Smugairlí (róin) agus sona

le Ciara Imelda Ní Uaidín

Nádúr na farraige

Teas i mo cholainn

Rithim nádúrtha

Le smugairlí róin,

Éisc is feamainn.

Salann agus saoirse,

Nádúr na farraige

is sonas i mo chroí.