Dúiseacht le Dúthracht le Breacadh an Lae
In ómós do Mhícheál Ó Muircheartaigh a luaigh manna seo a sheanmháthar ar an Late Late Show, Márta 2020
Sleamhnaíonn na laethanta isteach is amach as a chéile
gan lipéad Luain ná Aoine is ní fheadarsa an é inniu nó
amárach é.
Gléasaim mé féin le dul ar Zoom, le dul ar shiúlóid dhá
chiliméadar ón teach. Gléasaim mé féin le leithscéal a
thabhairt dom féin gléasadh.
Ní fada go mbeidh mé do mo ghléasadh féin chun an
bruscar a chur amach nó chun comhrá a bheith agam liom
féin sa scáthán.
Siúlaim ó sheomra go seomra. Tarraingím chugam leabhar
ón tseilf. Sílim go n-aithním teideal nó údar ach ní fheadar
ar léigh mé riamh é.
Cluthraím sa seomra suí. Casaim leathanach i ndiaidh
leathanaigh. Siar arís go’n tús gan tuairim agam cad atá léite
agam. Caithim uaim an leabhar.
Neadaím os comhair an ríomhaire. Tá dán ansin áit éigin ach
go bhfuil na focail reoite ina gcnapán scaoill sa bhearna sin idir
bun na scamhóg is barr an bhoilg.
Análaím. Isteach. Amach. Arís. Níos doimhne. Análú go bun
scamhóige. Arís is arís eile nó go leánn an cnapán oighir, nó go
dtosaíonn na focail ag éalú.
Sileann siad. Sleamhnaíonn. Ansin pléascann siad amach ina
n-aibhneacha scaoill. Réabann ina dtonnta, ina bhfarraigí, ina
maidhmeanna móra scaoill.
Titim. Luím ar ghrinneall an tseomra. Deasc is ríomhaire ar snámh os mo chionn. Seolann leabhar tharam. Peann ina chrann seoil air.
Crochta uaidh aithním leathdhán ón lá inné.
Mo scamhóga á bplúchadh ag an rabharta focal. Iad do mo
thachtadh, do mo mhúchadh. An é seo deireadh an bhóthair?
Deireadh aistir? Ach …
Ach fan. Leánn mo dhá chos isteach ina chéile. Airím borradh
aisteach faoi mo dhá lámh. Iompaíonn ina n-eití. Osclaíonn
geolbhaigh in áit mo dhá chluas.
Mé anois im’ mhúrúch tí. Ag análú is ag snámh isteach is amach idir cathaoireacha is boird. Greadaim m’eireaball lannach.
Ceiliúraim mo chlaochlú.
Osclaím mo gheolbhaigh. Séidim bolgáin i dtreo na síleála. Sínim m’eití is tugaim aghaidh le dúthracht is le dóchas ar bhreacadh an lae.