Tine chnámh lasta - drámaí Liam Uí Mhuirthile

Pádraig Ó Siadhail
Tine chnámh lasta - drámaí Liam Uí Mhuirthile

Mel Mercier (stiúrthóir ceoil), Bríd McCarthy (aisteoir) , Brian Thunder (aisteoir), Máire Ní Ghráinne ( aisteoir), Liam Ó Muirthile, Mary Ryan ( aisteoir), Cathy Belton ( aisteoir), Diarmuid de Faoite( aisteoir), Clíodhna Ní Anluain ( léiritheoir) Ina suí: Marcus Mac Conghail ( léiritheoir stáitse), Leonore MacDonagh ( dearthóir feistis) Seán Ó Briain ( aisteoir), Michael Scott ( stiúrthóir)

Gné mhór amháin de dhrámaí Liam Uí Mhuirthile is ea an tairseachúlacht, a deir Pádraig Ó Siadhail

‘75 nóiméad de spleodar gan stad atá sa dráma agus ní thitfidh do chodladh ort,’ a d’fhógair Anois i mí na Samhna 1993. Tine Chnámh le Liam Ó Muirthile a bhí á mhaíomh aige.

Ba é an chéad léiriú de chuid Amharclann de hÍde, an compántas proifisiúnta Gaeilge i mBaile Átha Cliath na 1990idí, é. ‘Tine chnámh lasta’ a thug Anois ar an dráma is ar sheoladh an fhiontair úir araon.

Seal roimh an chéad léiriú sin, bhí Paddy McEntee, abhcóide sinsearach mór le rá agus cathaoirleach Amharclann de hÍde, i ndiaidh labhairt faoin tionscadal nua ag preasócáid in áras Bhord na Gaeilge. An rún a bhí ag an chompántas nua ná ‘drámaí Gaeilge a raibh tábhacht chomhaimseartha ag baint leo a léiriú agus na caighdeáin is airde a bhaint amach’.

Níor mhair Amharclann de hÍde ach ocht mbliana – go dtí an bhliain 2001. Ach i gcaitheamh na tréimhse sin, d’éirigh léi cuid dá spriocanna a bhaint amach. Ceann acu sin ná drámaí úra a choimisiúnú. Tairgeadh coimisiúin do scríbhneoirí, ar nós Éilís Ní Dhuibhne, nach raibh iomrá orthu mar dhrámadóirí Gaeilge roimhe sin. Ní hé amháin go raibh Liam Ó Muirthile ar na scríbhneoirí sin, faoina dheireadh ba eisean an drámadóir ba bhisiúla a bhí luaite leis an chompántas.

Stáitsigh Amharclann de hÍde trí dhráma le Liam: Tine Chnámh in The Project Arts Centre, Baile Átha Cliath, á stiúradh ag Michael Scott ó 10ú go 20ú Samhain 1993; Fear an Tae in Amharclann Andrews Lane, Baile Átha Cliath, ó 20ú Meán Fómhair 1995 agus, ina dhiaidh sin, i dTaibhdhearc na Gaillimhe, ón 3ú Deireadh Fómhair, faoi stiúradh Jim Culleton; agus Liodán na hAbhann in The Crypt Arts Centre, Caisleán Bhaile Átha Cliath, ó 30ú Samhain 1999 agus Bríd Ó Gallchóir mar léiritheoir air. D’fhoilsigh Cois Life péire acu siúd, Fear an Tae (1999), agus Liodán na hAbhann (1999). Ach ní hionann dráma a léamh agus amharc air ar an ardán. Is fiú suntas a thabhairt do nóta ag tús Liodán na hAbhann:

Tabhair faoi deara nach gá gur mar a chéile go hiomlán téacs an dráma faoi mar atá sé anseo agus mar a léireofar é ar an stáitse.

Comhpháirtíocht atá sa saothar stáitsithe idir an drámadóir, an léiritheoir, an fhoireann is an lucht stáitse agus d’fhéachadh Amharclann de hÍde le scripteanna Liam a léiriú go samhlaíoch éirimiúil.

Ina theannta sin, is ann do An Crann, dráma neamhfhoilsithe a scríobh Ó Muirthile le haghaidh Aisteoirí Ghobnatan i nGaeltacht Mhúscraí is a stáitsíodh san Ionad Cultúrtha i mBaile Bhuirne an 25ú Aibreán 2008. Foilsíodh mír as san iris liteartha, Irish Pages, tamall de bhlianta ó shin. Agus de réir Playography na Gaeilge, tá script eile ann, Bocó agus Bim, aistriúchán ón Bhreatnais atá dírithe ar pháistí bunscoile.

Athchóiriú stáitse ar dhán den teideal céanna leis an Mhuirthileach is ea Tine Chnámh. ‘[E]pic poem cum end-of world cabaret’, a thug Breandán Delap air. Tá sé suite i reilig i gCorcaigh, oíche Fhéile Eoin, mar a bhfuil scata pearsan cruinnithe le chéile — nó dealaithe óna chéile. Ina léirmheas ar an dráma in The Irish Times, bhí Victoria White i ndiaidh ceann de mhórbhuanna an dráma a aithint: ‘its creation of pagan ritual as an urban need, a craving born from the pain of the city’s economic and moral desecration’. Ach bhí sí den tuairim nár éirigh go rómhaith leis an athchóiriú ó dhán go dráma: ‘This is very much a staged poem, with language rippling from player to player to pursue themes, but not to build character’. Dán den scoth is ea ‘Tine Chnámh’ a mhaígh Breandán Delap ach ‘its language is so sodden with symbolism that it left a lot of the audience back at the lights’. Ó tharla gurbh é seo an chéad léiriú de chuid an chompántais úir, b’údar imní dó an teachtaireacht a bhí ann do phobal na Gaeilge: ‘As a statement of intent it sent out the message that theatre was an elitist hobby for the chosen few’.

Saothar nua ar fad a bhí in Fear an Tae, an dara dráma le Liam Ó Muirthile, ainneoin gur féidir amharc air ar bhealach mar phrólóg do Ar Bhruach na Laoi, an chéad úrscéal leis a foilsíodh sa bhliain 1995. Tá an dráma suite in ospidéal síciatrach idir an dá Nollaig is cuirimid aithne ar na hothair agus ar an fhoireann, ina measc fear déanta an tae a bhfuil a mhodhanna féin aige le déileáil leis na hothair, beag beann ar chruachleachtas an tsíciatraí. ‘[A] kind of ‘The Singing Detective’ meets One Flew Over the Cuckoo’s Nest, a thug Delap ar an dráma. Is é Fear an Tae an saothar stáitse is críochnúla agus is cumasaí le Liam Ó Muirthile. Bhí na léirmheastóirí uilig tógtha leis an dráma, leis an doimhneacht i dtarraingt na carachtrachta agus leis an ghreann dubh a mhaolaigh ar an duairceas.

Is dráma measartha gearr é Liodán na hAbhann ina mbuailimid le deartháir is le deirfiúr ar bhruach na habhann inar bádh deartháir leo. De réir dealraimh, chuir an créatúr cráite lámh ina bhás féin. Is trí Fhear na hAbhann — ar pearsantú nua-aimseartha ar sheandia na habhann é — a fhaigheann an bheirt faoiseamh ón dólás croí. Saothar stáitse is ea Liodán na hAbhann ina gcaitear dua nach beag le cruthú an tsuímh is le cothú an atmaisféir ach ina bhfuil an charachtracht gan forbairt cheart a bheith uirthi.

Idir dhá shaol: gné mhór amháin de dhrámaí Uí Mhuirthile is ea an tairseachúlacht. Is éard atá i reilig an tairseach idir an bheatha is an bás. Tairseach idir an ‘normáltacht’ is an ‘mhínormáltacht’ is ea an t-ospidéal síciatrach. Ar bhruach na habhann, táthar idir an talamh is an t-uisce. Ag na suíomhanna imeallacha seo, bíonn céadfaí is mothúcháin na bpearsan pioctha, múchta nó dallta ag cearthaí na hócáide, ag drugaí, ag an alcól is ag díth alcóil. Fear é Ó Muirthile a bhí idir dhá theanga fosta — mar shampla, Béarla a labhraíonn Fear na hAbhann in Liodán na hAbhann cé gur léir go bhfuil Gaeilge aige. Mar an gcéanna, ba scríbhneoir é an Muirthileach a d’fhéachadh leis an traidisiún Gaelach agus ábhar ó thraidisiúin eile a cheangal le chéile. In Liodán na hAbhann, cuireann ‘Caoineadh Charmel’ clabhsúr ar an dráma. Is caoineadh é ina bhfuil macallaí glinne ar chaointe eile sa traidisiúin. Ach — is snáithe é seo a fhitear tríd an dráma ar fad — tá ceol ‘Canta de Entrada’ as an Misa Flamenca leis an Spáinneach, Paco Peña, sa chúlra. Is go héifeachtach ealaíonta a nasc Liam Ó Muirthile an dá thraidisiún le chéile.

Tá stair Amharclann de hÍde le scríobh go fóill, stair ina mbeidh cuntas ar Liam Ó Muirthile. Tá cíoradh criticiúil cuimsitheach le déanamh ar na drámaí féin freisin is orthusan mar sciar dá shaothar scóipiúil iomlán a chuimsíonn an oiread sin seánraí liteartha. Beidh dea-theist ar Liam is ar a éacht scríbhneoireachta. Agus ní thitfidh a gcodladh ar an lucht critice.

NOTAÍ

1 “Nótaí ó mo dhialann”, Anois, 20-21 Samhain 1993, 9.

2 “Tine Chnámh Lasta”, Anois, 13-14 Samhain 1993, 9.

3 “Amharclann le seoladh”, Anois, 16-17 Deireadh Fómhair 1993, 11.

4 http://www.ionadculturtha.ie/html/special_7.html

5 Liam Ó Muirthile, “‘An Crann’ (Mír as Dráma)”, Irish Pages 5.2 (An tEagrán Gaeilge), 59-69.

6 Playography na Gaeilge. http://gaeilge.irishplayography.com/play.aspx?playid=32868

7 Breandán Delap, “Never Mind the Quality, Feel the Gaelic”. In Druids, Dudes and Beauty Queens. The Changing Face of Irish Theatre. In eagar ag Dermot Bolger. Dublin: New Island, 2001, 216.

8 Victoria White. Léirmheas ar Tine Chnámh, Project Arts Centre. Irish Times, 12 Samhain 1993, 13.

9 Delap, 216.

10 Delap, 216.

11 Delap, 223.

Pádraig Ó Siadhail

Is scríbhneoir agus scoláire é Pádraig Ó Siadhail