Rotorua

Rotorua

Julie Breathnach-Banwait

Tá na clocha ag análú a gcuid luaithe ruibhí

Ag baile a shúnn an sulfar gan cuireadh inár bpolláirí

Déanann muid meas i bhfad uaidh is troideann muid a ghéire

Is súnn sé trínár gcuid mascanna laga

A chruthaigh muid le giodar ag tús na cuairte.

Tá an phuiteach ag bríbhéireacht neascóidí móra teo

Is faireann na cuairteoirí na géasair ag séideadh lán

A gcuid srón lena seilí go sotalach

Buaileann muid ár mbosa ag moladh áilleacht na pléisce

Greamaíonn bladhrach an Haka is an choisíocht throm inár gcluasa

Tatú na tréanfhear is an tā moko ag maisiú a gcraicinn is ag tabhairt

Ceangal dá dtreibh

Is sneachta ar bharr cnoic ag sileadh mar uachtar tiubh

Craosanna cúnga, fánsruthanna fíochmhara, uiscí na habhann ag preabadh go trodach

Ag dúiseacht a cuid cuairteoirí óna saol strambánach

Ó chathaoireacha leathair is boird ghloine

na n-oifigí go bhfeicfidís go bhfuileadar beo

Chun an nádúr a bhagairt is a cheansú le cumas fir.