Dánta nua le Pol Ó Muirí

Feamainn fhiáin

‘Paindéimeach’ a dúirt an tuairisceoir

Ach chuala mise ‘Pan-Cheilteach’:

Agus sin tú i do luí lomnocht ar muir,

Do chíocha griandaite ag gobadh

As na tonntaí mar chloigne róin;

Feamainn fhiáin rúnda do ghabhail

Ag scuabadh an tsáile in Inse Ghall.

Bochtú béil

D’fhoghlaim mé focal nua: paindéim;

Bitseach d’ainmfhocal baininscneach.

Ní fada gur bochtaíodh an béal arís:

Tras-seoladh; ionfhabhtú; scoitheadh sóisialta;

Marbhlann.