An Balún Dearg

le Ciara Imelda Ní Uaidín

Dóchas agus gliondar

Ins an mbalún dearg

Is gasúr arís mé

Le mo bhalún dearg.

Ribín oráiste is mé a bhí cráite

Ach níl a thuilleadh

Le mo bhalún dearg.

Taobh thiar díom ar an rothar

Ag eitilt, saor sa ghaoth;

Dóchas agus gliondar ar

Gach éinne a chíonn é.