Portráid den iriseoir mar sheanleaid spíonta searbh

Portráid den iriseoir mar sheanleaid spíonta searbh

www.markwickham.org

Tá beagnach 35 bliain caite ag Pól Ó Muirí i dtrínsí na hiriseoireachta Gaeilge agus aistear achrannach a bhí ann

Bliain níos sine agus bliain eile i dtrinse na hiriseoireachta Gaeilge – más ar éigean é. Is é an chuid is tubaistí den scéal ar fad gur thosaigh mise agus Steve Jobs ar an ród sin romhainn i dtrátha an ama chéanna. Seans mór nár mhothaigh Jobs an tionchar a bhí aige orm ach bhí sé i mo chuideachta nuair a chuir mé tús le m’aistear achrannach san iriseoireacht, tuairim is 35 bliain ó shin.

I mBéal Feirste a rugadh agus a tógadh mé agus is ann a oileadh mé – i ngach aon chiall den fhocal. Bhí iris bheag sa chathair an t-am sin a raibh Fortnight uirthi, iris a phléigh le cúrsaí polaitíochta agus cultúir. Ó tharla gur bastard truacánta a bhí ionam agus gan a dhath ar bith eile le déanamh i mBéal Feirste an t-am sin, seachas foréigean a sheachaint, chuir mise spéis sna hailt ann.

Scríobh mé litir chuig an eagarthóir sa deireadh, ag moladh na hirise agus ag moladh dó nár mhiste ábhar i nGaeilge bheith ann ó tharla borradh faoi chúrsaí teanga sa chathair. Deirim ‘borradh’ ach, le bheith macánta, thiocfadh leat céilí mór a reachtáil i gCumann Chluain Ard an t-am sin agus líonfá an halla mór lena raibh de phobal na Gaeilge in iarthar na cathrach.

Scríobh an t-eagarthóir litir chugam lena sheal, á rá go gcuirfeadh sé fáilte roimhe sin agus an ndéanfainn féin é? Agus rinne agus… tááh dááh… eagarthóir Gaeilge, ar bhonn deonach, a bhí ionam. Dhá sheomra bheaga thuas an staighre i seanteach a bhí mar ríocht ag Fortnight an t-am sin. Ach an rómáns a bhain leis an obair, mé sna 20idí ar éigean, agus páirteach in ailt a scríobh agus, ar ball, eagarthóireacht a dhéanamh, as mo stuaim féin, ar mhionirisí ar chúrsaí cultúir agus polaitíochta.

Sin an t-am ar chuir mé aithne ar Jobs nó an Macintosh a bhí ag Fortnight, aon cheann amháin ag an am ach é chomh luachmhar le carn óir ag bun tuair cheatha. Sa bhliain 1984 a chuir an bheirt Steve, Jobs agus Wozniak, an t-inneall draíochta ar fáil don phobal agus bhí mise ag obair ar an Mac sin faoi bhliain nó dhó de é a bheith ar fáil. Beo ag tús ré na ríomhairí a bhí mé; chonaic mé an réabhlóid agus bosca beag liath ar an tábla a bhí inti.

Íocón atá sa Macintosh sin anois, gléas a thug deis d’iriseoirí agus do scríbhneoirí a gcuid oibre a chur ar fáil agus a mhúnlú, gléas beag a thug an chéad nod don eolach faoina raibh i ndán don iriseoireacht sa ré nua.

Aldous Pagemaker a bhí againn mar bhogearra le leathanaigh a leagan amach agus ba é a bhí draíochtúil nó thiocfadh leat ceannlínte agus téacs a bhogadh fad an leathanaigh ar do chaoithiúlacht. Ní raibh tú ag brath ar an dara duine leis an amhábhar a thabhairt chun dúigh. Ní raibh feidhm a thuilleadh leis an scian le páipéar a ghearradh amach agus gliú lena ghreamú síos ar leathanach eile. Sciar beag de theic Chalifornia a bhí ann, ar obair i mBéal Feirste, ag cuidiú leis an Ghael bhocht féin a scéal a scríobh.

Níorbh ann don ríomhphost an t-am sin, ar ndóigh. Thagadh ábhar chugat ar dhioscaí flapacha tríd an phost. Leis an fhacs a thagadh preasráitis agus le teachtaire a thagadh grianghrafanna nó ní raibh iomrá ar an jpeg go fóill. Meascra aisteach a bhí ann an t-am sin; an nua-aois agus an tseanaois ag muirniú a chéile. Agus, ansin, go tobann, bunaíodh an ríomhphost agus an jpeg agus cuireadh deireadh leis an fhacs agus le dioscaí flapacha sa phost agus gheal lá nua teicneolaíochta le hualach an iriseora a éadromú.

