An Tromhdhámh
Feargal Ó Béarra, Leabhar Breac €16 crua
Léirmheas le Dónall Ó Braonáin
Litríocht liteartha atá sa saothar neamhghnách seo. Is i Leabhar Mhic Cárthaigh Riabhaigh nó Leabhar Leasa Móir, lámhscríbhinn ón 15ú céad, a breacadh an leagan is sine dá bhfuil againn den Tromdhámh agus creidtear gur cumadh an scéal i dtús ré na Nua-Ghaeilge Moiche i dtrátha 1300 nó mar sin.
Is é Owen Connellan a chuir leagan den Tromdhámh i mbéal an phobail an chéad uai in 1860 agus is í Maud Joynt a rinne eagrán criticiúil a chur ar fáil in 1931 bunaithe ar Leabhar Leasa Móir agus trí cinn de lámhscríbhinní eile atá ar coimeád san Acadamh Ríoga. Tháinig leagan ón Athair Peadar sa bhliain 1910 chomh maith agus rinne Cormac Ó Cadhlaigh obair chéadach nuair a thiomsaigh sé cuid mhór foinsí scéalaíochta agus seanchais faoi chló na Nua-Ghaeilge sa leabhar Guaire an Oinigh in 1939.
Is maith mar a thugann Tomás Ó Floinn agus Proinsias Mac Cana a cheart d’éacht Uí Chadhlaigh ‘foirm agus deilbh’ na seanscéalta a thabhairt leis ina saothar siúd, Scéalaíocht na Ríthe (1956), cé go dtugann siad faoi deara nach ndearnadh ‘i gcónaí, áfach, dealú idir an méid ba aistriúchán agus an méid arbh é a fhriotal féin é’. (21: 1956). Baineann sin ceist amach láithreach: an athleagan, aistriúchán nó athchóiriú an téacs nua seo? Ceist, ní hansae.
Fiontar guagach é an seachadadh liteartha go háirithe nuair nach furasta dúinn obair scríbhneoir(í), scríobhaithe agus eagarthóirí in imeacht na gcéadta bliain a aithint ó chéile ar uairibh. Eiseamláir stair théacsúil na Tromdháimhe den tseanfhileolaíocht agus den fhileolaíocht nua in éineacht mar sin, i bhfianaise chlaonadh chultúr na lámhscríbhinní a bheith beo ar an éagsúlacht, nó i bhfocail Bernard Cerquiglini: ‘elle est variance’. Cuid den éagsúlacht chéanna malairtí agus malairt leaganacha agus ní sheachnaíonn An Tromdhámh le Feargal Ó Béarra an dúshlán téacsúil ach oiread.
Aithnítear Tromdhámh Ghuaire mar aoir ar an scothaicme liteartha, na filí. Ríomhtar mar a slánaíodh scéal na Tána chomh maith ann. Castar Seanchán Torpéist, Eochaidh Rí-éigeas nó Dallán Forgaill agus Guaire Aidhne orainn, pearsaí de chuid an 7ú haois, agus is gearr go dtuigfear don léitheoir nua go bhfuil obair amach roimhe maidir le cúlra, comhthéacs agus brí an scéil. Mar atá léirithe ag James Carney, Seán Ó Coileáin agus Feargal Ó Béarra féin sa litríocht scolártha faoin ábhar is iomaí foinse as ar tarraingíodh sruthanna scéil na Tromdháimhe agus níl deireadh fós leis an scagadh úd ar an manglam móitífeanna ann.
Is iondúil go ndéantar roinnt faoi thrí ar an scéal. Pléann an chéad mhír den scéal le toghadh Sheancháin mar chomharba ar Dhallán Forgaill, príomhollamh Éireann, a bhásaigh mar thoradh ar aoir a rinne sé san éagóir ar Aodh mac Duach Dhuibh. Téann Seanchán ar cuairt chuig Guaire i gConnachta, rí nár cheil gnaíúlacht ar aon duine, agus tugann leis tromdhámh nó ollchompántas filí. Ainneoin nach n-agraítear líon iomlán na bhfilí ar mhuintir Chonnacht tagann slua líonmhar chomh fada le Durlas Ghuaire.
