Seisiún

Seisiún

Máire Ní Chonchúir


Is cuimhin liom seanfhear le caipín,
ag seinm timire teallaigh fada
thar a ghlúine,
’s é ina shuí ar stóilín in aice na tine;
an buille, an rithim, ag lúbadh, ag géilleadh
don fhonn.

Agus fear óg,
ag tógáil cíor ghruaige as a phóca
agus á mhaisiú le scragall airgid
as bosca toitíní;
ceol sí meidhreach aige
mar thionlacan.