(Ó! Nuair a bhí mé i mo mhac léinn ar Queen’s, thosaigh BBC Raidió Uladh a chraoladh míreanna beaga i nGaeilge agus scríobh mé cúpla píosa dóibh san aimsir luath sin. Creid é nó ná creid, Seán Ó Coinn, príomhfheidhmeannach Fhoras na Gaeilge anois, a bhí ina láithreoir ar an chlár sin agus thit sé ar a chrann mo chuid droch-Ghaeilge, idir labhartha agus scríofa, a cheartú. D’fhág sé an cúram sin ina dhiaidh, ar ndóigh, agus fuair post eile. A Thiarna, cad chuige nár lean mé a dhea-shampla agus carn aoiligh na hiriseoireachta a fhágáil i mo dhiaidh nuair a bhí an deis ann? Bheinn sásta bheith i mo leathfheidhmeannach féin ar na saolta seo.)

Moltar an chrógacht, dílseacht agus ceanndánacht. Ach, a Chroim, cad chuige nach ndéantar dul chun cinn fiúntach fadtéarmach ar bith in earnáil na teanga

I muinín deontais a bhí mé le mo chuid oibre a dhéanamh agus chaith mórán ama ar lorg déirce ó charthanachtaí agus comhairlí. Is beag forbairt a tháinig ar an ghné sin de na meáin chlóite Ghaeilge ó shin agus drochthionchar, dá réir sin, ar a scéal. Chonaic mé saolú agus adhlacadh an oiread sin foilseachán go gcuireann sé mearbhall orm faoin am seo. Tá mé sean go leor go bhfuil cuimhne agam ar chóip de Amárach a cheannach ar an Fhál Charrach agus an dua a bhain leis an nuacht a dhíchódú as leathanaigh dúigh. Ritheann sé liom in amanna gur cime mé atá sáinnithe i seanscannán cogaidh de chuid na Breataine: ‘Cheannaigh F for Foinse é ar an ruathar deiridh sin thar Bearna.’

Cead agat féin suí síos agus do mhachnamh a dhéanamh ar ar bunaíodh agus ar ar cailleadh sna meáin bhochta scríofa Ghaeilge le do linn féin ach b’fhéidir go gcuirfeadh sé drochspionn ort. Bhain gach aon uile theip gol as foireann an fhoilseacháin agus fuinneamh as a gcuid léitheoirí. ‘Tugann gach aon rud a seal,’ a deirtear ach is go gasta a thugann an foilseachán Gaeilge a sheal ar na saolta seo. Seanchleachtas é ag lucht Hollywood athbhútáil a dhéanamh ar scannáin – cá mhéad diabhal leagan de Spider-Man atá ann? – ach seanscéal agus meirg air faoin am seo athbhútáil na meán scríofa Gaeilge. Fan bliain nó dhó eile, agus déanfar ath-athbhútáil.

‘Ón lámh go dtí an béal’ an mana atá ag gach aon fhoilseachán Gaeilge agus athrú ná athrú níor tháinig ar an scéal tubaisteach sin le 35 bliain. An oiread sin fuinnimh atá cáite ag daoine cróga thar na blianta agus a laghad de a tháinig slán. Dúradh, mar shampla, go mbeadh slánú na hearnála le fáil i ré an Idirlín, saor ar chostaisí cló, ach amharc ar Beo.ie, lóchrann ar líne lá den tsaol. Faraor, mheas lucht a maoinithe sa deireadh nár leor é, baineadh an deontas agus chuaigh Beo.ie leis an tsruth leictreonach. Bunaíodh iris eile ar líne. Tosaíodh arís. Cé a chreideann nach dtarlóidh an rud céanna arís eile? Tá an earnáil chomh gortach anois agus a bhí riamh. Ní mholfainn an iriseoireacht scríofa ag duine óg ar bith, i nGaeilge ná i mBéarla fiú.

(Amharc go bhfuil an Irish Times féin ar lorg cabhrach ón Rialtas.)

Thairis sin, bíodh is gur tháinig athrú mór ar an teicneolaíocht, níor tháinig athrú mór ar ábhar imní lucht na Gaeilge. Tóg, mar shampla, an feachtas is déanaí ag Conradh na Gaeilge agus iad ag plé le cúrsaí reachtaíochta sa Phoblacht. Tá siad ag iarraidh ‘seirbhísí sásúla’ a fháil: tá sé ‘thar am’ iad a bheith ann agus an Stát 100 bliain ar an tsaol. Scríobhann an Conradh gur ‘mór an náire é 100 bliain níos déanaí nach féidir le pobal na Gaeltachta nó pobal na Gaeilge seirbhís shásúil as Gaeilge a fháil ón Stát go fóill’.

Tá an ceart acu; is mór an náire é ach cad chuige a bhfuil iontas ar dhuine ar bith gurb amhlaidh atá an scéal go fóill? Ní bhfaighfeá locht ar an Chonradh, ná eagraíocht ar bith eile, as cath a chur ar na húdaráis as a neamart sa teanga. Chuige sin a fhaigheann siad airgead; le gearán a dhéanamh agus seirbhísí a lorg agus an druma mór a bhualadh go callánach.

