Cogar

Cogar

Gearrscéal nua le Féilim Ó Brádaigh

Chorraigh an ghaoth na sceacha ar nós méar trí ghruaig leannáin. Chuir sí an féar ag damhsa go héadrom faoin spéir liath. Thuas go hard, luasc géaga na darach. Thit duilleog anuas tríd an aer ó am go ham ina taibhse samhraidh, an talamh fúithi ag fanacht mar ’bheadh béal foighneach. Taobh istigh, bhí na buachaillí ina suí go ciúin, bliain eile scoile amach rompu.

Ba bheag buachaill a thug aird ar an radharc. Ach ghéill Rúán dá mhealltacht faoi choim. Bhraith sé, ar chúis ait éigin nár thuig sé, gur chosúil go raibh an ghaoth ag cogarnaíl, ag labhairt b’fhéidir. Ag labhairt leis. An ghaoth ina bean álainn, cónaí uirthi i dTír na nÓg, ag labhairt le daoine sa saol duthain trí chogair bhoga bhídeacha.

Rinne an múinteoir casacht obann. Baineadh geit as Rúán. Droim an mhúinteora casta fós. Osna faoisimh. Thóg Rúán faoi ndeara go raibh gach duine eile ag scríobh. Thosaigh sé ag líonadh a chóipleabhair bháin díreach is a chas an múinteoir timpeall. Osna faoisimh eile.

Bhí súile Rúáin anois dírithe ar an bpáipéar – dúch dhubh ag ionradh bháine an leathanaigh. De réir a chéile, nocht alltacht éigin ina shúile glasa, scáth éigin a scaip, a d’ionsaigh an páipéar le peann – lig an ghaoth osna bhorb. Shíl Rúán gur chuala sé cogar ina chluas…

Is iad ag bailiú isteach i ndiaidh an lóin, bhí an rang anois beo is fiáin. Léim buachaill éigin in airde ar bhord, ag bualadh a chliabhraigh, ag screadaíl in ard a ghutha. Ghlac fórmhór an ranga páirt sa ruaille buaille seo, is de réir a chéile ba chosúil nach rang scoile ach zú a bhí sa seomra. Shiúil Rúán tríd an scata le meangadh éadrom ar a aghaidh, a chloigeann á chroitheadh. Leag sé lámh ar a chathaoir, a shúile dírithe ar an dúlra amuigh a bhí báite anois faoi iomlán gréine, gan ghaoth ar bith.

‘Céard ’tá amuigh ansin, a Rúáin, do bhuachaillchara?’ a d’fhiafraigh a chara Séamas.

‘Ní hea, a Shéamais.’ Chas Rúán, cuma shotalach ar a aghaidh, ‘ach do dheirfiúr álainn féinig.’

Phléasc an zú, na buachaillí ag damhsa thart timpeall Shéamais cosúil le sicíní gan chloigne, is meangadh beag searbh ar a aghaidh siúd.

Is Rúán i lár gáire, tháinig an príomhoide isteach sa rang mar a bheadh leon ar thóir bricfeásta.

‘A ÍOSA, ’MHUIRE IS A IÓSAIF, céard atá ag tárlú istigh anseo?!’

Ciúnas tite ar nós tintrí. Ní zú anois, ach iarsmalann na ndealbh. Shiúil an príomhoide le coiscéimeanna malla i dtreo bharr an ranga. ‘Má chloisimse focal… fuaim… PÍPÍN amháin eile ón rang seo is sibh ag fanacht ar an máistir… Beidh an rang UILIG ar choinneáil. ’dTuigeann sibh?’

Dealbha gan chumas cainte.

‘AN DTUIGEANN SIBH?!?!’

‘Tuigeann… Tuigeann.’ Na mílte tuigeann scaoilte go tobann.

‘Suígí.’

Shuigh.

Is Rúán ar a bhealach abhaile, bhí an ghrian fós ag lonrú. Nuair a d’fhág sé a chairde taobh amuigh den scoil, chas sé, is sháigh an solas a shúile ar nós scine. D’fhéach sé ar an talamh ar feadh cúpla soicind sula raibh sé in ann aghaidh a thabhairt ar an gcosán arís. Ar chúis éigin, chas sé chun súil a chaitheamh ar an scoil uair amháin eile: páirc álainn na sceach is na darach, an foirgneamh mór liath. Ach tharraing rud éigin eile a aird – an bhratach thrídhathach ag crochadh ón gcrann brataí. Í sleabhctha is socair faoi sholas na gréine. Í gan chorraí. Chas Rúán is lean ar a shlí. Nóiméad níos déanaí, shéid an ghaoth in athuair.

