Leabhair na Bliana 2018

Máirín Nic Eoin
Leabhair na Bliana 2018

Cuid de na leabhair a chuaigh i bhfeidhm ar ár léirmheastóirí in 2018...

Tionscnaíodh ‘ré úr i bprós na Nua-Ghaeilge’ sna seascaidí, go háirithe in iarracht Bhreandáin Uí Dhoibhlin chun ‘reflective and discursive style’ (dar le hEoghan Ó hAnluain) a chruthú. Lean sé d’athmhúnlú na teanga bíobalta próis ó shin. Saothar úrscéalaíochta uaillmhianach é Sliocht ar Thír na Scáth (Coiscéim 2018) faoi argain stairiúil Chogadh na Naoi mBliana (1594-1603). Sna ceithre roinn dea-shaoirsithe rianaítear saol coscrach na gcarachtar. Osclaíonn an príomhcharachtar Giolla Chríost bealach dóchais ar ceacht dúdheacair é i dTír Eoghain (contae dúchais an údair) nó aon áit. Níl réiteach i ndán dúinn ‘gan ár n-aigne a ghlanadh ón bhfearg, ón bhfuath, ón bhfonn díoltais’. Tarraingíonn an t-úrscéalaí ar mhúineadh an fhealsaimh Paul Ricoeur (1913-2005) faoin gcoilíneachas. Tá béim an leabhair ar chumas inmheánach na Gaeilge féin—cumas nár chailleamar san uafás. An fada idir cleachtas an Doibhlinigh agus dearbhú an Chadhnaigh, ‘Sí an Ghaeilge athghabháil na hÉireann, agus is í athghabháil na hÉireann slánú na Gaeilge’?

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Máirín Nic Eoin

Is Ollamh Emeritus i gColáiste Phádraig, Droim Conrach/DCU í Máirín Nic Eoin.