LIAM Ó MUIRTHILE 1950-2018

Seán Tadhg Ó Gairbhí
LIAM Ó MUIRTHILE 1950-2018

‘Is duine é an scríbhneoir ar mó dua a chuireann an scríbhneoireacht air ná ar dhaoine eile,’ arsa Thomas Mann.

B’amhlaidh an scéal i gcás Liam Uí Mhuirthile, duine de mhórscríbhneoirí na hÉireann.

San eagrán speisialta seo de Comhar, tugann ár meitheal scríbhneoirí léargas gléineach dúinn ar fhairsinge thaibhsiúil shaothar an Mhuirthiligh, ach is díol suntais ann féin líon na dtagairtí acu don díograis agus don dúthracht neamhghnách a léirigh sé ina chuid oibre.

Ceardaí coinsiasach focal ab ea é ‘a chaith an dua céanna leis na colúin agus a chaith sé le gach pioc eile dá chuid scríbhneoireachta’, mar a deir Alan Titley ina aiste siúd.

Agus, mar a mheabhraíonn an Titlíoch dúinn, ‘scríbhneoir is ea scríbhneoir’.

Tugann Peter Sirr suntas dá ‘ghéire’ is a bhí aird an Mhuirthiligh ‘ar chuile ghné den obair’ agus ‘a thábhachtaí’ is a bhí sé dó ‘go gcuirfí in iúl san aistriúchán gach nuance sa bhundán’.

Is mar cheardaí go smior a shamhlóidh Liam Carson a chara feasta chomh maith, ‘peann ina lámh’ aige agus é ag ‘luí isteach ar an obair arís eile’.

Mar a chéile atá an Muirthileach a chastar orainn in aiste Claire Dunne, an cháiréis chéanna á léiriú aige agus na focail á meá sa seomra ranga aige.

Focal níor chuala Eoghan Harris ar feadh ocht mbliana faoi fhiontar litríochta áirithe a bhíodh á phlé aige lena chara nó gur tharraing an Muirthileach anuas arís leis é tamall sular cailleadh é. Ní raibh dearmad déanta ag Liam ar an gcúram ná baol air: b’amhlaidh gur ag gor ar an scéal a bhí sé i rith an ama sin go léir.

Agus é faoi agallamh ag Caitríona Ní Chléirchín, dúirt Liam féin go bhféadfadh ‘an saol a bheith ina phaidir, gach cuid den lá’.

Tuiscint W.H. Auden ar an bpaidreoireacht a bhí i gceist aige: ‘[a] selfless attention to the task at hand’.

Is léir an ‘selfless attention’ sin i ngach cuid de shaothar Liam, ach is bocht an phaidir nach ndéantar ach í a aithris go cáiréiseach.

Slí eile chun paidreoireachta a bhí ag Liam dúinn.

Deir Alan Titley ‘nach malairt ar thinfeadh ná ar inspioráid í an cheardaíocht: is comhlánú é’.

Cruthúnas ar fhírinne an ráitis sin iad filíocht, prós agus drámaíocht Liam, scríbhneoir a d’éiligh an t-ardchaighdeán céanna ón mbé agus a bhaineadh sé féin amach.

Is fíor do Chaoimhín Mac Giolla Léith gur iomaí cúis gur tubaisteach an chailliúint é Liam Ó Muirthile, ach bímis buíoch gur chruthaigh sé ‘a chomharthaíocht féin’ fan na ‘slí nár léir i gcónaí a brí’.

Bainimis leas as an gcomharthaíocht sin a chuir sé ar fáil dúinn. Léimis a shaothar, agus éistimis chomh maith lena thuairiscí ó ‘gharbhchríocha na daonnachta’, mar a chomhairlíonn Ailbhe Ní Ghearbhuigh dúinn.

Leanaimis isteach sa bhforaois é, mar a mholann Gabriel Rosenstock.

Ragham amú tamall eile ina theannta ar oilithreacht an tsaoil.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie