Cearta agus easpa cearta…

Breandán Delap
Cearta agus easpa cearta…

rollingnews.ie

Bliain shuimiúil a bhí in 2021 ó thaobh chás na Gaeilge agus na Gaeltachta go háirithe i dtaobh cearta teanga, a deir Breandán Delap

An Ghaeltacht

Tháinig dea-scéal go Conamara ag tús na bliana nuair a fógraíodh go raibh Méara Bhoston, Marty Walsh roghnaithe ag Uachtarán tofa Stáit Aontaithe Mheiriceá Joe Biden le bheith ina Rúnaí Saothair sa rialtas nua. Is as Ros Cíde, Ros Muc dá mháthair Mary Joe Pheadair Uí Mháille agus as Caladh Mhaínse, Carna dá athair John Walsh, nach maireann. Is iomaí cuairt atá tugtha aige ar Chonamara. Toghadh é mar Mhéara ar Bhoston ar dtús in 2013 agus tháinig a dhara téarma chun críche i mbliana.

Mí Feabhra d’fhógair comhlacht fuinnimh gaoithe go raibh siad lena n-iarratas ar chead pleanála do mhuileann gaoithe in Indreabhán i gcontae na Gaillimhe a tharraingt siar ar iarratas ón chomharchumann áitiúil. Bhí roinnt de phobal na háite iontach míshásta leis an Chomharchumann mar nár deineadh aon teagmháil le daoine atá ina gcónaí in aice leis an suíomh sular deineadh an t-iarratas pleanála an chéad lá riamh.

Mí Feabhra d’éiligh grúpaí pobail i nGaeltacht Dhún na nGall go ndéanfaí rialacha pleanála a mhaolú le go bhféadfaidh glúin óg na Gaeltachta tithe a thógáil ar thalamh a muintire. Faoi phlean forbartha an chontae, is beag forbairt atá á ceadú ar bhealach an N56 - bóthar atá ag dul trí chroílár na Gaeltachta.

Tharraing ainm eastát tithíochta sa Daingean agus an coinníoll teanga a bhain leis go leor conspóide mí Márta. Tugadh ‘Pairceanna na Glas’, ainm gan chiall, ar an fhorbairt nua 20 teach ar an bhaile. Dúirt an Dr Pádraig Ó Cearbhaill, Príomhoifigeach Logainmneacha Choimisiún na Logainmneacha, go raibh sé ‘náireach’ gur tugadh ainm nach bhfuil aon chiall leis ar an eastát tithíochta nua agus de thairbhe na ngearán d’iarr Comhairle Contae Chiarraí ar fhorbróirí an eastáit an t-ainm a athrú. Ach ní raibh deireadh leis an chonspóid, ná baol air. Bhí sé leagtha amach go mbeadh sé cinn den 20 teach ann á gcur ar leataobh do chainteoirí Gaeilge ach i mBéarla a rinneadh an measúnú ar chumas teanga na n-iarrthóirí ar na tithe sin. Cháin eagraíochtaí Gaeilge sa cheantar cur chuige na Comhairle i leith an choinníll teanga go láidir.

Mí Aibreáin aimsíodh tuama ársa neamhghnách a mheastar a tógadh le linn na Cré-umhaoise i nGaeltacht Chorca Dhuibhne.

Nochtadh an tuama le linn obair a bheith á déanamh ar fheirm i gCnoc a’ Bhróigín. Tá cloch mhín ubhchruthach sa tuama agus cnámh a meastar gur cnámh duine í. Meastar go bhféadfadh gur tuama dingeach ón gCré-umhaois (2000BC-500BC) a aimsíodh.

Don dara bliain as a chéile, fógraíodh i mí Bealtaine go mbeadh cúrsaí Gaeltachta á gcur ar ceal arís i mbliana de bharr na paindéime.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers go ndearnadh an cinneadh i ndiaidh dá roinn comhairliúchán cuimsitheach a dhéanamh le coláistí agus leis na mná tí a chuireann lóistín ar fáil do dhaltaí. Cé go raibh súil leis an chinneadh seo ba bhuille mór a bhí ann d’eacnamaíocht na Gaeltachta.

Dúirt an tAire Chambers gur cheistigh mná tí an bhféadfaidís comhairle sláinte phoiblí a chomhlíonadh, go háirithe ó thaobh scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm.

Ag tús mhí Iúil, fógraíodh go mbeadh ciste cúitimh €2.2m ar fáil chun teacht i gcabhair ar theaghlaigh cháilithe Ghaeltachta a chuireann lóistín ar fáil do lucht freastail na gcoláistí samhraidh. Bhí ardú ionann is 25% air thairis an méid a íocadh le teaghlaigh na scéime faoi chiste cobhsaithe a bunaíodh in 2020. Dá thoradh seo is íocaíocht ionann le €5 in aghaidh an fhoghlaimeora a cuireadh ar fáil seachas €4 mar a cuireadh ar fáil anuraidh.

Fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair Ciste Cúitimh €1.7 milliún eile le teacht i gcabhair ar earnáil na gColáistí Samhraidh i mbliana.

Bhí díomá ar mhuintir Iorras Aithneach i gConamara i mí Iúil gur dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas pleanála don togra Páirc na Mara a bhí beartaithe don cheantar.

Bhí sé i gceist go mbeadh suas le 200 post ar fáil dá ngabhfaí ar aghaidh leis an fhorbairt. Bhí cúrsaí caomhnaithe – Limistéar faoi Chaomhnú Speisialta go háirithe – agus cúrsaí soláthair uisce, i measc na n-ábhar a bhí ag déanamh imní do phleanálaithe na Comhairle. Léirigh grúpaí pobail sa cheantar a ndíomá faoin chinneadh.

Cuireadh fianaise ar fáil i leabhar nua a foilsíodh i mí Iúil gur mheas giúiré i dtriail in 1883 nach le mailís a mharaigh Pádraig Ó Domhnaill nó Padaí Mhícheáil Airt as Gaoth Dobhair an brathadóir James Carey. Ciontaíodh agus crochadh Padaí Mhícheáil Airt as dúnmharú, ach léirigh fianaise nua atá sa leabhar agus i scannán The Queen versus Patrick O’Donnell go ndearna an breitheamh feall ina chuid treoracha. Sé údar an leabhair, Seán Ó Cuirreáin, a tháinig ar an eolas úr seo i gcartlann náisiúnta na Breataine.

Dúirt an Teachta Dála Pearse Doherty go raibh dualgas ar Rialtas na Breataine fiosrúchán neamhspleách a dhéanamh faoin chás chun soiléiriú a thabhairt ar cheisteanna a ardaíodh. Má chruthaíonn a leithéid d’fhiosrúchán nár tugadh cothrom na Féinne don Dálach ba chóir do rialtas na Breataine leithscéal poiblí a ghabháil faoi, a dúirt sé.

Ag deireadh mhí Iúil tugadh le fios nach bhfuil ach 23% de theaghlaigh sa Ghaeltacht ag tógáil a gclann le Gaeilge. Sin de réir tuarascáil taighde a cuireadh i dtoll a chéile i gColáiste Mhuire gan Smál don eagraíocht Tuismitheoirí na Gaeltachta. Tugadh le fios sa tuarascáil seo fosta gur 16% den bhreis is 25,000 páiste agus déagóir atá ina gcónaí sna ceantair Ghaeltachta a labhraíonn Gaeilge go laethúil taobh amuigh den chóras oideachais.

Tá sé os cionn bliana ó rinne an comhlacht Shine Bright Limited iarratas pleanála le comhairle Contae agus Cathrach Phort Láirge, le heastát tithíochta ina mbeadh 46 teach príobháideach a thógáil ar shuíomh i gcroílár Ghaeltacht na Rinne.

Plean conspóideach a bhí anseo sa cheantar de bharr an líon tithe a bhí i gceist, trí huaire níos mó ná aon eastát tithíochta eile sa cheantar, agus de bharr an tionchar a bheadh aige ar chúrsaí teanga san áit. Lorg an Chomhairle Contae agus Cathrach breis eolais ar Shine Bright Limited, iad ag moladh dóibh scála na forbartha a laghdú. Níor laghdaíodh líon na dtithe san iarratas leasaithe a rinne siad áfach, agus tar éis mórán aighneachtaí a fháil ón phobal, go háitiúil agus go náisiúnta go deimhin, diúltaíodh cead pleanála don togra i mí Lúnasa, agus bhí cúrsaí teanga luaite go sonrach ar cheann de chúig chúis ar diúltaíodh dó.

Ina measc siúd a rinne aighneacht ag cur in aghaidh na mórfhorbartha úd bhí an Seanadóir Lorraine Clifford-Lee.

Dheimhnigh Shine Bright Limited go mbeadh siad ag déanamh achomharc faoin chinneadh chuig an mBord Pleanála.

