Dánta le Pól Ó Muirí

Breab


Ní ólfainn an nimh, ní ólfainn.

Thabharfainn breab don bhardach,

Nod don eolach, sonc don tsaoi.

D’éalóinn ó chillín agus ó chathair

Le pórtar dorcha a ól le Peirsigh

Agus stobhach a ithe le Spartaigh.

Thréigfinn ceisteanna fealsúnachta agus eitice

Mar a dhéanfadh Éireannach aigeanta ar bith.




Creideamh agus creideamh eile


Tréigim na seandéithe ar son na ndéithe nua.

Is cuma liomsa cé acu cearc, colmán nó cailín

A íobraítear ar altóir fhuilteach an lae inniu

A fhad is nach luíonn an scian le mo sceadamán féin.

Déithe Ceilteacha nó déithe Rómhánacha

Is mar a chéile agam iad.

Creidim sa rud atá sa stá;

Bogaim, lúbaim, géillim, séanaim

De réir mar a iarrann na húdaráis orm.