An Cúigiú Colúnaí

An chéad cheannaire eile

Is cosúil gur leascheannaire agus iar-leascheannaire is mó atá á lua mar chomharba ar Edel Ní Chuireáin in RTÉ Raidió na Gaeltachta. Mar a luamar anseo an mhí seo caite is é is dóichí ná a mhalairt go bhfógróidh ceannaire an Raidió go bhfuil sí ag éirí as a cúram go luath chun bogadh ó thuaidh go dtí stáisiún na nDoirí Beaga.

Is iad Leascheannaire RnaG Gearóid Mac Donncha agus iar-leascheannaire an stáisiúin, Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Rónán Mac Con Iomaire rogha na coitiantachta don phost.

Tá sé luath san imirt fós, ach d’fhéadfadh go bhfuil ‘derby’ Chonamara romhainn.

Beidh tuilleadh faoin scéal seo ar nuacht an iarthair ar ball…

Gaeilge Licken

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Seán Kyne, go bhfuil ‘neart Gaeilge’ ag Katherine Licken atá ceaptha sa phost is sinsearaí sa státseirbhís ó thaobh na Gaeilge agus na Gaeltachta de.

Dúirt an tAire Stáit go bhfuil ‘grá don Ghaeilge’ ag Ard-Rúnaí nua na Roinne Ealaíon, Oidhreachta, Gnóthaí Réigiúnacha, Tuaithe agus Gaeltachta.

Cén fáth mar sin gur thug lucht na Roinne féin le fios i ndiaidh a ceapacháin gur beag Gaeilge a bhí ag Licken.

Scéal chearc an phrompa?

Pé scéal é, is cosúil go bhfuil an ceart ag an Aire.

Deir foinsí an Cúigiú Colúnaí go bhfuil ‘neart Gaeilge’ ag an Ard-Rúnaí nua, a bhfuil ‘socruithe’ déanta cheana féin aici ‘le teagasc a fháil’, de réir na Roinne.

‘Ní bheidh sí sa bhunrang ná baol air, cuirfidh mé mar sin é,’ arsa foinse amháin linn.

Gan a cuid Gaeilge a bhac in aon chor, deir daoine eile a d’oibrigh le Licken agus í sa Roinn Cumarsáide gur bean chumasach thuisceanach í nach ligfidh an teanga ná an Ghaeltacht síos.

Cuirfear a céad scrúdú uirthi anseo lá níos faide anonn.

Ag ceiliúradh deireadh Sheachtain na Gaeilge…

Tháinig deireadh le déanaí le Seachtain na Gaeilge 2017 agus, mar a dhéanann sé i gcónaí an tráth seo bliana, lig an Cúigiú Colúnaí osna mhór faoisimh uaidh.

Ní fhéadfaimis é a sheasamh níos mó.

Bíonn ‘an fhéile idirnáisiúnta’ seo mar a bheadh pionós ann gach bliain dár leithéid.

Anois, ní fhéadfá a rá faoin gCúigiú Colúnaí nach bhfuil aon acmhainn aige ar an gcacamas.

Tá a fhios ag mac Dé, go gcuireann sé suas le go leor de.

Ach is ainmhí de chineál eile ar fad Seachtain na Gaeilge.

Tá a fhios agam, tá a fhios agam…

Níl aon dochar inti. Tá sí níos fearr ná dada. Cuireann sí i gcuimhne don phobal go bhfuil teanga eile againn ar oileán seo na naomh agus na n-ollamh. Deis cheiliúrtha atá ann. Táimid i bhfad róshoiniciúil.

Is fíor sin ar fad. Go pointe.

Ach is fíor chomh maith go ndéanann Seachtain na Gaeilge, adhradh ar na rudaí sin ar fad ar cheart dúinn a bheith ag cur ina gcoinne: an béalghrá, an gearr-radharc, an sop in áit na scuaibe, na gothaí móra gan aon chur leis.

An cúpla focal Gaeilge sa Dáil agus ar RTÉ. An tvuít as Gaeilge ag an gcomhlacht poiblí. An t-alt faoin nGaeilge ar an nuachtán náisiúnta. An leagan Gaeilge den amhrán nach raibh mórán maitheasa leis an leagan Béarla de.

‘Creidim gur meicníocht iontach í Seachtain na Gaeilge chun an Ghaeilge a chur chun cinn i measc réimse leathan den phobal,’ a dúirt Aire Stáit na Gaeltachta sa Seanad.

Bhuel, is ‘meicníocht iontach’ caint mar sin chun an Cúigiú Colúnaí a chur le báiní.

‘Is lá maith é seo agus is seachtain iontach í. Lá stairiúil é i mbealach,’ arsa an Seanadóir Joe O’Reilly an lá céanna.

Lá stairiúil, mura miste leat! Agus gan dabht lá stairiúil a bhí anuraidh ann agus lá stairiúil a bheidh ann arís an bhliain seo chugainn.

Tá an chuid eile den script ar eolas go maith ag léitheoirí an Cúigiú Colúnaí.

Seoid náisiúnta í an Ghaeilge. Cuid thábhachtach dár n-oidhreacht í. Tá dualgas orainn ar fad níos mó a dhéanamh ar a son. Tá an Straitéis 20 Bliain á cur i bhfeidhm againn! Níl an Straitéis 20 Bliain á cur i bhfeidhm agaibh! Dhera, ná stopadh sibh, seo Seachtain na Gaeilge, bíodh a fhios agaibh! Agus an ndúirt mé gur seoid náisiúnta í an Ghaeilge?

Agus mar sin de, agus a leithéid, agus araile agus feicfidh mé arís sibh an bhliain seo chugainn…