Bhí toradh ar fheachtas pobail i gCorca Dhuibhne nuair a d’fhógair Oifig na nOibreacha Poiblí i mí Mheán Fómhair go raibh siad sásta píosa talún a chur ar fáil i nDún Chaoin do chlós spraoi. Bhí conspóid tarraingthe ag cinneadh na hOifige gan talamh a churar fáil don togra pobail.

Buaileadh buille fealltach ar Bhácús Uí Bhaoill i nGaeltacht Láir Dhún na nGall nuair a scrios tine mhór a gcuid foirgneamh gnó i mí Dheireadh Fómhair. Suas le dhá scór duine a bhí fostaithe ag an mbácús.

I Mí Mheán Fómhair, tuairiscíodh go mbeadh limistéar charraigeacha na Sceirde, atá naoi míle siar ó chósta Charna i nGaeltacht Chonamara, ar cheann de bhunchlocha phlean an Rialtais le cumhacht bunaithe ar an ngaoth a chur ar fáil sa tír seo.

Fógraíodh i mí Dheireadh Fómhair nach mbeadh ceann de na clubanna oíche is aitheanta sa Ghaeltacht ag athoscailt. Bhíodh club oíche aitheanta Tigh Josie á reáchtáil gach Aoine agus Satharn ar an Cheathrú Rua i gConamara roimh theacht na paindéime ach d’fhógair úinéir an tí, Josie Ó Loideáin, nach mbeadh sé á oscailt arís.

Cearta Teanga

Baineadh preab as pobal na Gaeilge nuair a deimhníodh i mí an Mheithimh go dtabharfadh Rialtas na Breataine reachtaíocht don Ghaeilge isteach sa Tuaisceart mura rithfí í i Stormont faoi dheireadh mhí Dheireadh Fómhair, sprioc a cailleadh. De réir an achta, beidh stádas oifigiúil ag an nGaeilge sa Tuaisceart feasta.

Cuirfear raon leathan seirbhísí poiblí ar fáil i nGaeilge, cuirfear oideachas trí Ghaeilge chun cinn agus cuirfear comharthaíocht dhátheangach ar fáil ar fud an Tuaiscirt.

Chuirfí tús le próiseas chun Coimisinéir Gaeilge, chomh maith
le Coimisinéir Ultaise,
a cheapadh.

Cé gur aontaigh páirtithe polaitíochta an Tuaiscirt i mí Eanáir anuraidh Acht Gaeilge a thabhairt isteach, ní raibh an DUP sásta glacadh leis ina dhiaidh sin.

Dúirt ceannaire Shinn Féin Mary Lou McDonald gur cor iontach é do lucht na Gaeilge an scéala go mbeadh an t-acht á thabhairt isteach.

D’éirigh le Sinn Féin, a mhaígh sí, bacóireacht an DUP a shárú.

I bhfianaise an tsocraithe nua, ghlacfadh Sinn Féin le hainmniúchán Paul Givan ón DUP mar Chéad-Aire agus d’ainmneodh siad féin Michelle O’Neill arís mar LeasChéad-Aire.

Go luath ina dhiaidh sin, áfach, b’éigean do cheannaire an DUP Edwin Poots éirí as a chúram agus baill den pháirtí iontach míshásta faoin socrú a deineadh i leith Acht na Gaeilge.

Dúirt Cathaoirleach Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais i mí Eanáir go raibh sé scannalach nach raibh Gaeilge riachtanach ach do phost amháin as gach 500 sa státseirbhís le trí bliana anuas. Tháinig sé seo chun cinn in anailís a rinne an suíomh idirlín Tuairisc.ie. As an 8,324 duine a earcaíodh ó chomórtais ghinearálta don státseirbhís idir tús mhí Eanáir 2018 agus mí Dheireadh Fómhair anuraidh, ní raibh cumas sa Ghaeilge luaite, ach le sé cinn déag nó 0.2% díobh. As an mbeagnach 25,000 post atá sa státseirbhís, níl raibh ach 88 post ann a raibh riachtanas Gaeilge ag dul leo, 38 post i Roinn na Gaeltachta sna Forbacha i gConamara san áireamh.

Ní raibh an Ghaeilge riachtanach do phost ar bith in ocht gcinn de 18 roinn Rialtais.

Bhí na hocht roinn sin faoi chúram an tseisir airí a dúirt nach raibh oiread agus post amháin ina ranna ar gá Gaeilge a bheith ag duine chun é a dhéanamh.

Deich mbliana ó fógraíodh go raibh tús le cur le hathbhreithniú ar Acht na dTeangacha ritheadh sa Dáil i mí Dheireadh Fómhair an bille chun an t-acht a leasú . 314 leasú ar an mBille Teanga a bhí curtha síos don díospóireacht i nDáil Éireann agus 21 díobh a rialaíodh as ord.

Glacadh leis an 49 leasú a mhol an tAire Gaeltachta, ceann acu a moladh in éineacht leis an Teachta Dála neamhspleách Catherine Connolly. Níor glacadh le haon cheann den 265 leasú a mhol an freasúra.

D’aontaigh an freasúra agus an Rialtas sa Dáil go raibh an bille ‘i bhfad níos láidre ná mar a bhí’.

D’eisigh Oifigigh Pleanála Teanga ráiteas láidir i mí Eanáir a léirigh míshástacht gur dícheadaíodh leasuithe ar an Bhille Teanga a raibh sé mar aidhm acu a chinntiú go mbeadh seirbhís iomlán Ghaeilge ar fáil ón Stát. Dúirt na hOifigigh Pleanála Teanga gur faoi Acht na Gaeltachta 2012 atá siad féin ag feidhmiú, ach go bhfuil teip iomlán i ndán don Acht sin murar féidir leis an Stát a chuid féin de a chomhlíonadh. D’éiligh Tuismitheoirí na Gaeltachta ar an Rialtas go gcuirfí foráil dhíreach sa Bhille Teanga nua a chinnteodh go mbeadh seirbhísí an stáit ar fáil i nGaeilge sa Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta, Jack Chambers, le linn na díospóireachta ag céim an Choiste, go gcaithfear a bheith réalaíoch faoin chaighdeán Gaeilge a bheas ag fostaithe a earcófar sa státseirbhís amach anseo.

Thug an tAire Stáit Chambers gealltanas i mí Feabhra go gcuirfidh sé leasuithe reachtaíochta chun cinn a chuirfidh dualgas ar an Stát fógraíocht a dhéanamh i nGaeilge. Dúirt sé fosta go gcuirfí dualgas ar chomhlachtaí poiblí glacadh le hainmneacha agus seoltaí i nGaeilge.

I mí Iúil foilsíodh na leasuithe ar Bhille na dTeangacha Oifigiúla.

I measc na bpríomhleasuithe, gealladh go mbeadh 20% de na hearcaigh nua sa tseirbhís phoiblí ábalta gnó a dhéanamh trí Ghaeilge faoin 31 Nollaig 2030. Dúradh fosta go mbeadh spriocdhátaí á leagan síos faoina bhfeidhmeodh gach oifig phoiblí i ngach Limistéar Pleanála Teanga trí mheán na Gaeilge agus go ndéanfaidh gach comhlacht poiblí 20% ar a laghad dá fhógraíocht bhliantúil i nGaeilge agus 5% dá fhógraíocht sna meáin Ghaeilge. Gealladh fosta go mbeadh síneadh fada na Gaeilge ar fáil i ngach ríomhchóras a bhíonn á úsáid ag comhlachtaí poiblí agus go gcaithfeadh aon chomhlacht tráchtála a sholáthraíonn seirbhísí poiblí do chomhlacht poiblí a chinntiú go gcuirfear an Ghaeilge san áireamh mar chuid de na seirbhísí sin. Bhunófaí Coiste Logainmneacha reachtúil le teacht in áit an Choimisiúin Logainmneacha chun comhairle a thabhairt maidir le hOrduithe Logainmneacha.

Mhaígh na heagraíochtaí Gaeilge gur céim chun cinn a bhí i gcinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste i mí Eanáir a bpolasaí comharthaí sráide dátheangacha a leasú. Tá socrú déanta go mbeidh ar 15% de mhuintir na sráide a bheith i bhfabhar an sráidainm a bheith i nGaeilge feasta seachas an dá thrian a bhí i gceist go dtí seo. Dúirt an DUP, áfach, go mbeadh cinneadh Chomhairle Chathair Bhéal Feirste a bpolasaí ar chomharthaíocht dhátheangach a athrú míchothrom agus go gcuirfeadh sé isteach ar an gcaidreamh pobail.

Bhí daoine in Oirthear Bhéal Feirste míshásta ag tús na bliana nach raibh comharthaí Gaeilge le feiceáil ar scáileán na seirbhíse iompair Glider ach in iarthar na cathrach amháin. D’fhógair an tAire Infreastruchtúr Nicola Mallon go mbeadh Gaeilge ar an tseirbhís ar fud na cathrach gan mhoill.

Mí Feabhra thug an chúirt is airde in Eaglais Shasana cead do theaghlach mná as Éirinn inscríbhinn i nGaeilge amháin a chur ar leac a huaighe.