Is gearr go dtosaíonn ceasacht ina measc agus déantar ceithre cinn d’éilimh iomarcacha ar Ghuaire. Géilleann Guaire dá mianta ar fhaitíos a aortha agus fuasclaítear gach fadhb le cuidiú chríonnacht Mharbháin, muicí agus deartháir leis. Is é Marbhán a fhaigheann an ceann is fearr ar na filí in imeacht roinnt eachtraí dea-chainte agus is é a chuireann iallach orthu Táin Bó Cuailgne a aithris. Nuair a chinneann orthu sa tasc sin cuirtear faoi gheasa ar thóir na Tána iad. Tóraítear an Táin in Albain, ar Mhanainn agus in Éirinn agus murach Naomh Caillín agus Naomh Ciarán Chluana ní chuirfí an Táin ar chóir shábhála i Leabhar na hUidhre. Cuireann Marbhán parúl ar na hollúna fanacht ina gcríocha dúchais féin agus déantar scaipeadh buan ar an tromdhámh as sin amach ionas nach mbeidís ina ualach nó ‘ag milleadh Éireann’ ina dhiaidh sin.
Áitítear san iarfhocal gur móide gur cléireach a chum an chéad uair le teann oilc do phostúlacht agus teacht aniar na bhfilí mar institiúid a raibh a ngradam ag satailt ar lucht eaglasta ar chasadh an 14ú céad. Is iad na cléirigh a shlánaigh an Táin, de réir insint Fhearghasa mhic Róich sa Tromdhámh, agus níor cheart cúram sheachadadh an traidisiúin a fhágáil faoi fhilí na sleamchúise feasta. Cá bhfios dúinn? Ar a shon sin, is féidir barr tairbhe a bhaint as an scéalaíocht gan dul in árach le ceist chasta na réamhtheachtaithe téacsúla ná ceo na miotaseolaíochta féin.
Dá fheabhas stíl an phróis, beidh tú ag triall go mion minic ar FGB ach is fiú leanacht den chosán dearg mar cúiteofar do shaothar go mór leat a bhuíochas den mháistreacht phaiteanta Nua-Ghaeilge sa téacs a chuimsíonn saibhreas agus spraíúlacht teanga araon. Léiriú atá sa dá shliocht seo ar an gcóiriú tipiciúil téacsúil:
Is iontach go deo an sampla seo thíos i mbéal Mhuireann, baintreach Dhalláin, agus í ag caint ar chuairt mhórchostais ollúnachta (deile?) a thug siad go hAlbain i dtosach an scéil:
‘Bhí muid aon oíche amháin, mé féin agus mo Dhalláinín dána dásachtach, soiprithe suas go deas sócúil seascair dúinn féin faoin súsa ag caint
is ag comhrá, mise ag slánú comhardaí briste dó,
sinn ag cur caoi ar lochtaibh an dána dírigh i measc
na bhfilí óga.’
Is iontaí fós é seo nuair a thuigtear nach ann don phíosa in eagrán Maud Joynt ar chor ar bith ach sampla é den chaoi a gcuirtear go ciúin tuisceanach leis an mbunleagan gan baint den reacaireacht – ‘cuid dá inneach a thiúchan’ a deirtear linn sa nóta teanga ar chúl an téacs. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin léirmhíniú rannaíochta agus na ciútaí paraitéacsúla i dtús na gcaibidlí (tosach scéil siosma; ní fhaigheann minic onóir; níl stoirm dá mhéad nach calm a deireadh srl) ach oibrítear samhlaíocht, saíocht agus stílíocht iomchuí chun barr maise a chur ar chlabhsúr an scéil go háirithe. Athchóiriú géarchúiseach faoi anáil renovatio na hard-mheánaoise féin é An Tromdhámh, feictear dom, agus cé gur ríléir an dílseacht don traidisiún agus an grinneas friotail sa gcóiriú teanga, tá glór cruthaitheach údair le haithint freisin agus is maith ann dó.
Tá muid faoi chomaoin Fheargail Uí Bhéarra as meisterwerk sa Nua-Ghaeilge Mhoch a shlánú do ghlúin úr léitheoirí. Tá ardmholadh ag dul do Leabhar Breac as fís mhisniúil choimisiúnaithe a bheith acu agus as caighdeán táirgíochta an tsaothair freisin: tá an chló-aghaidh, léarscáil agus clúdach deannaigh ar áilleacht an tsaoil. Ba mhithid do dhuine éigin slacht a chur ar an Tromdhámh do léitheoirí an lae inniu agus casadh ollamh a ndiongbhála ar Dhallán, Seanchán, Guaire agus Marbhán féin.