An Balún Dearg
Ciara Imelda Ní Uaidínle Ciara Imelda Ní Uaidín
Dóchas agus gliondar
Ins an mbalún dearg
Is gasúr arís mé
Le mo bhalún dearg.
Ribín oráiste is mé a bhí cráite
Ach níl a thuilleadh
Le mo bhalún dearg.
Taobh thiar díom ar an rothar
Ag eitilt, saor sa ghaoth;
Dóchas agus gliondar ar
Gach éinne a chíonn é.
Ciara Imelda Ní Uaidín