Cinneadh cead a thabhairt do theaghlach Margaret Keane ‘In ár gcroíthe go deo’ a ghreanadh ar leac a huaighe i reilig Shéipéal Naomh Giles in Exhall in aice le Coventry gan aon aistriúchán Béarla a bheith leis.

Cailleadh Margaret Keane, arbh as contae na Mí ó dhúchas í, i Sasana in 2018.

Rinne a teaghlach achomharc in aghaidh rialú breithimh go gcaithfí leagan Béarla den inscríbhinn a chur ar an leac chomh maith ar eagla go gceapfadh daoine gur mana polaitiúil a bhí sa Ghaeilge.

Thacaigh Ardeaspag Canterbury, an té is sinsearaí in Eaglais Shasana, leis an teaghlach chomh maith agus gheall sé a gcuid costas a íoc. Ar Lá ’le Pádraig, cuireadh leac ar uaigh Mhargaret agus na focail ‘In ár gcroí go deo’ greanta uirthi.

Dúirt comhalta ar Bhord Fhoras na Gaeilge i mí an Mhárta go raibh sé thar a bheith míshásúil gur i mBéarla a cuireadh oiliúint ar na comhaltaí nua ar bhord Fhoras na Gaeilge.

Labhair an té a rinne an cur i láthair do na baill nua i mBéarla le linn seisiúin oiliúna, ach dúirt Foras na Gaeilge go raibh na cáipéisí a bhain leis na seisiúin ar fáil i nGaeilge agus i mBéarla agus go raibh seirbhís aistriúcháin chomhuaineach i bhfearas. Ach dúirt Dáithí Mac Cárthaigh, duine de na baill nua ar an bhord, nach raibh sé sásta in aon chor leis na socruithe teanga a bhí i bhfeidhm.

Labhair ceannaire an DUP agus Céad-Aire Thuaisceart Éireann Arlene Foster cúpla focal Gaeilge i bhFeidhmeannas Stormont den chéad uair i mí Márta. Bhí ceist á freagairt ag Foster faoin reachtaíocht Ghaeilge a gealladh sa chomhaontú Ré nua, Cur Chuige Nua ach nach bhfuil tugtha isteach go fóill. Dúirt sí gur bhain an reachtaíocht Ghaeilge leis an tacaíocht níos leithne atá geallta do chúrsaí féiniúlachta sa chomhaontú. ‘I’m almost tempted to say sin é, but maybe not,’ arsa Foster agus clabhsúr á chur aici ar a freagra.

I mí Aibreáin tuairiscíodh go raibh moill curtha ar bhronnadh shaoránacht na hÉireann ar fhear de bhunadh na Síne mar gur i nGaeilge a líon sé na foirmeacha. Ollamh cúnta sa tSean-Ghaeilge i gColáiste na hOllscoile, Baile Átha Cliath, é an Dr Fangzhe Qiu. Tá sé ina chónaí in Éirinn le deich mbliana anuas.

Chuir an Coimisinéir Teanga fiosrúchán sa tsiúl faoin chás. Anuraidh a shocraigh an Dr Qiu agus a bhean chéile cur isteach ar shaoránacht, agus shocraigh siad a gcuid iarratas a dhéanamh i nGaeilge. Ní raibh leagan Gaeilge den fhoirm ar fáil ar-líne, ach sé mhí tar éis dóibh na foirmeacha clóite a líonadh agus a sheoladh ar aghaidh, tháinig scéal ar ais ón Roinn Dlí agus Cirt ag iarraidh orthu na hiarratais a dhéanamh ar-líne i mBéarla. Dhiúltaigh an Dr Qiu é sin a dhéanamh. D’admhaigh an Roinn ina dhiaidh sin go raibh sé de cheart aige iarratas a dhéanamh i nGaeilge.

Mí Aibreáin ghabh Roinn na Gaeltachta leithscéal le fostaithe na Roinne as iachall a chur orthu foirm le haghaidh folúntas poist a líonadh i mBéarla. D’admhaigh an Roinn gur sháraigh sé seo an scéim teanga a d’aontaigh an Roinn leis an Choimisinéir Teanga.

Bhí go leor cainteoirí Gaeilge iontach tógtha i mí Aibreáin nuair a bhí deacrachtaí acu clárú i nGaeilge don vacsaín le HSELive.

Ghéill an HSE nár éirigh le daoine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge sin a dhéanamh agus ghabh siad leithscéal leis na daoine sin.

Ní raibh aon rogha eile ag duine a bhí ag iarraidh clárú i nGaeilge do vacsaín in aghaidh an Covid-19 ach dul i muinín an ghutháin mar nach raibh siad ábalta clárú i nGaeilge ar líne. Bhí Oifig an Choimisinéara Teanga ag fiosrú na heachtra.

I mí Bealtaine chaith Breitheamh Ard-Chúirte amhras ar chur chuige an Stáit i leith na Gaeilge le linn na paindéime.

Ina tráchtaireacht ar a cinneadh i gcás a bhain le héileamh ar reachtaíocht a bheith ar fáil i nGaeilge thagair an Breitheamh Bronagh O’Hanlon don phaindéim Covid-19. D’athdhearbhaigh an Breitheamh O’Hanlon an dualgas atá ar an Stát leaganacha Gaeilge d’achtanna Oireachtais a chur ar fáil.

‘Ag féachaint ar an áit ina bhfuil cúrsaí i láthair na huaire, táthar ag reachtú Ionstraimí Reachtúla le linn ré phaindéim Covid-19 agus ritheann sé liom go bhfuil leas an phobail i gceist leis na hIonstraimí sin, agus is ait an rud é nach bhfuil siad á bhfoilsiú in éineacht le tiontú Gaeilge,’ a dúirt an Breitheamh Bronagh O’Hanlon.

I mí Lúnasa, dúirt Aire Stáit na Gaeltachta le Tuairisc.ie gur ábhar ‘frustrachais’ dó an t-imeallú a rinneadh ar an nGaeilge le linn na paindéime.

I mí Mheán Fómhair, dúirt an Coimisinéir Teanga Rónán Ó Domhnaill tráthnóna nach raibh aon ‘iontas’ air gur ag dul i méid a bhí líon na ngearán a bhain leis an ngéarchéim sa tsláinte phoiblí agus gur beag ceacht a bhí foghlamtha.

‘Le bheith ionraic, dá mbeadh paindéim nua ann ag deireadh na bliana, shamhlóinn go dtarlódh an rud céanna arís i go leor cásanna. Níl sé ar chumas an Stáit go minic…caitheamh go féaráilte leis an nGaeilge.’

I mí Aibreáin dúirt an Coimisinéir gur ríléir nach bhfuil moltaí an imscrúdaithe a deineadh in 2011 faoi líon na nGardaí le cumas Gaeilge sa Ghaeltacht curtha i bhfeidhm ag bainistíocht na nGardaí. Dúirt Rónán Ó Domhnaill go bhfuil líon na nGardaí a bhfuil Gaeilge acu sa Ghaeltacht i bhfad ró-íseal. Dúirt an Coimisinéir Teanga gur sárú an easpa sin ar an dlí teanga, agus dúirt go bhfuil dualgas ar an nGarda Síochána dóthain gardaí le Gaeilge a chur ar dualgas sa Ghaeltacht. Chuir an Coimisinéir Teanga an tuarascáil a foilsíodh ar an ábhar faoi bhráid Thithe an Oireachtais.

Mar thoradh ar Thuarascáil an Choimisinéara fógraíodh i mí Bealtaine go mbeadh coiste nua Gaeilge le bunú sa Gharda Síochána a mbeidh an Coimisinéir Drew Harris ina chathaoirleach air. Thug Coimisinéir an Gharda Síochána an méid sin le fios nuair a tháinig sé os comhair Choiste Gaeilge an Oireachtais chun ceisteanna a fhreagairt faoi shárú a bheith déanta ag an bhfórsa ar an dlí teanga.

Cúrsaí Oideachais

Léirigh figiúirí a d’fhoilsigh Tuairisc.ie go raibh méadú 11% tagtha ar an líon daltaí ar tugadh díolúine dóibh ón Ghaeilge ó cuireadh córas úr i bhfeidhm i mí Mheán Fómhair. Nuair a fógraíodh an córas úr anuraidh dúirt an Roinn Oideachais go ndéanfadh sé rud ‘annamh agus eisceachtúil’ den díolúine.

Go dtí anuraidh, bhí gá le teastas ó shíceolaí oideachais ag dearbhú go raibh deacracht foghlama ag dalta sa Ghaeilge mar ábhar scoile.

Ach tá cead ag príomhoidí iar-bhunscoile an díolúine sin a cheadú, de réir scór caighdeánach i dtrialacha léitheoireachta, tuigbheála agus litrithe.

