Taibhse an Ghrá

Eibhlís Carcione

Cúpla focal scioptha ar an nguthán,
is thóg tú an bus
go Baile Átha Cliath
chun bualadh liom.

Ní cuimhin liom an spéir an lá sin
ach go raibh sí liath,
néalta dubha ag bailiú as cuimse,
na mílte faoileáin ag screadaíl ar an Life
iad ag casadh is ag sioscadh
is ag imeacht sa ghaoth
mar chiarsúir shractha.

Chonac tú mar dhealbh
ag an ngallán lasmuigh den GPO,
do shúile ag glinniúint orm mar shaighead.
Shiúlamar tríd na sluaite,
grian an fhómhair ag spalpadh go mífhoighneach,
os cionn Dhroichead na Leathphingine
seodra mealltacha ar díol ann,
ach b’fhearr liom an muince leis an ópal gorm
ná bheith ag siúl leat.

Cheapas go raibh aithne agam ort
ó na litreacha.
Faraor, ní raibh.
Bhí do mhéara chomh fuar sioctha
le coinlíní reo,
do bhuataisí dubha
ag satailt ar an tsráid
mar chapall ainsrianta.


Ba stróinséir tú
a shiúil le m’ais
an lá gaofar sin i mBaile Átha Cliath.

Póg fhuar amháin
a d’fhágais ar mo leiceann,
a dhóigh mé mar neantóg.

Theitheas uait síos na sráideanna dorcha
go dtí m’árasán,
is chúbas mé féin mar bhroc
faoi dhuilleoga glasa na leapa,
taibhse an ghrá
ina cholún deataigh
ar chosán mo thaibhrimh.
Eibhlís Carcione

Is file í Eibhlís Carcione