Ceist seo an pháipéir

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Míorúilt bheag is ea é go bhfuil an iris seo i do lámha agat á léamh.

Míorúilt is ea é nuair a chuimhníonn tú ar a leochailí is atá foilseacháin mhóra ar fud an domhain, gan trácht ar a leochailí is atá an teanga ina bhfuil an iris áirithe seo scríofa.

Míorúilt is ea é leis nuair a chuimhníonn tú ar na roghanna eile go léir a bhí agat seachas an iris seo a tharraingt chugat féin. Cuimhnigh ar na giuirléidí go léir a bhíonn síoraí ag iarraidh d’aird a tharraingt agus do chuid ama a mheilt, ar na cúraimí eile go léir a bhaineann le tiaráil an tsaoil.

Ach in ainneoin an fhothraim agus an fhuadair sin go léir tá an iris bheag Ghaeilge seo i do lámha agat á léamh.

Ar ndóigh míorúilt bheag ab ea é gur tháinig Comhar ar an saol in aon chor.

Foilsíodh an chéad eagrán den iris ársa oirirc seo i mBealtaine 1942, tráth a raibh páipéar gann sa tír agus an dara cogadh domhanda faoi lán seoil.

Go deimhin, bhí páipéar chomh gann sin i mBealtaine 1942 gur chrom an Rialtas ar chosc a chur an mhí chéanna ar fhoilseacháin nua leis an Ordú Comhachta Práinne (Tréimhseacháin).

Aon tréimhseachán a tháinig ar an saol i ndiaidh 1940, ní bheadh cead é a fhoilsiú gan ‘údarás an Aire’.

Bhí lucht Comhar buartha go gcuirfí go tóin poill iris nua na nGael agus í dtús a haistir.

Ach bhí súil acu leis go ndéanfaí eisceacht den iris Ghaeilge mar gheall ar an gcúram ar leith a bhí curtha roimhe acu. Bhí comhairle don Rialtas san eagarfhocal sa chéad eagrán.

An tairbhe is mó a bhaint as an méad páipéir atá ar fáil a theastaíonn ón Aire. Ní stró orainn fhéin é cuimhneamh
ar chineálacha tréimhseachán a d’fhéadfaí a dhéanamh dá n-uireasa aimsir an ghanntair.

Ba shuarach an méid páipéir a bhí á ídiú ag na tréimhseacháin Ghaeilge i gcomórtas leis na tréimhseacháin Bhéarla, a dúradh.

Agus, lena chois sin, bhí tábhacht ar leith ag baint leis na tréimhseacháin Ghaeilge ‘i gcúrsaí cultúrtha agus i gcúrsaí náisiúnta’.

‘Cead maireachtála’ a bhí ag teastáil ón Rialtas ó lucht bunaithe Comhar.

Nach mór 80 bliain níos déanaí is ar na húdaráis atá marthain Comhar arís agus moladh déanta ag Foras na Gaeilge gur ar líne amháin a bheadh iris na nGael feasta agus nach mbeadh ar fáil di ach €60,000 in aghaidh na bliana seachas €120,000.

Ní plean é sin d’fhorbairt ná do bhuanú na hirise seo, ná aon fhoilseachán eile, ná ní plean é a dhéanfaidh leas scríbhneoireacht ná léitheoireacht na Gaeilge.

Cé go luaitear réamhthaighde sa phlécháipéis a d’fhoilsigh Foras na Gaeilge, ní léir cá bhfuil an taighde
a thacaíonn le cuid de na príomh-mholtaí inti.

An maoiniú a laghdú faoina leath
agus an cúram go léir a aistriú scun
scan go dtí an t-idirlíon? B’in uile atá ann dáiríre? Agus murab ea, cá bhfuil an taighde ar a bhfuil an moladh
sin bunaithe?

Deirtear linn nach fait accompli atá anseo. Tá súil againn nach ea.

Tá tús curtha le próiseas comhairliúcháin i dtaobh phlean an Fhorais agus cead ag daoine a dtuairimí a thabhairt faoin scéal go dtí an 15 Lúnasa.

Iarradh ar léitheoirí eagrán Bealtaine na bliana 1942 de Comhar seasamh le lucht na hirise nua.

‘Táimid deimhneach go gcruthóimid gur fiú sinn bhur gcabhair,’ a dúradar.

Chruthaigh pobal Comhar an méid sin.

Meabhraímis do lucht an amhrais arís gur míorúilt bheag é go bhfuil an iris seo i do lámha agat á léamh.

Seán Tadhg Ó Gairbhí

Tá Seán Tadhg Ó Gairbhí ina eagarthóir ar Comhar agus ar Tuairisc.ie