Léiríonn na figiúirí a chuir an Roinn Oideachais ar fáil don suíomh nuachta Tuairisc.ie gur ceadaíodh díolúine do 6,686 dalta sa scoilbhliain reatha (2020-21) i gcomparáid le 6,026 dalta an bhliain roimhe sin, sin méadú 11%. Ó tugadh an córas nua isteach, tugadh 2,864 díolúine mar thoradh ar thrialacha léamhthuisceana, tugadh 1,077 díolúine mar thoradh ar thrialacha léamh focal agus tugadh 1,057 díolúine mar thoradh ar thrialacha litrithe.

Faoin chóras nua tá cead chomh maith díolúine a fháil má bhíonn dalta i scoil nó i rang speisialta agus fuair 436 dalta díolúine ón nGaeilge sa gcás sin.

Dúirt an Roinn Oideachais gur tugadh díolúine do 1,252 dalta a raibh teastas faighte acu faoin seanchóras.

Nuair a chuirtear na díolúintí sin ar fad le chéile, 6,686 dalta a fuair díolúine ó staidéar na Gaeilge de bharr deacracht foghlama sa scoilbhliain 2020-2021, ardú 660 ar fhigiúr na bliana roimhe sin.

Sa bhreis air sin, chuir an an tOllamh Pádraig Ó Duibhir, Leas-Déan, Institiúid Oideachais Ollscoil Chathair Bhaile Átha Cliath, aighneacht láidir faoi bhráid Coiste Oireachtais i mí Márta ag maíomh go séantar deis ar imircigh meascadh le daltaí eile de thairbhe chóras díolúine na Gaeilge. Rinne an tOllamh Ó Duibhir achainí cláir Ghaeilge a fhorbairt a thabharfadh deis d’inimircigh an Ghaeilge a fhoghlaim seachas díolúine iomlán a bhronnadh orthu.

I mí Feabhra, léirigh ábhair oidí ó Choláiste Hibernia an-mhíshástacht mar go gcaithfí beagnach an costas céanna a dhíol do chúrsa Gaeltachta ar líne is a bheadh le díol dá mbeidís ann go fisiciúil. Cé gur cúrsaí ar líne atá i gceist, bhí costas €650 orthu. €750 a bhí ar an chúrsa nuair a bhí turas chun na Gaeltachta i gceist. Dúirt na mic léinn fosta nach bhfuil sé ceart ná cóir nach bhfuil siad i dteideal deontas Gaeltachta. Dúirt an Teachta Dála Éamon Ó Cuív go léiríonn dearcadh an Aire Oideachais i leith cúrsaí Gaeltachta na n-ábhar oidí a laghad ‘measa’ agus ‘tuisceana’ atá ag an Roinn Oideachais ar thábhacht na gcúrsaí sin. Thug an tAire Oideachais, Norma Foley, le fios i bhfreagra ar cheist Dála gur leor cúrsa ‘Gaeltachta’ a dhéanamh ar líne chun cáiliú mar mhúinteoir i mbliana. De ghnáth bíonn ar na hábhair oidí ‘Tréimhse Foghlama sa Ghaeltacht’ a dhéanamh chun go mbeidís cáilithe ach ní raibh siad ábalta é sin a dhéanamh i mbliana ná anuraidh de dheasca na paindéime. Tháinig sé chun solais ina dhiaidh sin go raibh ábhar oidí atá sa chéad bhliain sna coláistí oiliúna i measc na ndaoine a raibh cúrsaí Gaeltachta ar líne á ndéanamh acu i mbliana in ainneoin go mbeidh trí bliana eile acusan chun tréimhsí a chaitheamh sa Ghaeltacht.

Mí Feabhra foilsíodh eolas faoin dá chúrsa nua Gaeilge atá le tabhairt isteach don Ardteist – ceann do dhaltaí i scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus ceann do scoileanna Béarla. Tá saineolaithe ar an oideachas Gaeilge agus Gaeltachta ag éileamh le blianta fada go dtabharfaí isteach cúrsa breise don Ardteist a thabharfadh aird ar riachtanais an chainteora dúchais.

Ach léirigh roinnt saineolaithe ar labhair an suíomh idirlín Tuairisc.ie leo iontas agus imní faoi ghnéithe de na cúrsaí nua, nó na sonraíochtaí T1 agus T2 mar a thugann an Roinn Oideachais orthu.

Bhí iontas ar roinnt daoine faoina chosúla lena chéile is a bhí cur chuige an dá shiollabas.

B’údar iontais go háirithe an bhéim chéanna a bheith ar an gcumarsáid sa dá chúrsa agus 35% den mharc iomlán le cur ar leataobh don scrúdú cainte sa dá cheann, an cúrsa T1 don chainteoir líofa agus an cúrsa T2 do na daltaí eile atá ag saothrú na Gaeilge mar dhara teanga.

Cúrsa nua níos dúshlánaí a mbeadh an-bhéim ann ar shaibhriú na teanga agus ar an litríocht an t-éileamh is coitianta atá déanta ag saineolaithe ar feadh na mblianta.

Maidir le cúrsaí litríochta, is beag difríocht idir líon na dtéacsanna a bheidh le staidéar ag an dalta líofa agus an dalta eile.

Trí dhán bhreise le file ainmnithe a bheidh le déanamh ag an dalta a roghnódh an scrúdú níos dúshlánaí. 20% de na marcanna don litríocht atá molta don dá chúrsa. Mar a chéile atá na marcanna roinnte amach idir léamh, labhairt agus scríobh na Gaeilge don dá chúrsa.

Beidh scrúdú ardleibhéil agus gnáthleibhéil ar fáil don dá chúrsa agus is cosúil go gcuirfeadh na cúrsaí nua deireadh leis an nGaeilge bonnleibhéil don Ardteist.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir nach raibh ‘mórán eolais faoi dhaoine óga ná faoin Ardteist’ ag ‘cibé duine a smaoinigh’ ar chur chuige na Roinne.

Baineadh ‘stangadh’ as, nuair a chuala sé an smaoineamh go bhféadfaí cúrsa níos dúshlánaí a thabhairt isteach do chainteoirí líofa gan an dúshlán breise sin a chúiteamh leo. Bhí a leithéid de phlean chomh ‘craiceáilte, a dúirt sé, agus a bheadh sé an luach saothair céanna a bheith ag imreoir iomána nó peile as cúl nó cúilín a scóráil.

Dúirt ceardchumann an TUI i mí an Mheithimh go raibh siad glan i gcoinne pointí bónais a bhronnadh ar chainteoirí líofa Gaeilge a thabharfadh faoi chúrsa nua níos dúshlánaí san Ardteist.

Leatrom ar dhaltaí i scoileanna Béarla agus ‘bearna phribhléide ó thaobh na Gaeilge’ an toradh a bheadh ar phointí bónais don chúrsa nua T1 - a deir an ceardchumann.

Mí Márta scríobh trí eagraíocht déag a bhfuil baint acu leis an oideachas agus an Ghaeilge chuig ceannasaí na Comhairle an Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta a dhear an curaclam iarbhunscoile, ag iarraidh go gcuirfí siar an próiseas comhairliúcháin faoin Ghaeilge sa tSraith Shinsearach. D’éiligh na grúpaí seo go gcuirfí an comhairliúchán ar athlá mar nach bhfuil aon iniúchadh déanta fós ar athruithe a rinneadh ar an ábhar sa Teastas Sóisearach in 2017.

D’fhógair Comhairle na Gaelscolaíochta i mí Márta go raibh níos mó ná 7,000 dalta cláraithe i nGaelscoileanna an Tuaiscirt agus go raibh níos mó ‘suime ná riamh’ sa ghaeloideachas.

Dúirt Ciarán Mac Giolla Bhéin, Príomhfheidhmeannach Chomhairle na Gaelscolaíochta, nár mhór don Roinn Oideachais agus na húdaráis eile ‘a bheith ullmhaithe’ lena chinntiú nach mbeadh ‘aon bhac’ roimh a thuilleadh fáis san earnáil.

Bhí dea-scéala san earrach ó thaobh cúrsaí oideachais i nDún Dealgan i gContae Lú nuair a d’fhógair an tAire Oideachais Norma Foley go gcuirfear oideachas iar-bhunscoile lán-Ghaeilge ar fáil do dhaltaí ar an bhaile ó mhí Mheán Fómhair. Thug an tAire Foley cead satailít de chuid Choláiste Ghlór na Mara i mBaile Brigín a lonnú ar champas i nDún nDealgan. Bhí míshástacht le tamall faoi oideachas lán-Ghaeilge sa cheantar a bhí á chur ar fáil in aonad lán-Ghaeilge i gColáiste Chú Chulainn i nDún Dealgan.

Dheimhnigh Ollscoil na hÉireann, Gaillimh i mí Bealtaine go raibh deireadh leis an riachtanas Gaeilge a bhaineadh le postanna riaracháin sa choláiste.

Roimhe seo bhíodh inniúlacht sa Ghaeilge riachtanach do phostanna riaracháin grád 1,2 agus 3 san ollscoil. Comhairle Acadúil na hOllscoile a mhol go gcuirfí deireadh leis an riachtanas Gaeilge agus thug Údarás na hOllscoile a mbeannacht don chinneadh.