Mar sin féin, ba í an gheit ba mhó a bhain an ráiteas asam gur mhothaigh mé gur chuala mé caint den chineál seo roimhe. Agus chuala nó tuairim is 25 bliain ó shin a thosaigh mé a dh’obair leis an Irish Times agus bhí feachtas ar siúl ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge le hAcht Teanga a mhealladh ón chóras pholaitiúil an t-am sin. Lean siad den stocaireacht; d’éirigh leo ach, de réir a chéile, d’imigh ceannairí cumasacha na comhdhála, bunaíodh Foras na Gaeilge, cuireadh deireadh leis an chomhdháil féin de bharr atheagair san earnáil agus seo anois Conradh na Gaeilge ag leanstan den obair chéanna a tosaíodh fadó, fadó, fadó.

Moltar an chrógacht, dílseacht agus ceanndánacht. Ach, a Chroim, cad chuige nach ndéantar dul chun cinn fiúntach fadtéarmach ar bith in earnáil na teanga? Cad chuige a bhfuil an útamáil seo le seirbhísí sásúla teanga ar siúl go fóill? Cad chuige a gcaithfidh eagraíochtaí na teanga na cathanna céanna a atroid?

Ní doiligh an cheist sin a fhreagairt: níl mórán polaiteoirí ag iarraidh seirbhísí fiúntacha a chur ar fáil mar ní chreideann mórán polaiteoirí i gcúis na Gaeltachta ná na Gaeilge. Síleann tusa go mbaineann tú le pobal teanga, gur meán náisiúnta í an Ghaeilge, iarsma bheo uasal de chultúr ársa Eorpach, gur mhaith leat féin Gaeilge a labhairt in Éirinn mar a labhartar Fraincis sa Fhrainc. Síleann cuid mhór mhaith dár gcuid polaiteoirí, ámh, gur tú an t-amhránaí a deir amhrán deas binn ar bhainis, spraoi sealadach san oíche, ábhar cumha, an cúpla focal ceolmhar. Ní chreideann siad gur teanga phobail atá ann mar Ghaeilge.

B’fhéidir gurb é an rud is suntasaí faoin bhabhta is déanaí stocaireachta nach bhfuil an oiread sin eagraíochtaí anois ag plé leis an cheist. Tá Foras na Gaeilge, maoinitheoirí agus múnlaitheoirí, ann agus sé cheanneagraíocht san áit a mbíodh mórán eagraíochtaí beaga. Thiocfadh leat, ag brath ar do mheon, ‘athnuachan’ a thabhairt ar an leagan amach nua nó ‘bochtú’.

Tuigeann gach aon duine an gá a bhíonn le feidhmiú ar bhonn náisiúnta, thuaidh agus theas, ach bhain a dínit féin leis an eagraíocht bheag a mhair ina tuath féin. Ní raibh sotal ar bith ag baint leo; ba den pharóiste iad agus aithne dá réir sin acu ar na comharsana. Thuig siad a raibh le déanamh sa cheantar s’acu féin.

(Ceacht don iriseoir lán Angst, b’fhéidir? Ní féidir leat an earnáil a shlánú ach tig leat alt a scríobh d’iris. Beidh an méid sin le rá ar do shon agat.)

Oiread chéanna le foilseacháin, tá roinnt eagraíochtaí anois ligthe le sruth na staire. An bhfuil pobal na teanga níos fearr as ina n-éagmais? An bhfuil an saol áitiúil cultúrtha níos saibhre? Nó an bhfuil na deiseanna beaga – an dá sheomra thuas an staighre – anois séanta ar dhaoine óga agus an seans le bheith cruthaitheach ina gceantar féin caillte?

(Nuair a bheas tú réidh leis an liosta sin d’iarfhoilseacháin, cead agat ceann a chur le chéile ar iar-eagraíochtaí.)

Oiread chéanna leis na foilseacháin, an gcreideann duine ar bith go bhfuil deireadh le hatheagar na n-eagraíochtaí? Cé a chreideann nach ndéanfar atheagar ar an atheagar amach anseo? Tá na ceanneagraíochtaí anois spleách ar mhaoiniú an Fhorais, agus ar Roinn na Gaeltachta freisin i gcásanna áirithe, agus luíonn sé le ciall go bhféadfaí, amach anseo, faoi chroí trom, an dtuigeann tú, Conradh na Gaeilge, Oireachtas na Gaeilge agus Glór na nGael a nascadh le chéile in aon eagraíocht amháin, abair, ó tharla mórán den obair chéanna bheith ar siúl acu sa phobal. An bhfuil cúis ar bith nach bhféadfaí Coláiste na bhFiann, Gaeloideachas agus Gael-Linn a nascadh le chéile agus clár cuimsitheach oideachais a chur le chéile?

Dhá oll-cheanneagraíocht in áit sé cheanneagraíocht, mar sin, agus Foras na Gaeilge i mbun an sparáin. Bheadh ciall leis sin, nach mbeadh? Seans nach mbeadh fiúntas leis nó toradh mór ar an chaidreamh nua ach bheadh ciall leis, ó thaobh airgid agus riaracháin de.

Cad í an eagraíocht a bheas ag troid na gcathanna i gceann fiche bliain eile? Cá bhfios? Cé a bheas ag scríobh ar an troid?

Chan mise. Ní dóigh liom go bhfuil cothú fiche bliain eile le fáil ar charn aoiligh an chló Ghaelaigh.