Aisteoirí Bulfin 1967–2017: Caoga bliain ag dul ar stáitse
Tá 50 bliain a bhunaithe á cheiliúradh ag an gcomplacht Aisteoirí Bulfin i mbliana. Tugann Micheál Ó Gruagáin siar ar bhóithre na smaointe muid.
Bunaíodh Aisteoirí Bulfin mar chuid de Chraobh Liam Bulfin de Chonradh na Gaeilge a bhí bunaithe in Áras Bulfin i Lána na Réadóirí, Rath Maonais. Bhí scata againn ó Choláiste na hOllscoile, Gaillimh, inár gcónaí sa cheantar máguaird agus shocraíomar ar chlárú leis an gCraobh chun athnuachan a dhéanamh uirthi. Bhí mé féin, Séamus Ó Cinnéide, Liam Ó Dochartaigh agus Micheál Mac an Mhílidh (nach maireann) sa ghrúpa sin agus ní raibh aon smaoineamh againn ar dhul le drámaíocht. Ba é Seán Ó Briain, a bhí ag obair mar Thimire don Chomhairle Náisiúnta Drámaíochta ag an am, a tháinig sa tóir orainn agus a d’iarr ormsa arís is arís eile tabhairt faoi dhráma a chur ar stáitse. Ghéilleamar dó ar deireadh agus ba iad an chéad dá dhráma a léiríomar, faoi stiúir Sheáin, ná Chun na Farraige Síos le JM Synge agus Caitlín Ní Uallacháin le WB Yeats. Cuireadh an dá ghearrdhráma sin ar stáitse in Áras Liam Bulfin. Ba é Seán freisin a léirigh ár gcéad dráma fada, Sé Seo M’Oileán le Seán Ó Tuama, i 1968.
Ón tús bhí buntáiste ag Aisteoirí Bulfin go raibh ardchaighdeán Gaeilge sa chomplacht, go raibh sciar láidir de chainteoirí dúchais inár measc agus gur fheidhmíomar go hiomlán trí Ghaeilge. Bhí Cumann Drámaíochta Gaeilge láidir ag Coláiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, sna seascaidí agus sna seachtóidí agus tháinig go leor acu sin chuig Aisteoirí Bulfin nuair a d’fhágadar an coláiste. Ina measc, bhí Bearnard Mac Donnchadha, Nessa Ní Thuama, Eoin Bairéad, Nollaig Feirtéir agus Tony de Barra, a bhí mar phríomhléiritheoir againn go deireadh an chéid seo caite.
Ní bheadh Aisteoirí Bulfin in ann drámaíocht den chéad scoth agus clár saibhir drámaíochta a sholáthar murach go raibh an t-ádh dearg linn go raibh beirt de na drámadóirí Gaeilge is cumasaí sásta a saothar a roinnt go fial linn — Pádraig Ó Giollagáin ar feadh 30 bliain ó 1973 agus Aodh Ó Domhnaill go dtí an lá atá inniu ann.
Deinim amach gur léirigh Aisteoirí Bulfin thart ar 65 dráma le linn an 50 ó bunaíodh iad. Ina measc siúd bhí 12 saothar le Pádraig Ó Giollagáin agus 16 saothar ó pheann Aoidh Uí Dhomhnaill. Bhí sé riamh mar ghné thábhachtach de thraidisiún na drámaíochta Gaeilge meascán de bhundrámaí Gaeilge agus aistriúcháin ó theangacha eile a chur ar stáitse. I mír taighde a rinne mé féin le déanaí, as an 2,570 dráma a léiríodh i mBéarla in Éirinn, ba bhundrámaí Béarla iad 87% acu, agus bhí 13% ina n-aistriúcháin go Béarla ó theangacha eile. I gcás léirithe na Gaeilge, áfach, as an 796 dráma a cuireadh ar stáitse sa tréimhse chéanna, bundrámaí Gaeilge ab ea 45% díobh, agus aistriúcháin 48% ab ea díobh, agus geamaireachtaí ceoil ab ea 7% díobh. Tá rian láidir den traidisiún seo le feiscint i saothar Aisteoirí Bulfin thar na blianta. Cé gur tugadh tús áite i gcónaí do nuascríbhneoireacht na Gaeilge, níor deineadh neamhaird de thábhacht na n-aistriúchán. Cuireadh 15 aistriúchán ar stáitse de mhórshaothair ar nós The Crucible le Arthur Miller, Le Voyage de Monsieur Perichon le Labiche et Martin, The Weir le Conor McPherson, A Thief of a Christmas le Tom Murphy, At the Black Pig’s Dyke le Vincent Woods, The Risen People le James Plunkett agus drámaí gairide ó scríbhneoirí ar nós Wolf Mankowitz, Eugen Ionesco, Liam Ó Flaithearta agus WB Yeats.