Shiúil Rúán go giodalach tríd an teach, ceapaire nuadhéanta ina lámh. Taobh amuigh, bhí an ghaoth ag éirí, ach ba chuma leis. Bhí sé ar fán ina chuid smaointe. Bhí a dheartháir mór amuigh ag obair, a mháthair ag siopadóireacht is dócha, is a athair fós san ospidéal. Obráid le bheith aige thart ar an am seo, ceann eile. An raibh sé le teacht abhaile inniu? Níor chuimhin leis. D’fhill Rúán ar a ghnáthsmaointe: an tionscnamh a bhí le déanamh; an cailín álainn lenar labhair sé ag an aifreann, is a gruaig fhada dhubh; a phleananna don deireadh seachtaine; an ghaoth inniu…

Scread an ghaoth go tobann lasmuigh. Ar nós scread ainmhí éigin. Ansin imithe. Ar nós mná sí. Thóg sé cúpla coiscéim, scaoil sé osna –

Chuala fuaim thuas staighre. Coiscéim nó dhó, a shíl sé.

‘Áá… A Mham?’

Freagra ar bith.

‘’Mham, bhfuil tú ann?’

Thosaigh sé ag siúl suas an staighre. Freagra ar bith. Shroich Rúán ceann an staighre. Uair amháin eile –

‘’Mham?’

‘Níl ann ach mé féin, a Rúáin,’ a d’fhreagair guth suaimhneach a athar, taobh thiar de dhoras dúnta sheomra a thuistí.

Scaoil Rúán osna is bhog i dtreo an dorais. Leag a lámh ar mhurlán an dorais. Ag fanacht ar chuireadh nár tháinig.

‘’Íosa Chríost, bhain tú geit asam. ’Bhfuil tú ceart go leor? ’Tú críochnaithe san ospidéal?’

‘Tá, ah tá,’ a d’fhreagair a athair go mall, ‘an príomhrud atá uaim anois ná codladh deas fada. Tá tuirse orm.’

‘Tuigim, tuigim… Cupán tae uait nó aon rud?’

‘Níl, go raibh maith agat.’

Ciúnas míshocair.

‘Fágfaidh mé leat é mar sin, a Dhaid. Oíche mhaith, is dócha…’ Mhothaigh sé ait leis an solas fós ann taobh amuigh.

‘Codladh sámh, a mhac.’

Leis sin, d’fhill Rúán anuas an staighre. Dhírigh sé ar an obair. Laistigh de chúpla nóiméad bhí sé báite go dtí na súile inti. D’oibrigh sé go crua, ach d’éirigh tuirse ann go mall, mar a bheadh sé ag titim faoi dhraíocht ag siosarnach coille i bhfad uaidh. Lean an ghaoth uirthi ag séideadh taobh amuigh. D’éirigh sí in airde, ach de réir a chéile thit Rúán i suan. Shéid an ghaoth go bog ina chluasa, ag miurniú chrainn a bhrionglóide le cogar.

Shiúil Rúán leis ar a shuaimhneas tríd an gcoill, an féar faoina chosa nochta chomh bog le clúmh. Shín glaise na gcrann anuas air, ag bogadh leis an ngaoth, na duilleoga ag cuimilt a aghaidhe go bog. Ansin, ní sa choill a bhí sé a thuilleadh ach ar thaobh locha. Loch sámh a chaith scáil airgid na spéire. Shiúil Rúán i dtreo an locha, a chosa ag sleamhnú tríd an ngaineamh bog bán.

D’airigh sé corraí ar bhruach eile an locha. Chonaic bean óg. Gúna fada, bán uirthi. Gruaig chomh dubh le préachán. Aghaidh álainn, chomh bán le sneachta, lán le beocht. B’aingeal í. Ba spéirbhean í – galánta, sochma…

D’fhéach Rúán isteach ina súile glasa. Shiúil sé ina treo. Faoi dhraíocht. Isteach san uisce. Ach ba chuma. Níor airigh sé aon rud a thuilleadh seachas amharc na mna óige, meangadh beag ar a haghaidh bhán. An t-uisce ag druidim lena chliabhrach.

Chlaon sé a cheann. D’fhéach síos ar a scáil. A aghaidh… Ní hea –

Aghaidh a athar.

Éirigh…

Éirigh a Rúáin…

Dhúisigh Rúán le hanáil dhomhain. A chlár éadain báite le hallas. D’ardaigh sé a chloigeann óna leabhar. Bhí a chroí ag bualadh go tapaidh, ina mhacalla ar an mbáisteach a bhí ag titim lasmuigh. Bhí an solas liath fillte, é lag, réidh le claochlú isteach i nduibhe na hoíche. D’fhéach Rúán timpeall, is chuir a lámh ar a aghaidh. Bhí cuimhne na brionglóide ag sleamhnú uaidh go tapaidh. Scaoil sé gáire beag is é ag cuimhneamh ar an gcailín. Ach críoch na brionglóide – a athair? Ag glaoch air? An raibh sé ag glaoch air sa bhfíorshaol is é ina chodladh?

