An Craiceann agus a Luach

An Craiceann agus a Luach

Léirmheas le Paddy Bushe

An Craiceann agus a Luach

Le Eithne Ní Ghallchobhair
Arlen House, 2021

Léirmheas le Paddy Bushe

Sa réamhrá aici, baineann Eithne Ní Ghallchobhair feidhm as an dtéarma “eipic” faoin scéal véarsaíochta seo. Cé go bhfuil An Craiceann agus a Luach fada agus cumhachtach go leor fá choinne an téarma sin, ní bhainfinn féin úsáid as. Níl an buaileam sciath agus an mór is fiú a shamhlaímse leis an dtéarma sin le fáil sa leabhar. Agus is cinnte nach bhfuil an laochas tocsaineach fireann, ar gnáthghné den eipic é, le fáil ann. Dar liomsa, tá an leabhar álainn seo ródhaonna, rómhorálta agus rómhothálach le go gcuirfí ar sheilf é i dteannta Chúchulainn, Achilles agus laochra fuilteacha eile mar iad. Athinsint agus forbairt is ea é ar an scéal béaloideasa faoin murúch a phós ar talamh agus ar cuireadh a craiceann i bhfolach uirthi, ach a raibh cumha uirthi i ndiaidh na mara i gcónaí. Ach cad é mar athinsint!

Deir an t-údar linn sa réamhrá gur bunaithe ar leagan Conallach den scéal forleathan sin atá an leabhar, leagan a raibh fiche agus a dó abairt san iomlán ann. Agus seo chugainn dán fada a bhfuil céad is deich leathanach ann!

Déarfad go neamhbalbh é: tá An Craiceann agus a Luach ar cheann dos na leabhair is taitneamhaí agus is spreagúla dár léigh mé le fada an lá. Leabhar é atá fréamhaithe sa mbéaloideas agus sa scéalaíocht, ach atá, ag an am gcéanna, thar a bheith comhaimseartha agus ábhartha don saol ina mairimid agus, go háirithe don mbagairt atá ann don dtimpeallacht nádúrtha agus an bhagairt dá réir atá ann don gcine daonna. Dá mbeinn i bhfad níos óige, bheinn ag rá go bhfuil an leabhar thar a bheith “dúisithe”. Ach níl sé dúisithe ar nós go leor den dúiseacht atá sa treis ar na saolta seo, is é sin dúiseacht a dheineann neamhshuim de gach rud a tharla roimpi agus a shíleann gur féidir an saol comhaimseartha agus an saol atá imithe a thuiscint trí lionsa caol cruinn amháin, agus nach bhfuil aon fhiúntas ag aon lionsa eile. Tá tuiscint agus dearcadh i bhfad níos leithne agus níos doimhne tríd síos agus fud fad an leabhair seo.

Thairis sin ar fad, is é an bua is bunúsaí agus is tábhachtaí domsa ná caighdeán na scríbhneoireachta atá sa leabhar, go sonrach, caighdeán na filíochta atá le fáil tríd síos. Mar is gnách liom le filíocht a thaitníonn liom, tá fonn orm sliocht i ndiaidh sleachta a thabhairt. Seo sampla ag tús an dáin, ag cur síos ar na maighdeana mara ag cruinniú:

Agus shnámh siad go fuinniúil,

go misniúil, go cróga,

go giodamach, go giongach,

go spreagthach, go spleodrach.

Na scórtha acu ag spraoi

go suáilceach sa chúr,

bhí mar fhleadh, mar fhéile

san fharraige fhuar.

Tá an tsamhlaíocht agus an cumas fileata anseo inchurtha le Coleridge agus é ag cur síos ar na spioraid uisce ina dhán fada faoin Ancient Mariner. Agus ní liriciúlacht shnasta dá leithéid seo amháin a tharraingíonn ár n-aird fhileata sa leabhar seo. Seo cur síos ar Mhac Aoidh, an feallaire a ghoideann craiceann róin na maighdine mara chun ceangal pósta na gcúig chaol a chur uirthi. Seo an cur síos binbeach banúil a thugann an file air:

Nó i ndeireadh na dála duibhe agus na péice deirge is oth

liom a inse daoibhse, a chairde, go raibh Mac Aoidh

… ina bhómán, ina dhonán,

ina ghadaí bhradach,

ina mheatachán, ina dheamhan,

ina fhear fhuar, fhealltach.

