Dánta nua le Pol Ó Muirí
Pól Ó MuiríFeamainn fhiáin
‘Paindéimeach’ a dúirt an tuairisceoir
Ach chuala mise ‘Pan-Cheilteach’:
Agus sin tú i do luí lomnocht ar muir,
Do chíocha griandaite ag gobadh
As na tonntaí mar chloigne róin;
Feamainn fhiáin rúnda do ghabhail
Ag scuabadh an tsáile in Inse Ghall.
Bochtú béil
D’fhoghlaim mé focal nua: paindéim;
Bitseach d’ainmfhocal baininscneach.
Ní fada gur bochtaíodh an béal arís:
Tras-seoladh; ionfhabhtú; scoitheadh sóisialta;
Marbhlann.
Pól Ó Muirí