ina measc tá: Little Tiger Press, Harper Collins agus Thomas Nelson. Tá spéis ar leith aige i bpictiúir den dúlra a tharraingt agus a phéinteáil.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…