Tá seile á caitheamh anseo, agus cé gur seile fhileata atá i gceist, ní lúide sin an fhearg agus an searbhas atá le tuiscint ar na línte. Filíocht leathdhraíochtúil atá againn don gcuid is mó sa leabhar seo, ach níl ón údar an dubh a chur ina gheal uirthi féin ná orainne faoin bhfírinne shearbh atá taobh thiar de dhraíochtúlacht na hinsinte. Agus níl aon insint shimplí aontaobhach i gceist ach oiread faoi na coimhlintí inscne atá lárnach sa scéal. Féach an sliocht seo:

Nó, bíodh gur goideadh an craiceann – agus seo rud saoithiúil, a chairde – shocraigh siadsan gurbh ise a bhain a brat óna corp féin agus gurbh ise a d’fhág uaithi féin ar charraig é. B’uirthi féin an locht. B’shin a mheas na maighdeana mara. B’shin breithiúntas na mban.

Cuid dosna sleachta is mó a chuaigh i bhfeidhm orm is ea sleachta a dheineann cur síos ar an dúlra mar saghas aontas amháin, ag ceiliúradh nó ag caoineadh de réir mar a bhíonn an cine daonna ag caitheamh leis. Féach seo, mar shampla as na dosaein samplaí a d’fhéadfaí a thabhairt:

Baineadh macalla uaibhreach

as sléibhte, as sleasa –

caoineadh dúile fionnuisce

agus éanlaith mara.

Chuaigh an éanlaith mhara uilig chun scaoill:

ag grágarsach, ag gogarsach,

ag scolfartach, ag scolgarnach.

Bímse in amhras faoin rud a dtugtar “saibhreas teanga” air go minic – sruth mór aidiachtaí, comhfuaimeanna, uamanna agus ar uile. Is baolach gur sop fuaime in áit scuaibe na céille a bhíonn go minic in úsáid ag scríbhneoirí a bhfuil an nósmhaireacht seo le sonrú ar a gcuid. Ach níl aon amhras orm gur saibhreas tuilte teanga atá in úsáid ag Ní Ghallchobhair sa leabhar seo, agus gur go mór chun leasa an leabhair é an bealach go mbaineann sí feidhm as. Níl aon leisce orm a rá nach raibh cur amach agam ar an-chuid dos na focail sa dán, go háirithe focail Chonallacha (agus b’ionann an cás ag cainteoir dúchais Duibhneach a cheistíos faoi roinnt acu). Ach léigh mé an dán tríd síos an chéad uair beag beann ar an bhfoclóir, agus níor bhraitheas uaim é. Agus nuair a bheartaíos gach rud a iniúchadh agus mé ag díriú ar an léirmheas seo, fuaireas amach go mba bheag a chailleas ar an gcéad léamh. Roghnaíonn Eithne Ní Ghallchobhair na focail ar shlí gur cuid de dhlúth agus inneach an dáin iad, agus is cuid dhílis de bhrí an dáin tuile agus trá na foclaíochta sin. I bhfoclaibh an dáin féin:

an Ghaelic mhilis, bhinn,

an chanúint chraicneach, chruinn.

Ar ndóigh tá an saibhreas foclaíochta agus scéalaíochta sin ag teacht leis an modh inste – is é sin múnla na scéalaíochta traidisiúnta béil. Is iad ‘Bhí sin ann …’ na focal tosaigh, agus críochnaíonn cuid 1 mar seo:

Agus anois, a chairde, fágaimis slán ag na mná seo seal tamaill go n-inse mé mo scéal

Is nath scéalaíochta teideal an dáin agus is le nath scéalaíochta a chríochnaíonn an dán:

Chuaigh siadsan an t-áth,

mise an clochán,

báitheadh iadsan

agus tháinig mise.

Cosúil le Múscail, a Ghiorria (Arlen House, 2020) ón údar ceanna, filíocht atá againn in An Craiceann agus a Luach atá liteartha go smior, ach a bhaineann feidhm as nósmhaireacht agus múnlaíocht na béalaithrise traidisiúnta chun saothar cumhachtach comhaimseartha a chur inár láthair. Tuigtear dom gur seanchaí í Eithne Ní Ghallchobhair, agus táim ag tnúth leis an dán a chloisint á aithris aici.

Cosúil leis an saoi, níl an dán gan locht. Tá áiteanna ann ina mbaintear tuisle as an insint, agus go dtiteann an dán ar a bhéal roimhe amach ó thaobh teanga nó rithime. Ach is fánach an áit a dtarlaíonn sin. Laistigh de chreatlach thaitneamhach, shothuigthe seo na scéalaíochta, tá dán álainn agus tábhachtach tugtha dúinn ag Eithne Ní Ghallchobhair, dán a bhfuil téamaí láidre éiceolaíochta agus feimineachais le sonrú air tríd síos. Mar a deir sí sa réamhrá, ‘níl sé de chead ná de cheart ag duine ná deoraí ár gcraiceann róin a ghoid uainn.’

Tá ár mbuíochas tuilte aici. Agus tá ár mbuíochas tuilte freisin ag Arlen House as an saothar seo a chur amach go snasta, tarraingteach, mar is dual don bhfoilsitheoir seo.