Ó thús an chéid seo, tá béim ar leith curtha ag Aisteoirí Bulfin ar thraidisiún geamaireachta na drámaíochta Gaeilge (traidisiún a thosaigh le geamaireachtaí Amharclann na Mainistreach). Seasann drámaí áirithe amach — ceithre mhórdhráma le Pádraig Ó Giollagáin, Sinne Clann Tom, Craiceann, Parish House agus Siceágó, agus sraith de sheacht gcinn le hAodh Ó Domhnaill, Bertie Bush (2004), Mac an Stanley (2006 — bunaithe ar Der Dreigroschen Oper), An Campa (2008), Biffo Béar (2009), Gur Eile (2011), Laraedó (2013) agus 1915 (2015).
Thug Aisteoirí Bulfin dhá chéim thábhachtacha chun tosaigh ó thaobh na forbartha le deich mbliana anuas. Thosaíomar ar léiritheoirí gairmiúla a fhostú dár mórléirithe agus rinneamar na léirithe seo a stáitsiú thar ceithre nó cúig oíche in amharclanna proifisiúnta, chomh maith lena a thabhairt go Béal Feirste agus Taibhdhearc na Gaillimhe. Roimhe seo, bhíodh Aisteoirí Bulfin ag díriú ar fhéilte drámaíochta an Chomhlachais go háitiúil agus go náisiúnta agus ar léirithe tí aon oíche i Scoil Bhríde, Raghnallach. Leis an gcur chuige nua, táimid ár gcumasú féin mar aisteoirí, ag tabhairt ceart agus cóir do shaothar ár scríbhneoirí agus ag cothú lucht féachana leanúnach, dílis.
Tá gné láidir shóisialta ag baint le saol Aisteoirí Bulfin agus bíonn thart ar scór ball gníomhach sa chomplacht i gcónaí. Is breá linn a bheith ag taisteal chuig na féilte áitiúla is náisiúnta agus chuig amharclanna eile, ag bualadh le complachtaí eile, sna cheantair Ghaeltachta go háirithe. Tá cáil ar na Bulfínigh as oícheanta déanacha airneáin tar éis léirithe (agus uaireanta rompu) agus, ar ndóigh, tarlaíonn nithe aisteacha ó am go céile. Is cuimhin liom a bheith ar stáitse sa Rinn leis an dráma ceithre mhír Le Voyage de Monsieur Perichon sna seachtóidí. Tar éis Míreanna 1 agus 2, iarradh orainn sos a thógaint ionas go bhféadfaí teilifís a chur ar stáitse le go mbreathnódh an lucht féachana ar an Eurovision. Mhair an sos breis agus dhá uair an chloig! Chuaigh an chuid is mó den chliar go dtí Tigh an Cheoil — teach tábhairne mhuintir Chéilleachair. Nuair a d’fhilleamar ar an amharclann, chuireamar Míreanna 3 agus 4 ar stáitse le flosc is le luas, agus chríochnaigh an seó (a thosaigh ag 8i.n.) ag a haon a chlog ar maidin!
Is cuimhin liom freisin a bheith ag iarraidh saothar deacair tragóideach a stáitsiú i lár an tráthnóna i mBéal Átha an Ghaorthaidh agus fear le sábh slabhrach ag gearradh crainn le hais an halla ó thús go deireadh an dráma. Bliain eile go rabhamar ar Oileán Cléire, thosaigh an dráma de réir am Chléire thart ar 9.30i.n. agus tugadh síob dúinn ar tharracóir, tar éis seisiúin sa teach tábhairne, chuig Teach an tSagairt ina raibh dhá sheomra lán le le tochtanna againn mar lóistín.
