An Nollaig Thiar
Turas chuig campa géibhinn san Oir-Ghearmáin tráth a raibh an Cogadh Fuar faoi lán seoil a spreag Breandán Ó hEithir chun dul siar ar bhóithrín na smaointe.
Teacht na Nollag ba thábhachtaí ná riamh an Dún Aengus do shaol na n-oileán. Cé go raibh níos mó de ghnáthriachtanais na beatha á gcur ar fáil san áit an uair úd ná mar atá anois — go fiú snáth agus éadach — bhíomar i dtuilleamaí na Gaillimhe do chuid mhór earraí, nuachtáin, an post agus na sólaistí ar chuid riachtanach de cheiliúradh na Nollag iad.
Ach sula dtosaíodh daoine ag imní i dtaobh na haimsire a rialaigh teacht an bháid, bhíodh rudaí eile ar a n-aire. Ní raibh aon trácht in Inis Mór ar ghlantachán earraigh. Pé cúis a bhí leis, ba sna seachtainí roimh Nollaig a dhéantaí na tithe agus a dtimpeallacht a ghlanadh agus a mhaisiú.
Nuair a chuimhním ar Nollaig m’óige anois is ar bholadh aoil is túisce a chuimhním. Nuair a thosaíodh daoine ag cur aol úr ar na tithe, istigh agus amuigh, agus ar na claíocha ina dtimpeall, thuig tú go raibh an Nollaig buailte leat. B’ionann é agus lasadh na soilse sráide i gcathracha na linne seo, ach nár thosaigh an maisiú in Árainn go dtí tús mhí na Nollag féin. Cé go bhfuil cloch aoil chomh fairsing in Árainn agus atá glasfhearann i gContae na Mí, b’as Gaillimh freisin a tháinig an t-aol. An chúis a bhí leis seo ná nach raibh móin ar bith sna hoileáin ná crainn ar bith ach oiread, cé is moite de choill bheag amháin a bhí timpeall an tí inar chónaigh an ministéir Protastúnach i gCill Rónáin tráth. Isteach as Conamara i mbáid seoil a thagadh an mhóin agus bhí sí i bhfad róchostasach le go ndófaí aol léi.
Níor mhór a bheith cúramach ag cur aoil. D’éiríodh sé fiuchta te nuair a chuirtí uisce air agus an braon is lú a rachadh faoi do shúil ba gheall le sampla é de na tinte síoraí a bhí in ifreann, ar a mbíodh an sagart ag trácht i dteach an phobail. Ach ba é bua mhór an aoil go raibh an boladh a bhí air chomh húr lena chosúlacht. Ní hé amháin gur fhéach na tithe chomh glan le criostal, go háirithe na tithe ar a raibh tuí an fhómhair fós órga, ach bhí a gcumhracht le brath ar an aer ina ngaobhar.
Caitheadh cúram ar leith leis na casáin ó gheata go doras agus timpeall na dtithe. Thugtaí gaineamh geal, gairbhéal gorm nó mulláin bheaga duirlinge, ó chladach agus ó thrá, agus chóirítí na casáin seo go néata. Bhí trá bheag amháin, gar do Thobar Cholm Cille i gCill Éinne, a raibh an gaineamh a bhí ann crónbhuí, gar i gcosúlacht le siúcra donn, agus boladh láidir air.
Dhéanadh sé seo togha cosáin mar chruadh sé ar nós suiminte le himeacht aimsire agus de bharr greadadh cos. Ach bhí an trá seo beagán rófhada as láthair ach amháin i gcás na mbailte ba ghaire di.
I gcarranna capaill agus asail, nó i gcléibh crochta ar gach taobh de shrathar, a d’iompraítí gach uile rud ar an oileán go dtí gur tugadh isteach tarracóirí agus leoraithe ó dheireadh na gcaogaidí i leith. Rinneadar seo an saol níos éasca do dhaoine, mar a rinne an tarra a cuireadh ar na bóithre taca an ama chéanna. Roimhe sin ghearradh rothaí na gcarranna capaill, a tharraingíodh ualaí troma uaireanta, sclaigeanna doimhne sna bóithre boga agus chaitheadh rothaithe a bheith cúramach gan rith isteach i gceann acu san oíche nó bheidís i gcontúirt tuairteáil sa láib agus sna clocha scaoilte.
Ba í cé Chill Rónáin an áit ba ghnóthaí in Inis Mór, lá báid, agus ba ghnóthaí arís í sna seachtainí díreach roimh Nollaig. Chruinníodh slua mór leis an mbád a fheiceáil ag teacht le balla. Bhíodh gnó ag cuid acu ann, ach fiosracht a thug daoine eile ann, rud a chuireadh isteach go mór ar an bhfear a bhí i gceannas na cé. Nuair a thagadh na paisinéirí i dtír agus nuair a bhíodh na málaí litreacha tugtha chuig teach an phoist, thosaíodh seisean ag rith thart agus liosta an lasta ina lámh, ag fógairt ar dhaoine fanacht as a bhealach.
Béarla is mó a labhraíodh sé, ní hamháin mar gur mheas sé gurbh fhearr a d’fheil an teanga sin do thábhacht a phoist ach de bhrí nach raibh aige ach droch-Ghaeilge. Bhaineadh daoine an-spraoi as an gcaoi a mbíodh sé ag sodar agus ag síorchaint, ag iarraidh súil a choinneáil ar na hearraí a chrochtaí aníos as bolg an bháid ar chrann tógála torannach gaile. ‘Get out o’ me way,’ a deireadh sé go feargach. ‘Have ye nothing better to do than to be down here speckin?’.