Léirigh Tuairisc.ie mí na Bealtaine gur 73 mac léinn as 200,000 a bhí i mbun staidéir anuraidh ar chúrsaí tríú leibhéal a raibh an teagasc trí Ghaeilge orthu.

Ocht gcúrsa a raibh an teagasc trí Ghaeilge orthu, seachas cúrsaí múinte Gaeilge, a bhí ar fáil in 2019-2020.

I gcúig institiúid tríú leibhéal a bhí na hocht gcúrsa ar siúl. 127 cúrsa a bhí ann, idir chúrsaí trí Ghaeilge agus chúrsaí múinte Gaeilge agus 1,799 mac léinn a d’fhreastail ar na cúrsaí sin ar fad.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív gur léir ó na figiúirí sin go bhfuil an Ghaeilge ag dul ar gcúl ag an tríú leibhéal le fada, taobh amuigh de na cúrsaí múinte Gaeilge.

Dúirt sé fosta go raibh géarghá maoiniú a chur ar leataobh chun cur le líon na gcúrsaí a ndéantar iad a theagasc trí Ghaeilge.

Glanadh portráid d’Eoin O’Duffy de mhúrphictiúr in iarbhunscoil lán-Ghaeilge tar éis do dhaoine gearán a dhéanamh faoi cheannaire na Léinte Gorma a bheith le feiceáil sa scoil. Choimisiúnaigh Coláiste Oiriall, atá lonnaithe i gCnoc an Chonnaidh i Muineachán, múrphictiúr ina raibh daoine aitheanta ón gceantar le feiceáil.

Rinneadh cinneadh Naíscoil na Seolta in oirthear Bhéal Feirste a athlonnú ó thailte Bhunscoil Braniel de bharr feachtas fuatha ar líne. Dúirt Linda Ervine ar Facebook go raibh bréaga á n-insint ar na meáin shóisialta faoin togra.

In ainneoin an fheachtais ina choinne thosaigh na chéad pháistí ag freastal ar an naíscoil nua mí Dheireadh Fómhair.

Ba i mí Dheireadh Fómhair chomh maith a dúirt stiúrthóir oideachais na heagraíochta teanga Gael Linn gur Acht Gaeilge sa Tuaisceart an réiteach ar an ghéarchéim in iarbhunscoileanna Béarla ansin. Léirigh figiúirí nua go raibh titim 40% ar líon na ndaltaí a thug faoin Ghaeilge san GCSE le cúig bliana déag. Sheol an eagraíocht tacaíochta do mhúinteoirí, An Gréasán, litir chuig an Aire Oideachais ó thuaidh, Michelle McIlveen (DUP), faoin ‘titim chriticiúil’ atá ar líon na ndaltaí in iarbhunscoileanna Béarla a roghnaíonn Gaeilge mar ábhar.

Dúradh go raibh gníomh ‘práinneach agus diongbháilte’ de dhíth ón Roinn chun an meath atá tagtha ar an Ghaeilge agus ar theangacha eile sa chóras meánscolaíochta ‘a chasadh ar mhalairt treo.

Cásanna cúirte

Rialaigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ar Lá ’le Pádraig gur sháraigh Rialtas na hÉireann an dlí Eorpach a chuireann dualgas orthu aird a thabhairt ar theangacha oifigiúla na mBallstát. Ba é seo an chéad uair riamh ar tugadh cás i nGaeilge i gCúirt Bhreithiúnais na hEorpa ó rinneadh ball den AE d’Éirinn i 1973.

Peadar Mac Fhlannchadha, atá ina Leas-Rúnaí ar Chonradh na Gaeilge, a thóg an cás in aghaidh an Aire Talmhaíochta agus an Stáit agus é ag maíomh gur sárú ar threoir Eorpach é gan an Ghaeilge a bheith á húsáid freisin ar tháirgí leighis d’ainmhithe sa tír seo.

Cinneadh san Ard-Chúirt i mBaile Átha Cliath mí Iúil 2019 go raibh dualgas teanga faoi dhlí Eorpach á shárú ag an stát seo mar go gceadaítear Béarla amháin a úsáid ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Deineadh cinneadh fosta in 2019 ceist a d’eascair as cás Mhic Fhlannchadha, a chur faoi bhráid na cúirte i Lucsamburg.

Soiléiriú a theastaigh ón mBreitheamh Ard-Chúirte Úna Ní Raifeartaigh maidir le ceist dlí faoi threoracha Eorpacha.

Ba í an cheist ná an bhfuil sé de rogha ag cúirt i mballstát de chuid an AE diúltú faoiseamh a cheadú i gcás faoi chearta a bhaineann le dlí na hEorpa.

Rialaigh an Ard-Chúirt i mí an Mheithimh go gcaithfear rialacháin nua a thabhairt isteach ag ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Dúirt an Breitheamh Ní Raifeartaigh nach aon ‘phléisiúr’ di a cinneadh go gcaithfí na rialacháin nua a thabhairt isteach. D’fhéadfadh, a dúirt sí, ‘impleachtaí diúltacha praiticiúla’ a bheith ag an gcinneadh do ghnó na talmhaíochta, go háirithe agus deireadh le teacht leis an treoir ón AE sa bhliain nua.

Rinne na Roinn Talmhaíochta achomharc faoi chinneadh na hArd-Chúirte faoin ordú go mbeadh Gaeilge agus Béarla ar lipéid agus pacáistiú táirgí leighis d’ainmhithe.

Mháigh an Stát nár bhain an cheist le hábhar mar go bhfuil an treoir ag dul in éag agus nach bhfuil aon éifeacht ag an treoir.

Dúirt lucht dlí Mhic Fhlannchadha go raibh an treoir chéanna ‘soiléir, beacht agus neamhchoinníollach’.

I mí Aibreáin, sa Phríomhchúirt Choiriúil gearradh téarma príosúin 8 mbliana ar Conor Quaid ón Daingean. Ciontaíodh an fear atá sé bliana fichead d’aois as bean óg a éigniú le linn di bheith ina codladh ina teach féin in 2018.

Sular gearradh téarma príosúin air cuireadh roinnt teistiméireachtaí faoi charachtar Conor Quaid os comhair na cúirte, ina measc bhí teistiméireachtaí tacaíochta ó fhir ghnó, iar-bhall don Gharda Síochána agus ball de Chumann Lúthchleas Gael an Daingin.

Ar chlár Liveline ar RTE an tseachtain dár gcionn léadh amach litir ó chlann na mná a léirigh fearg agus míshástacht faoi na teistiméireachtaí sin agus an suaitheadh a chothaigh siad don bhean.

D’fhógair Conradh na Gaeilge i mí Aibreáin go rabhthas ag bagairt an dlí ar Fheidhmeannas Stormont mar gheall ar an mhoill a bhí ar straitéis don Ghaeilge a chur i bhfeidhm ó thuaidh. Rialaigh an Ard-Chúirt i mBéal Feirste in 2017 gur theip ar an Fheidhmeannas an dualgas atá orthu ó thaobh an dlí a chomhlíonadh mar nár thug siad isteach Straitéis don Ghaeilge. In Eanáir na bliana anuraidh sa tsocrú a rinneadh nuair a athbhunaíodh institiúidí Stormont gealladh straitéis Ghaeilge agus bhí amscála 100 lá leagtha síos lena chuir i bhfeidhm. Bhí Acht Gaeilge geallta fosta sa socrú a rinne páirtithe Stormont anuraidh mar chuid de phacáiste cultúrtha níos leithne ach níl aon amscála luaite ag an Fheidhmeannas dá chur i bhfeidhm ach an oiread.

Mí Aibreáin dhiúltaigh an Chúirt Achomhairc d›achomharc a rinne iar-aisteoir i Ros na Rún Garrett Phillips i gcoinne a chiontaithe maidir le bean óg a éigniú i nGaillimh breis is cúig bliana ó shin. Mhaígh dlíodóirí Garret Phillips go mba cheart cead a bheith faighte ag a fhoireann dlí an bhean a cheistiú le linn na trialach i mí Aibreáin 2018. Ciontaíodh Phillips a bhí 48 bliain d’aois agus a bhfuil beirt leanaí aige in éigniú a dhéanamh mí na Samhna 2015 agus gearradh sé bliana príosúin air.

I gCúirt Choiriúil Chuarda na Gaillimhe i mí Iúil gearradh tréimhse príosúin seacht mí dhéag ar iarmhúinteoir scoile as Conamara - faoi ionsaí mígheanasach a dhéanamh ar bhuachaill deich mbliana d’aois ag coláiste samhraidh i gConamara i 1979. Ciontaíodh Seosamh Ó Ceallaigh roimhe sin in ionsaithe gnéis agus in éigniú leanaí.

Mí Mheán Fómhair cuireadh clabhsúr ar chás cúirte nuair a cuireadh cosc tiomána ar an iarSheanadóir as Gaeltacht Dhún na nGall Brian Ó Domhnaill ar feadh trí bliana. Bhí an t-iarSheanadóir ag troid in éadan an cháis ar feadh ocht mbliana ach thug a dhlíodóir, Seán Cannon, le fios do Chúirt Dúiche Leitir Ceanainn go mbeadh a chliant ag pléadáil ciontach.

