Ainmneacha pearsanta, logainmneacha, canúintí, gramadach, litríocht na Nua-Ghaeilge, an Odaisé, an Choiméide Dhiaga, an Bíobla Naofa, paidreacha dúchasacha i measc na réimsí saineolais aige. Dhá bhailiúchán filíochta déag foilsithe aige: Noda, Doineann agus Uair Bhreá, Broken English agus Dánta Eile, Cion, Cín Lae, Cúram File, Aiséirí, Zein na Gaeilge, Filíocht an Reatha, Oilithreacht, A Layman’s Liturgical Year and Other Poems, Silent Pictures Inner City Pictiúir Thostacha Lár na Cathrach. Trí úrscéal: Duibhlinn, Slán le Luimneach, Odaisé Ghael-Mheiriceánach/An Irish-American Dream. Bailiúchán amháin gearrscéalta: An Troigh ar an Tairne agus ceoldráma, Vailintín. I measc saothar acadúil tá: An Odaisé, An Choiméide Dhiaga, Raiftearaí: Amhráin agus Dánta, Filíocht Ghaeilge Phádraig Mhic Phiarais, An Fhilíocht Chomhaimseartha 1975–1985, Caitlín Maude: Dánta, Drámaíocht agus Prós, Seanchas Inis Meáin,Tomás Bán, Ag Réiteach le hAghaidh Faoistine, Léarscáil Inis Meáin, Dánta Eoin Pól II, An Tiomna Nua agus Leabhar na Salm. Ghnóthaigh a chéad úrscéal duais náisiúnta agus ghnóthaigh a chuid filíochta trí dhuais idirnáisiúnta. Bronnadh Sparánacht Litríochta de chuid na Comhairle Ealaíon air i 1993 agus Dámhachtain Taistil agus Oiliúna in 2010.