Thug Aisteoirí Bulfin cúig cinn de thurais thar lear — Londain i 1991 le Jingle Bang Jangle, Páras i 1992 le Sinne Clann Tom, Boston i 1997 le Parish House, agus dhá thuras chuig Féile Idirnáisiúnta Drámaíochta i Muhlheim am Bach sa Ghearmáin, le Siceágó in 2003 agus Mac an Stanley in 2006. Is cuimhin liomsa an turas go Páras go háirithe mar gur thit Lá Fhéile Pádraig ina lár agus bhí geallúint tugtha againn do shagart sa Centre Culturel Irlandais go gcanfadh muid ag an Aifreann an mhaidin sin. Ní raibh sé curtha san áireamh againn go raibh an seó ar stáitse an oíche roimh ré agus go mbeadh ceiliúradh fiáin go mall san oíche againn (beidh cuimhne agam go deo ar Chóilín Boore ina sheasamh ar fhalla de cheann de dhroichid na Séine ag canadh go hard na spéire). Ní raibh sé ró-éasca an cliar a ruaigeadh as an leaba chun ár ndualgas spioradálta a chomhlíonadh. É sin ráite, d’éirigh linn an t-ionad a bhaint amach agus le tionlacan Ray Mac Mánais ar an orgán bhíomar in ann feidhmiú (ar éigean) mar chór, cé go rabhamar garbh go maith in áiteanna.
Ach ar deireadh thiar, is ar mhaithe leis an drámaíocht a thagaimid le chéile agus níor mhiste liom tagairt a dhéanamh don chur síos atá déanta orainn in Tuairisc Taighde Playography na Gaeilge 1975–2009 a d’eisigh Institiúid Téatair na hÉireann:
Meastar go bhfuil tábhacht ar leith lena shaothar ina iomláine ó tharla gurb iad Aisteoirí Bulfin an t-aon chompántas amharclannaíochta i mBaile Átha Cliath a bhí ag cur scríbhneoireacht agus léirithe nua as Gaeilge ar fáil ar feadh blianta fada, agus ó tharla go bhfuil an compántas ag leanúint de bheith ag léiriú saothar Gaeilge le breis agus daichead bliain.
Sinne an t-aon chompántas amaitéarach a luadh sa taighde, agus aithníodh go rabhamar ag tabhairt níos mó tacaíochta don nua-scríbhneoireacht ná go leor dreamanna proifisiúnta eile sna blianta beaga sular foilsíodh an taighde seo. Ach ní éireoidh le hAisteoirí Bulfin todhchaí na drámaíochta Gaeilge a chinntiú astu féin. Is scannal é nach bhfuil polasaí stáit nó soláthar cuí d’airgead stáit ar fáil don earnáil seo. Tuilleann Amharclannaíocht na Gaeilge aitheantas agus soláthar réasúnta airgeadais ón Stát ach ní féidir a bheith ag súil go leanfaidh scríbhneoirí ag saothrú na Gaeilge i bhfolús. Dúirt Celia de Fréine, a bhfuil níos mó ná a cion déanta aici do dhrámaíocht na Gaeilge le blianta, go poiblí i ndíospóireacht ar Dhrámaíocht na Gaeilge ag Scoil Samhraidh Notre Dame i mí an Mheithimh 2012:
I don’t intend to write any stage plays in Irish for the foreseeable future.
Má leantar ag déanamh faillí i scríbhneoirí na linne seo le heaspa tacaíochta agus easpa deiseanna léirithe proifisiúnta, cad as a thiocfaidh an chéad ghlúin eile de dhrámadóirí na Gaeilge?
Beidh oíche cheiliúrtha agus comóradh 50 bliain Aisteoirí Bulfin san Axis i mBaile Munna ag 7.30 i.n ar an 25ú Márta 2017. Tuilleadh eolais agus ticéid ar fáil anseo.