I mí Dheireadh Fómhair theip ar dhúshlán cúirte a ghlac Gaeilgeoir óg i mBéal Feirste in aghaidh saoránacht na Breataine a bheith tugtha di.

Thug an déagóir cás in aghaidh rialtas na Breataine ag áitiú gur sárú ar a cearta daonna saoránacht nach raibh uaithi a thabhairt di.

Is dalta i scoil lán-Ghaeilge í an cailín a ghlac an cás. Mhaígh sí go raibh sí ‘go hiomlán sáite’ i gcultúr na hÉireann agus gurb í an Ghaeilge a céad teanga.

Saoránach de chuid na hÉireann í an cailín ach tugadh saoránacht Bhriotanach di nuair a rugadh í.

Chinn an Breitheamh Schoffield san Ard-Chúirt nach gcuireann saoránacht na Breataine isteach ná amach ar a cinneadh a rá gur saoránach de chuid na hÉireann í. Mheas sé nach raibh aon fhianaise nó sampla curtha ar fáil a léireodh gur chun dochair an chailín an tsaoránacht Bhriotanach.

Na mhí seo caite cuireadh ar ceal san Ard-Chúirt cinneadh a rinne an Bord Pleanála cead pleanála a thabhairt d’óstán agus scéim 30 teach sa bhaile beag Gaeltachta Ráth Chairn.

Chuir an Breitheamh Bronagh O’Hanlon an cinneadh ar ceal toisc go go raibh measúnú tionchar teanga an fhorbróra ‘fíorlochtach ó bhonn agus ina neamhní’ agus toisc nár cruthaíodh gur chun leas na Gaeilge sa cheantar a bheadh an fhorbairt.

Dúirt an Breitheamh O’Hanlon gur sháraigh cinneadh an Bhoird Pleanála plean forbartha na Mí, polasaí an Rialtais agus ‘polasaí seasta agus reachtúil’ an Stáit i leith na Gaeilge agus na Gaeltachta.

Measadh gur údar misnigh a bhí i mbua Chomharchumann Ráth Chairn do ghníomhaithe eile atá ag iarraidh go dtabharfaí cosaint níos fearr don teanga sa chóras pleanála.

Údarás na Gaeltachta

De réir Ráiteas Deireadh Bliana 2020 Údarás na Gaeltachta, bhí 7,363 post lánaimseartha ina chliantchomhlachtaí ag deireadh na bliana agus cruthaíodh 427 post nua in 2020.

Glanlaghdú 6% post lánaimseartha a bhí i gceist in 2020. Dúirt an tÚdarás go raibh dúshláin mhóra roimh earnáil na turasóireachta agus gnóthaí gaolmhara de bharr Covid-19.

Faoi dheireadh na bliana ní raibh ach plean teanga Gaeltachta amháin fágtha le ceadú faoin bpróiseas pleanála teanga.

D’fhógair Aire Stáit na Gaeltachta go raibh plean teanga Ghaeltacht Láir Thír Chonaill ceadaithe aige, rud a d’fhág go raibh pleananna ceadaithe do 25 den 26 Limistéir Pleanála Teanga a bunaíodh faoi Acht na Gaeltachta 2012.

Chuir Teachtaí Dála de chuid an fhreasúra agus Teachtaí Dála de chuid an Rialtais fáilte mhór roimh fhógra an Aire Stáit go dtabharfaí toghchán an Údaráis ar ais.

Dúirt an t-iar-aire Gaeltachta Éamon Ó Cuív nach raibh ‘aon amhras ann ach go bhfuil an ceangal a bhíodh idir an pobal agus an tÚdarás laghdaithe’ ó cuireadh deireadh leis na toghcháin. ‘Ba chóir gur in úinéireacht an phobail a bheadh Údarás na Gaeltachta,’ a dúirt Ó Cuív agus fáilte á cur aige roimh fhógra an Aire Stáit.

I mí Aibreáin b’éigean don chomhlacht Randox, a bhfuil saotharlann acu i nGaeltacht Dhún na nGall, leithscéal a ghabháil as treoir gan ach Béarla a labhairt ag an obair a chur chuig a gcuid oibrithe sa Ghaeltacht.

Dúirt Aire Stáit na Gaeltachta Jack Chambers nach raibh sé ‘inghlactha ar chor ar bith’ go dtarlódh a leithéid.

Agus plé á dhéanamh sa Dáil ar an bhille teanga, cháin roinnt Teachtaí Dála Randox go láidir agus dúradh nach bhféadfaí glacadh lena leithéid, bíodh botún i gceist nó ná bíodh.

Dúradh go raibh athbhreithniú ar siúl ar chur chuige an Údaráis maidir leis na coinníollacha teanga a leagtar ar na comhlachtaí a dtacaíonn siad leo.

Léirigh Tuairisc.ie i dtús an tsamhraidh nach raibh aon taifead ag Údarás na Gaeltachta d’aon chás le deich mbliana anuas inar coinníodh siar deontas ó chomhlacht mar nár chloígh siad le coinníollacha teanga.

Dúirt Jack Chambers, Aire Stáit na Gaeltachta, gurb amhlaidh gur thug Údarás na Gaeltachta le fios dó nach raibh an teicneolaíocht acu le cuntas a choimeád ar chásanna inar sháraigh comhlachtaí na coinníollacha Gaeilge a leagadh orthu agus gur coinníodh siar a ndeontas dá bharr.

Dheimhnigh an tAire Chambers ina dhiaidh sin i bhfreagra a thug sé ar cheist Dála nár choinnigh Údarás na Gaeltachta aon phingin siar ó aon chomhlacht riamh mar gheall ar choinníoll teanga a shárú.

Tuairiscíodh mí Dheireadh Fómhair go raibh córas nua á fhorbairt ag an Údarás mar chuid den athbhreithniú atá á dhéanamh ar an gcur chuige atá acu maidir le monatóireacht

Fógraíodh i mí Aibreáin go raibh méadú le teacht ar fhoireann bhuan Údarás na Gaeltachta den chéad uair le breis is deich mbliana mar go raibh sé phost nua fógartha san eagraíocht.

De réir plean straitéiseach a d’fhógair an tÚdarás i mí an Mheithimh tá súil acu breis is 1,500 post lánaimseartha nua a chruthú sa Ghaeltacht roimh dheireadh 2025.

Deirtear i straitéis nua Údarás na Gaeltachta go bhfuil sé mar sprioc acu go mbeidh 9,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí dá chuid i gceann cúig bliana.

Dúirt an tÚdarás gur ‘tréimhse chinniúnach’ í seo don Ghaeltacht agus gur ‘ábhar machnaimh’ a bhí i dtorthaí Dhaonáireamh 2016 i leith na teanga. Léirigh na torthaí sin gur tháinig laghdú 11% ar líon na gcainteoirí laethúla Gaeilge lasmuigh den chóras oideachais sa Ghaeltacht idir 2011-2016.

Ardú 15% ar líon na bpostanna a dtacaíonn an tÚdarás leo a bheadh i gceist má éiríonn leo a sprioc fostaíochta – 9,000 – a bhaint amach roimh dheireadh 2025.

Fógraíodh i mí Eanáir go raibh RA Pacáistí Teoranta i nGaoth Dobhair - ina bhfuil suas le 200 duine fostaithe - ceannaithe ag ProAmpAc Holdings, comhlacht mór as Meiriceá agus ceannródaí i bpacáistiú earraí.

Déanann RA Pacáistí atá lonnaithe ar Pháirc Gnó Ghaoth Dobhair pacáistiú do leithéidí Starbucks, McDonald’s, British Airways, Asda agus Sainsbury’s. Fógraíodh i mí Feabhra go rabhthas le breis agus 30 post nua a chruthú i nGaeltacht Iorrais agus go mbeadh an comhlacht clúiteach idirnáisiúnta IPSOS/MRBI ag lonnú ansin. Tá an comhlacht taighde margaíochta chun leas a bhaint as ionaid gteic Údarás na Gaeltachta sa cheantar.

D’fhógair Cambus Medical/Freudenberg Medical go rabhthas le 40 post nua do dhaoine a bhfuil ardscileanna acu a chruthú in ionad an chomhlachta sa Spidéal i gConamara.

Tá infheistíocht bhreise €1.9 milliún le déanamh san ionad agus súil ag an chomhlacht an déantúsaíocht ansin a mhéadú 60%.

Tá sé mar aidhm ag Cambus Medical/Freudenberg Medical freisin os cionn 170 duine a bheith fostaithe acu sa Spidéal faoi dheireadh na bliana.

Bhí díomá ar phobal Iorras Aithneach i mí Iúil nuair a dhiúltaigh Comhairle Chontae na Gaillimhe d’iarratas Údarás na Gaeltachta páirc mhara a thógáil sa cheantar. Bhí Páirc na Mara ar an fhiontar is mó agus is uaillmhianaí ag Údarás na Gaeltachta, forbairt a bhfuil 200 post agus na scórtha milliún d’infheistíocht luaite léi.

