Dún do Shúile

Dún do Shúile

Údar
Marie Whelton
Maisitheoir
Frank Endersby
Praghas
€10.00
  • Sraith: An Saol Óg
  • Aoisghrúpa: Páistí óga
  • ISBN: 978-1-9162403-9-1
  • Líon leathanach: 32
  • Bliain foilsithe: 2021
  • Scaip an leabhar seo

Maidir leis an leabhar

Pictiúr-dhán suain do leanaí óga atá sa leabhar seo. Beidh tuismitheoirí in ann é a léamh lena leanaí ag am codlata. Músclóidh na híomhánna ón nádúr an tsamhlaíocht agus músclóidh an rím spéis i bhfuaimeanna na bhfocal.

Tá gluais agus teanga shamplach ar chúl an leabhair le cabhrú le tuismitheoirí rannpháirtíocht an linbh a spreagadh.

About the book

A bedtime picture-poem for babies and toddlers – parents will be able to read it with their children at sleeptime. The lovely images of nature will awaken the imagination and the rhyme will inspire an interest in word sounds.

A glossary and some sample phrases are included at the back of the book to help parents encourage child participation.

Údar

Marie Whelton

As Iarthar Chorcaí ó dhúchas do Marie Whelton. Is léachtóir le Gaeilge í in Institiúid Oideachais Marino. Tá leabhair agus ailt foilsithe aici ar ghnéithe éagsúla d’eitic agus d’aeistéitic litríocht na Gaeilge agus litríocht Ghaeilge na n-óg. Ina theannta sin, tá áiseanna deartha aici d’fhoghlaimeoirí fásta teanga agus do bhunmhúinteoirí a fhaigheann a gcáilíochtaí oideachais thar lear. Bhronn Éigse Éireann, i gcomhar le Cumann Múinteoirí Éireann, cónaitheacht scríbhneora uirthi sa bhliain 2014 in Ionad Tyrone Guthrie, Eanach Mhic Dheirg. I measc na bhfoilseachán a raibh sí ina húdar orthu tá: Nuair a Stadann an Ceol (LeabhairCOMHAR, 2013 agus 2015) a ghnóthaigh duais ag Comórtais Liteartha an Oireachtais agus Teagmháil agus Tnúthán: Staidéar ar an Apastróf i bhFilíocht na Nua-Ghaeilge (An Sagart, 2008). Ba chomhúdar í ar Sruth na Maoile: Ábhar Tacaíochta d’Oiriúnú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2009) agus ar Cóir Ghaoithe: Cúrsa Ullmhúcháin Don Scrúdú le hAghaidh Cáilíochta sa Ghaeilge (Institiúid Oideachais Marino, 2006). Is ball í de choiste comhairleach maidir le haistriúchán An Leabhar Aifrinn Rómhánach (eagrán altóra nua) a d'fhoilsigh Veritas sa bhliain 2017.

Tuilleadh eolais

Seans gur spéis leat na teidil eile seo…