Dialann Mo Mháthar  

Áine Ní Ghlinn
Dialann Mo Mháthar  

Léirmheas le Áine Ní Ghlinn

Pádraic Breathnach Cló Iar-Chonnacht €12

Ní go rómhinic a bhaineann úrscéal deoir asam. B’in a tharla, áfach, agus Dialann mo Mháthar le Pádraic Breathnach á léamh agam. Is fada ó chuaigh leabhar i bhfeidhm chomh mór sin orm ach chaoin mé uisce mo chinn agus mé meallta isteach i scéal agus i saol truachroíoch na gcarachtar. Ní haon ionadh gur bhain an t-úrscéal seo an chéad duais i gcomórtas úrscéalaíochta an Oireachtais, 2016.
Scéal brónach, corraitheach é Dialann Mo Mháthar – ‘scéal frithrómánsúil’ dar le duine de mholtóirí an Oireachtais. Dar liom féin, is scéal é a léiríonn tuiscint iontach ar chaidreamh pósta a chlis agus ar an tionchar a bhíonn ag an mbriseadh síos sin ar an gcuid den teaghlach atá fágtha.
Caidreamh pósta ag titim as a chéile de bharr mídhílseacht phósta, fear céile nach dtuigeann an focal ‘freagracht’ agus nach bhfuil in ann glacadh lena chuid dualgas mar athair, máthair ag iarraidh páistí a thógáil léi féin ar bheagán airgid (agus ar níos lú tacaíochta), iarfhear céile agus a pháirtí nua ag iarraidh dul san iomaíocht léi agus bronntanais luachmhara á gceannach acu do na páistí. Bicíní á cheannach acu don iníon is sine, Éabha, nuair a thuigeann siad go maith nach bhfuil a leithéid ceadaithe ag Mamaí. Seo cuid de na heachtraí atá cíortha i Dialann Mo Mháthar agus iad cíortha go cúramach, tuisceanach trí shúile na mban.
Mura mbeadh ainm an údair feicthe ag an léitheoir, seans maith go mbeadh sé nó sí ag glacadh leis gur bhean a scríobh. Níorbh ea, ar ndóigh, ach fear a léiríonn dúinn go dtuigeann sé meon agus croí na mban atá múnlaithe aige, fear a chruthaíonn go bhfuil sé in ann dul isteach in intinn mná agus labhairt go soiléir, go héasca agus go compordach ina guth siúd.
Beirt bhan – máthair agus iníon – a chuireann an scéal inár láthair agus éiríonn le Pádraic Breathnach dul ó ghuth go guth gan stró.
An mháthair atá i gceist anseo ná Péarla Caomhánach a choinnigh dialann ina raibh cuntas ar a saol le Sylvester Goldsmid – an saol a chaith sí leis sular phós siad, an saol pósta a chaith siad lena chéile agus an saol a bhí ag Péarla tar éis do Sylvester imeacht le bean eile.
Tháinig iníon Phéarla - Éabha - ar dhialann seo a máthar “thuas sa lota… fillte in éadach glas” fiche bliain tar éis do Phéarla bás a fháil.
Tá sí anois á léamh agus cuntas á thabhairt aici dúinne ar a bhfuil ann. Ar an gcaoi seo, anuas ar scéal na máthar, feicimid an tuiscint atá ag Éabha ar an scéal sin anois agus an dialann á léamh aici mar aon lena heaspa tuisceana ar eachtraí na dialainne agus í ina cailín óg.
Agus í ina páiste, b’fhearr léi an tuismitheoir a raibh airgead aige agus a bhí in ann í a thabhairt ar saoire. B’fhearr léi an bhean eile, Nadine, a bhí in ann bicíní agus bráisléad agus éadaí deasa a cheannach di. Nuair a dúirt Péarla léi nárbh í Nadine a máthair, an freagra a bhí ag Éabha óg ná: “Bhuel is é an trua é. Caitheann sí cumhrán. B’fhearr liom ná tusa í.”
Ag an am thuigeamar fearg an chailín óig a raibh a saol iompaithe bunoscionn. Thuigeamar freisin croíbhriseadh na máthar a chuala an méid seo. Anois, áfach, airímid ó ghuth Éabha go bhfuil – tríd an dialann seo - dearcadh agus tuiscint eile aici i leith a máthar.
Fágann na guthanna éagsúla seo go bhfuil an scéal mar a bheadh bábóg Rúiseach ina bhfuil bábóg taobh istigh de bhábóg taobh istigh de bhábóg ... Éabha ina páiste, Éabha anois ina bean fhásta ag léamh dialann Phéarla, Péarla ag insint a scéil sa dialann, Péarla ag amanna éagsúla dá saol – cuid acu sona agus cuid acu uaigneach. Trí Éabha agus Phéarla, cloisimid guth Sylvester freisin (móide roinnt guthanna eile).
Éacht déanta ag Pádraic Breathnach leis na carachtair agus na guthanna seo ar fad. Gach duine acu éágsúil, gach duine acu inchreidte agus ‘iomlán’ mar dhuine.
Níl focal ná líne amú san úrscéal seo. Is cuma Péarla a bheith ag caoineadh go fras agus fios aici go bhfuil bean eile ag a fear céile nó í a bheith ag scamhadh fataí sa chistin, tá gach gníomh beo. Cuma Sylvester a bheith ag iarraidh chuile shórt “a mhíniú di” nó é ag iarraidh a ligean air go bhfuil gach rud ceart go leor, tá gach focal roghnaithe le cúram.
Ní théann Pádraic Breathnach thar fóir le haidiachtaí. Is cineál stáitse é gach leathanach agus cuireann sé an dráma ar stáitse dúinn. Feicimid agus airímid gach rud seachas a bheith ag éisteacht le cur síos dara láimhe.
Airímid, mar shampla, an teannas nuair a thagann Sylvester isteach agus é tar éis a admháil tamaillín roimhe sin nach raibh sé dílis do Phéarla.
Nuair a thagann sé isteach sa chistin, siúlann Péarla uaidh isteach sa seomra suí. Agus eisean ag déanamh muga tae dó féin sa chistin, cloiseann sise “an buacaire uisce ar siúl, an t-uisce ag doirteadh isteach sa túlán.”
‘Cé go raibh sí ag stánadh ar an scáileán teilifíse ní raibh sí ag breathnú ar thada, a haigne maol.’
Fanann Sylvester amuigh agus é ag ól a chuid tae -
‘Blogaim mhóra á sú isteach ina bhéal, á ligean síos a scornach, é ag brúchtaíl aeir amanta, ag fústraíl sa chathaoir, gur sheas sé, gur shiúil sé; gur thug sé cineál glanadh dá mhuga…’
Cloisimid, feicimid agus airímid an teannas anseo amhail is dá mbeimis sa chistin leis agus airímid croíbhriseadh Phéarla amhail is dá mbeimis sa seomra suí léi siúd.
Seo mar atá tríd síos. Trí shúile agus trí ghuth Éabha, cuirimid aithne ar Sylvester agus ar Phéarla, cloisimid a nguthanna agus tugtar isteach ina gcloigne agus ina gcroíthe muid. Seasann agus siúlann gach duine acu beo beathach os ár gcomhair amach. An t-úrscéal seo chomh beo bríomhar agus chomh lán d’aicsean le scannán ar bith. B’fhéidir go mba cheart do TG4 súil a chaitheamh air mar ábhar scannáin.

Áine Ní Ghlinn

Léachtóir, iriseoir agus scríbhneoir í Áine Ní Ghlinn.