Ceithre chúis a bhí ag an gComhairle Contae gan cead a thabhairt do Pháirc na Mara, ina measc cúrsaí caomhnaithe, cúrsaí soláthair uisce agus ‘tuilleadh sonraí san iarratas féin’.

Ach dúirt Údarás na Gaeltachta, a chaith 14 mí agus a rinne infheistíocht de €1m ar an obair ullmhúcháin, gur cuireadh iarratas pleanála ‘cuimsitheach’, faoi bhráid na Comhairle Contae.

Dúirt an grúpa ‘Jabanna do Cheantar Iorras Aithneach’ gur ‘buille marfach’ don cheantar a bheadh ann mura leanfaí ar aghaidh leis an tionscadal seo.

€1.5 milliún breise a cuireadh ar fáil d’Údarás na Gaeltachta sa bhuiséad a fógraíodh mí Dheireadh Fómhair. €800,000 breise a cuireadh ar fáil don phróiseas pleanála teanga.

Foras na Gaeilge

Dúirt tuarascáil athbhreithnithe ar fheidhmiú Fhoras na Gaeilge go bhfuil an eagraíocht dírithe den chuid is mó ar dheontais agus ar dháileadh maoine agus gur cheart don Fhoras béim níos mó a leagan ar chur chun cinn na Gaeilge.

Thug an comhlacht comhairleoireachta Baker Tilly le fios go raibh easpa soiléireachta ann faoi róil daoine san eagraíocht.

Bhí cruinniú den Chomhairle Aireachta Thuaidh/Theas a cuireadh ar ceal ag an bhomaite deireanach i mí Aibreáin ina ábhar mór imní do chainteoirí Gaeilge ag deireadh mhí an Mhárta. Ar Tuairisc.ie a tháinig sé chun solais gur cuireadh an cruinniú ardleibhéil ar ceal tráth a raibh sé ina imní mhór gurb é an comhoibriú thuaidh-theas a bheadh thíos le feachtas an DUP in aghaidh an Phrótacail iarBhreatimeachta. Bhí sé beartaithe cúrsaí teanga a phlé ag an chruinniú. Ní raibh oifig an aire a bhí i gceist, Gordon Lyons, sásta aon mhíniú a thabhairt faoin chúis gur cuireadh an cruinniú ar ceal.

Cinneadh san adh san Ard-Chúirt i mBéal Feirste i mí Dheireadh Fómhair go bhfuil baghcat an DUP ar chruinnithe thuaidh/theas mídhleathach.

Ceapadh an tOllamh Regina Uí Chollatáin ina Cathaoirleach ar Bhord Fhoras na Gaeilge mí na Bealtaine.

Is í Regina Cathaoir agus Ollamh na Nua-Ghaeilge agus Ceann Scoil na Gaeilge, an Léinn Cheiltigh agus an Bhéaloidis i gColáiste Ollscoile Bhaile Átha Cliath agus is iarbhall de Bhord Stiúrtha TG4 í.

Cháin an tOifigeach Pleanála Teanga, Victor Bayda, Foras na Gaeilge as físeán grinn a scaipeadh ar líne ina ndéantar scigmhagadh faoi litriú na Gaeilge.

Scaip an Foras físeán ar a leathanach Facebook ina ndéantar cur síos ar na difríochtaí atá ann idir litriú agus foghraíocht ainmneacha áirithe i nGaeilge.

Dúradh go magúil sa bhfíseán freisin go gcruthódh litriú na n-ainmneacha Gaeilge deacrachtaí do dhaoine a bhfuil disléicse orthu agus daoine a bhfuil deacrachtaí foghlama eile acu.

Dúirt an Foras gur scaipeadh an físeán mar go dtaitníonn físeáin ghrinn dá leithéid lena leantóirí.

Léirigh Tuairisc.ie i mí Bealtaine nach raibh ach aon chruinniú amháin le cúig bliana anuas ag an Fhoras le haire ar bith seachas na hairí a raibh cúram na Gaeilge orthu. De réir reachtaíocht bhunaidh Fhoras na Gaeilge, tá sé de dhualgas orthu comhairle faoin nGaeilge a thabhairt don dá lucht riaracháin.

Na meáin

Rinne fear a tháinig slán ó ionsaí gnéis a dhein bunaitheoir Choláiste na bhFiann Domhnall Ó Lubhlaí air impí i mí Eanáir go bhfoilseodh an Roinn Dlí agus Cirt agus na Gardaí athbhreithniú a rinne na Gardaí ar chás Uí Lubhlaí sé bliana ó shin. Dúirt Liam ó

Maolaodha go bhfuil eolas á cheilt agus gur cheart go n-ainmneofaí na daoine a chreideann seisean a lig do Ó Lubhlaí leanúint ar aghaidh ag déanamh ionsaithe ar bhuachaillí óga ar feadh na mblianta. Dúirt sé an méid sin tar éis don tsraith teilifíse ar TG4 Finné clár a dhéanamh faoin ábhar.

I ráiteas a thug an Garda Síochána do Nuacht TG4, dúradh go dtáinig an t-athbhreithniú chun críche in 2014. Dúradh fosta gur cáipéis inmheánach de chuid na nGardaí a bhí san athbhreithniú agus nach bhfoilsítear cáipéisí dá leithid de ghnáth.

Ach dúirt leasCheann Comhairle na Dála, Catherine Connolly, go raibh sé tábhachtach tuarascálacha faoi mhí-úsáid ghnéis a fhoilsiú agus dul i ngleic lena bhfuil iontu.

D’fhógair Raidió na Gaeltachta i mí Eanáir go mbeadh Eoin Ó Catháin, as contae an Chláir, ag tuairisciú faoi chúrsaí polaitíochta ar chláracha nuachta agus cúrsaí reatha an stáisiúin. Chuaigh na craoltóirí aitheanta Edel Ní Chuirreáin, Seán Ó hÉanaigh agus Jeaicí Mac Gearailt ar scor ón raidió in 2021.

Cuireadh aighneachtaí spéisiúla faoi bhráid an Choimisiúin um Thodhchaí na Meán mí Eanáir. Mhaígh TG4 nach raibh ‘aon chlúdach domhain’ á dhéanamh ar chúrsaí reatha i nGaeilge, ar theilifís ná ar raidió, mar gheall ar easpa acmhainní.

Dúradh ina n-aighneacht go bhfuil bearnaí móra sna seirbhísí closamhairc a chuirtear ar fáil do phobal na Gaeilge maidir le hábhar do dhaoine óga agus an clúdach a dhéantar ar chultúr agus ócáidí na Gaeilge.

In aighneacht a tháinig ó fhoireann RTÉ Raidió na Gaeltachta maíodh go bhfuil ‘creimeadh’ á dhéanamh ar an tseirbhís a chuireann siad ar fáil cheal acmhainní.

Dúradh fosta go bhfuil 30-40% níos lú daoine ag obair i RnaG ná mar a bhí in 2008. Bhí ‘bearnaí móra’ dá réir sa tseirbhís agus gan dóthain daoine ann le freastal ar ‘riachtanais an stáisiúin; a dúradh sa cháipéis a chuir baill den NUJ le chéile. Éilíodh fosta go gcuirfí foireann RTÉ Raidió na Gaeltachta ar comhphá lena gcomhghleacaithe in RTÉ.

Dúradh in aighneacht a chuir Comhar agus Tuairisc.ie faoi bhráid an Choimisiúin go bhfuil an maoiniú a chuirtear ar fáil do na meáin scríofa Ghaeilge ‘easnamhach amach is amach’.

Ó 2014 i leith cuireann Foras na Gaeilge €500,000 sa bhliain ar fáil do Tuairisc.ie, Comhar agus Nós i gcomparáid le gar do €60 milliún do TG4 agus RTÉ Raidió na Gaeilge, a dúradh.

Ar an chlár Tús Áite le Fachtna Ó Drisceoil mhínigh an scríbhneoir teilifíse, Antoin Beag Ó Colla, go mbeadh leisce air pilleadh chun cónaí ina cheantar dúchais Machaire Rabhartaigh i nGaeltacht Dhún na nGall cionn is gur fhulaing sé maslaí agus iompar homafóbach ó ghrúpa beag daoine sa cheantar.

I mí Aibreáin léirigh baill foirne i Nuacht TG4 a ndíomá faoi chiorruithe a fógraíodh ar acmhainní na seirbhíse.

Chuir Jon Williams, Ceannasaí na nuachta in RTÉ, foireann an tseomra nuachta ar an eolas faoin scéal agus dúirt go raibh na hathruithe á ndéanamh ‘le bheith níos éifeachtúla agus le hairgead a shábháil’.