Níor thuig an fear bocht gurbh é féin agus an taispeántas a thugadh sé a choinníodh go leor den slua ar an gcé. Ar fhaitíos go suaimhneodh sé ba ghnách le daoine mioscaiseacha ceisteanna amaideacha a chur air, nó bosca le duine éigin eile a chrochadh leo suas an ché sa gcaoi is go mbeadh ar an ngíománach iad a leanúint go feargach. Ba é teach an phoist an dara láthair cruinnithe lá báid. Beirt fhear poist a bhí againn. Rinne duine díobh freastal ar Chill Rónáin agus ar Chill Éinne agus Iaráirne taobh thoir de. D’fhreastail an fear eile ar an aon bhaile dhéag a bhí ar fhad na seacht míle bóthair idir Cill Rónáin agus Bun Gabhla. Ach sula dtugaidís cuairt na mbailte, ba é an nós a bhí ann na litreacha a ghlaoch amach os ard ar an gclaí taobh amuigh de Theach an Phoist.
Chruinníodh muintir an chinn thoir den oileán timpeall a bhfir phoist féin agus dhéanadh muintir an chinn thiar amhlaidh, tamall suas uaidh. Teacht na Nollag b’fhairsinge a bhíodh litreacha ó Mheiriceá. Níor dhream mór scríofa litreacha imircigh na linne sin, go háirithe na fir, ach ba bheag duine nach scríobhfadh faoi Nollaig; mura mbeadh ann ach nóta gearr i dteannta an airgid a sheoltaí i gcónaí an tráth sin bliana.
An duine corr nach bhfuair aon litir faoi Nollaig bhí údar imní aige in áit údar gairdeachais, don fhéile. Ní hé go dtugadh daoine beaga rudaí mar sin faoi deara. Bhíodh i bhfad an iomarca airde acu ar a gcúrsaí tábhachtacha féin. Ach uaireanta chloisidís daoine móra ag déanamh trua dóibh siúd a bhí brónach faoi Nollaig.
Nuair a bhídís críochnaithe i dTeach an Phoist phlódaíodh na mná go léir, agus cuid de na fir, isteach sna siopaí. De bharr ghiorrú an lae thiteadh an oíche thar a bheith luath agus bhíodh deifir abhaile ar dhaoine, chun beithígh a bhleán agus suipéar a réiteach do pháistí. Thugtaí na hearraí aníos ón gcé faoi luas agus ansin theastaíodh gach uile rud ó gach uile dhuine lom láithreach. Aisteach go leor ní bhíodh gleo ar bith sna siopaí ach amháin nuair a thagadh fear go mbeadh cúpla deoch ólta aige isteach ag cuartú tobac faoi dheifir.
Dhéanadh na mná, ar dhá thaobh an chuntair, a gcuid gnó amhail agus dá mba ag éisteacht faoistine a bhídís.
Mheasfá gur faoi rún a bhí na hearraí á n-ordú, cé go rabhadar á gcarnadh ar an gcuntar os comhair a raibh ann. Go fiú nuair a bhí airde an chuntair sroichte agam bhí an ghráin agam dul ar theachtaireacht chuig na siopaí an tráth sin den tráthnóna, an tráth sin bliana. B’fhéidir gurb é sin an fáth gur furasta dom anois an tsoncáil a d’fhaighinn a thabhairt chun cuimhne, gan trácht ar bholadh na seálta báite as a raibh gal ag éirí sa teas, measctha ar bholadh arán úr agus ola an lampa a bhí crochta as lár na síleála os ár gcionn.
B’fhearr liom féin a bheith sa mbaile ag an tine ag léamh na bpáipéirí nuachta, de réir mar a bhíodh m’athair réidh leo. Nuair a sheoladh an bád go rialta d’fhaigheadh muid páipéirí an tSathairn, an Luain agus na Máirte, ar an gCéadaoin agus páipéirí na Céadaoine, na Déardaoine agus na hAoine ar an Satharn. Nuair a chailleadh sí lá nó dhó nó trí, rud nárbh annamh sa ngeimhreadh, mhéadaíodh an baisc páipéirí dá réir.
Ó m’athair a fuair mé mo dhúil i léamh páipéirí, mar chreid mo mháthair nach raibh iontu ach cur amú ama agus bealach éalaithe ó obair fhóintiúil. Bhíos in ann léamh sula ndeachaigh mé ar scoil agus measaim gur d’fhonn a bheith in ann páipéirí a léamh a rinne mé an iarracht, le cabhair mo thuismitheoirí.
Ba de bharr a bheith ag léamh páipéirí a fuaireas amach go raibh rud éigin as cor maidir le Deaide na Nollag. Bhíos thar a bheith fiosrach chomh fada siar agus a théann mo chuimhne. Rud ar bith nach raibh faoi ghlas agus an eochair faoi choinneáil, ní raibh sé saor ó m’fhiosracht.
Sliocht atá sa mhéid thuas as eagrán nua de An Nollaig Thiar le Breandán Ó hEithir (Cló Iar-Chonnacht, 2016)