Áine Ní Ghlinn

Tá 30 leabhar scríofa ag an scríbhneoir, léachtóir agus craoltóir Áine Ní Ghlinn go dtí seo. Ina measc seo tá scéalta, filíocht agus drámaí do léitheoirí óga chomh maith le húrscéalta agus filíocht do dhéagóirí agus do dhaoine fásta. Chaith sí roinnt blianta ag obair mar iriseoir le RTÉ agus Raidió na Gaeltachta. Faoi láthair roinneann sí a cuid ama idir léachtóireacht in DCU, ceardlanna scríbhneoireachta i ngaelscoileanna agus scoileanna Gaeltachta agus a cuid scríbhneoireachta féin. Tá go leor gradam buaite aici dá saothar.

Ailt in Comhar (8)

Tús Comhrá

Ba é a spreag eagrán speisialta na míosa seo ná an mórthaispeántas nua, ‘Máirtín Ó Direáin: Fathach File/Reluctant Modernist’ a osclaíodh le deireanaí in Ollscoil na hÉireann, Gaillimh, le comóradh a dhéanamh ar ‘athair na nuafhilíochta Gaeilge’ tríocha bliain i ndiaidh a bháis ar an 19 Márta 1988.