Faoi na socruithe nua ní bheidh aon cheamara dá gcuid féin ag lucht na seirbhíse Gaeilge i mBaile Átha Cliath ag an deireadh seachtaine feasta. Chomh maith leis sin beidh lucht na nuachta Gaeilge i dtaobh le ceamara amháin san ardchathair Dé Máirt. Beidh foireann na nuachta Gaeilge ag brath gach Satharn agus Domhnach ar ábhar físe ó Bhaile Átha Cliath a fháil ó sheomra nuachta an Bhéarla.

I mí Bealtaine dúirt Príomhfheidhmeannach Údarás Craolacháin na hÉireann, Michael O’Keefe, nach féidir stáisiún náisiúnta Gaeilge don aos óg a bhunú ar FM mar nach bhfuil dóthain spáis ann dá leithéid. Dúirt sé ag cruinniú de choiste Gaeilge an Oireachtais go raibh sé ‘mar pholasaí’ ag an Údarás go mbunófaí seirbhís raidió náisiúnta don aos óg ‘cosúil le Raidió Rí Rá’.

Chosain Ard-Stiúrthóir TG4 Alan Esslemont a chinneadh Béarla amháin a labhairt ag cruinniú de choiste Oireachtais, fiú nuair a cheistigh Seanadóir i nGaeilge é. ‘I’ll reply in English…[it’s] better for the record,’ a dúirt Alan Esslemont leis an Seanadóir Malcolm Byrne ag cruinniú den Choiste um na Meáin, Turasóireacht, Ealaíona, Cultúr, Spórt agus Gaeltacht. Dúirt Alan Esslemont go raibh ‘cead ag Ard-Stiúrthóir TG4 cás TG4 a chur ar aghaidh go neamhbhalbh in aon teanga agus in aon fhóram, náisiúnta agus idirnáisiúnta’.

Léirigh taighde a dhein Ollscoil na hÉireann Gaillimh, le comhairle ón chomhlacht Red C, agus a foilsíodh mí an Mheithimh go raibh leibhéal ard sástachta le caighdeán na nuachta i nGaeilge ach go raibh an pobal ag lorg soláthar níos mó agus níos leithne. Bhí an sciar de phobal na Gaeilge a ghlac páirt sa taighde ag éileamh tuilleadh nuachta, tuilleadh cláracha cúrsaí reatha, agus go ndéanfaí infheistiú san soláthar nuachta ar-líne agus san iriseoireacht iniúchta.

Scéalta atá éagsúil ó na meáin Bhéarla atá á santú ag daoine, agus ina theannta sin, leagan eile, dearcadh eile, súil eile, ar scéalta náisiúnta agus idirnáisiúnta.

Moladh réimse na nuachta áitiúla a bhíonn ar an teilifís, ach tá an pobal ag iarraidh go gcuirfí leis an sruth scéalta sin.

Bhí go leor cainteoirí Gaeilge míshásta gur i mBéarla ar fad a bhí clár a rinne Nationwide faoin chumadóir Seán Ó Riada.

D’admhaigh Grúpcheannasaí Gaeilge RTÉ, Niamh Ní Churnáin, ag cruinniú Choiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais go mbeadh sé níos ‘nádúrtha’ dá mba chlár Gaeilge an clár a craoladh faoin Riadach mar chomóradh ar 50 bliain ar a bhás.

Dúirt an Teachta Dála, Catherine Connolly, nach raibh úsáid cheart á baint ag RTÉ as craoltóirí a bhfuil Gaeilge acu chun an Ghaeilge a chur chun cinn. Mhaígh an Teachta Dála, Éamon Ó Cuív, gur chóir clár Prime Time Investigates a dhéanamh faoi theip RTÉ cloí lena ndualgais reachtúla i leith na Gaeilge.

Chuir TG4 fáilte mhór roimh fhógra an rialtais sa Bhuiséad i mí Dheireadh Fómhair go mbeadh maoiniú breise de €4.2 milliún ag an stáisiún in 2022. €44.9m an maoiniú a bheidh ag TG4 ón státchiste sa bhliain 2022.

D’fhógair TG4 go mbainfí leas an an maoiniú breise chun cainéal nua a bheidh dírithe ar chláir do leanaí a bhunú, chun cur lena soláthar cúrsaí reatha agus chun cláir dhrámaíochta nua a dhéanamh do dhaoine óga agus do dhaoine fásta.

I mí Dheireadh Fómhair, dúirt iarCheannasaí TG4 agus iarStiúrthóir RTÉ, Cathal Goan, go raibh míshuaimhneas ann faoi úsáid an Bhéarla ar TG4. Is é ag tabhairt Léacht Uí Chadhain 2021, dúirt Goan, atá ina Chathaoirleach ar Comhar, nach raibh dóthain maoinithe á chur ar fáil dp na meán scríofa Ghaeilge.

Dúirt sé go mothaíonn lucht na hirise go bhfuil ‘corrán an bháis’ á ghéarú ag lucht ceannais Fhoras na Gaeilge.

Na healaíona

Fógraíodh i mí Márta go raibh Liam Ó Maolaodha ag éirí as mar Stiúrthóir Oireachtas na Gaeilge tar éis dó 25 bliain a chaitheamh i gceannas ar an eagraíocht. Chuaigh an tUasal Ó Maolaodha ar scor i rith an tsamhraidh agus níl aon cheist ach gur tháinig forbairt agus bláthú ar an fhéile le linn a sheal i gceannas.

I mí Bealtaine fógraíodh go raibh Oireachtas na Samhna curtha ar ceal don dara bliain as a chéile.

Bhí féile mhór na nGael le bheith ar siúl i gCill Airne i Mí na Samhna ach socraíodh ag cruinniú de Bhord Stiúrtha Oireachtas na Gaeilge ag deireadh na Bealtaine nach mbeadh an ghnáthfhéile ann de bharr na héiginnteachta a bhain leis na rialacháin Covid-19.

D’fhógair úinéir, bunaitheoir agus stiúrthóir an chomhlachta Cló Iar-Chonnacht i mí Bealtaine go mbeadh sé ag éirí as a chuid cúraimí gnó. 35 bliain a bhí caite ag an scríbhneoir Micheál Ó Conghaile i mbun foilsitheoireachta tráth gur cuireadh 300 leabhar agus 200 diosca ceoil ar an margadh

Tugadh aitheantas don tsárobair atá déanta ag Linda Ervine ar son na teanga in oirthear Bhéal Feirste i mí an Mheithimh nuair a bronnadh MBE uirthi.

Gaeil ar Lár

Tony Birtill - Údar agus iriseoir

Siobhán Fahy – Corca Dhuibhne

Des Fennell - Scríbhneoir

Albert Fry - Ceoltóir

Caitríona Hastings – Údar

Máire Mhac a’ tSaoi - File

Risteard Mac Aodha – Feachtasóir Cultúir

An Dr Conall Mac Cuinneagáin – Dochtúir teaghlaigh, An Spidéal

Pat McCabe - Ailtire

An Dr Tom McGinley – Bunaitheoir Ospís an Fheabhail

Anraí Mac Giolla Chomhaill – Scoláire

Máirtín Mac Grianna – Béal Feirste

Tony Mac Mahon - Ceoltóir

Bríd Ní Chualáin - Craoltóir

Máire Ní Chuinn – Corca Dhuibhne agus Chicago

Máire Rua Ní Ghallchobhair – Gaoth Dobhair

An tAthair Dónal Ó Briain – Sagart Paróiste Baile Bhuirne

Aodh Ó Canainn - Scríbhneoir

Timín Joe Tim Ó Curraidhín – Uachtarán CLG Micheál Breathnach

Maitiú Ó Domhnaill – Peileadóir, An Cheathrú Rua

Breandán Óg Ó Dufaigh - Peileadóir

Tom Sailí Ó Flaithearta – Aisteoir agus drámadóir

Pádraig Ó hAoláin – Iar-Phríomhfheidhmeanach, Údarás na Gaeltachta

An tAthair Tomás Ó hÍceadha – Baile an Fheirtéaraigh

Dónal Ó Loingsigh – Iar-Phríomhoide Scoil an tSeachtair Laoch, Baile Munna

Tomás Ó Máille – Tuar Mhic Éadaigh

Tom Neilí Ó Mainnín – Seanchaí

Niall Ó Murchadha - Fisiceoir

Séamus Ó Scolaí – Scríbhneoir, foilsitheoir

Pádraic John William Seoighe – Bádóir

Antoin Rodgers – Fiaclóir

Laochra na Gaeltachta

Bhí beirt bhan Ghaeltachta i measc na foirne a bhí ag ceiliúradh i dTóiceo na Seapáine i mí Iúil. Ócáid stairiúil a bhí inti mar den chéad uair riamh d’éirigh le foireann rámhaíochta ban - as Éirinn - bonn Oilimpeach a bhuachan.

Ceathrar ban a dhein an beart, beirt acusan ó Ghaeltacht na Gaillimhe, Aifric Keogh as na Forbacha agus Fiona Murtagh as Maigh Cuilinn.

Breandán Delap

Is Clár-Eagarthóir le Nuacht TG4 agus údar é Breandán Delap.