D’éirigh sé, is chuaigh i dtreo an staighre. Dhéanfadh sé seiceáil air, chun a bheith cinnte. Cén dochar… céim ar chéim suas an staighre… macalla trom le gach coiscéim… chomh trom le buille a chroí… titim na báistí á thionlacain…

Shroich sé ceann an staighre.

Ciúnas.

Chnag sé go cúramach ar dhoras sheomra a thuistí.

‘A Dhaid… ’raibh tú ag glaoch orm?’

Ciúnas.

‘A Dhaid?’

Leag Rúán lámh ar mhurlán an dorais.

‘A Dhaid…’

D’oscail Rúán an doras.

Bhí an seomra folamh. An leapa fós cóirithe. Sheas Rúán ag stánadh. Níor thuig sé.

Ansin, faoi cheol na báistí, chuala sé gluaisteán ag teacht isteach sa chlós. Thosaigh sé ag siúl go mall anuas an staighre, mearbhall fós air, ach buairt de chineál éigin ag borradh ann anois. Thapaigh a anáil. Ag rith anois a bhí sé, a choiscéimeanna ina ndrumaí cogaidh ag bualadh is ag bualadh le foréigean. Shroich sé bun an staighre. D’oscail doras an tí is rith amach sa bháisteach.

Bhí a mháthair is a dheartháir ag siúl ina threo. Bhain aghaidh mhílítheach a mháthar geit as. Chuir a ghruaig dhubh rud éigin i gcuimhne dó… Níor chuimhin leis. Préachán ag cágaíl i bhfad uathu. D’oscail a mháthair a béal:

‘Rúán… Táimid… dod‘ lorg an tráthnóna ar fad… cheapamar go raibh tú ag traenáil peile –‘

‘’Mham,’ bhris Rúán isteach uirthi, ‘Céard ’tá cearr? Cá bhfuil Daid?’

D’fhéach sé ar a dheartháir. Súile dearga.

‘Ar shlí na fírinne, a Rúáin…’

Tocht i scornach Rúáin.

Báisteach ag titim anuas orthu.

‘Ar maidin… theip ar an obráid.’

An domhan reoite. Gach rud socair. Ciúin. Báisteach bhalbh. Dath an bháis ar na haghaidheanna os a chomhair. Ciúnas. Ciúnas.

Thosaigh na deora ag sileadh. Shleamhnaigh an beocht amach as chuile rud i dtuile mhór thobann. Rúán tite ar a dhá ghlúin. Buille a chroí mar a bheadh fuaim eachtrannach éigin ina chluasa. Éagaoin ag briseadh óna bhéal.

Ansin stop sé. Thug aghaidh ar a dheartháir. Bhraith Rúán an fhuil go léir ag sileadh óna aghaidh.

‘Ar maidin?’

Chlaon a dheartháir a cheann go mall.

‘Sea,’ – feitheacha Rúáin ag reó – ‘timpeall a haon déag.’

‘Ach…’ rinne Rúán iarracht labhairt. Theip air. ‘Ach…’

Chrom a mháthair síos chun a lámha a chur thart timpeall a mhic. Chaoin sí. Chaoin a dheartháir. Rúán ina staic. A aghaidh chomh bán le taibhse.

Tórramh. Sochraid. Adhlacadh.

Comhbhrón. Comhbhrón.

Imithe.

Chuaigh tamall fada thart go dtí gur imigh brat an chiúnais de shaol Rúáin, brat na fuachta, a chaith scáth ar chuile rud ina thimpeall, chuile smaoineamh a tháinig is a d’imigh óna intinn. Is nuair a d’imigh sé ar deireadh, bhraith Rúán rudaí áirithe á bhíogadh arís: canadh na n-éan go moch ar maidin, nó slaparnach thonnta na mara. Ach, thar aon ní eile, chuaigh cogar na gaoithe i bhfeidhm go mór air. Lá i ndiaidh lae, tháining sé ar thuiscint.

Níor labhair Rúán riamh mar gheall ar an ‘gcomhrá’ a bhí aige lena athair an lá sin. Eatarthu beirt a bhí sé. Agus eatarthu beirt a bhí an tuiscint nua a tháining chuige. Thuig sé anois cén fáth ar thosaigh sé ag éisteacht leis an ngaoth an lá sin ar scoil, gur chosúil go raibh an ghaoth ag labhairt leis – a athair a bhí ann.

Agus bhraith sé ar a shuaimhneas anois leis an tuiscint nua seo. Thuig sé céard a bhí le déanamh aige lena shaol. Thuig sé nuair a chloisfeadh sé cogar na gaoithe ar maidin is istoíche, díograis ag borradh ina chroí, alltacht úrnua ina shúile –

Éirigh…

Éirigh a Rúáin…

As sin amach, ba bhreá leis nuair a chroitheadh an trídhathach sa ghaoth.