Arrivederci
Jackie Mac DonnchaGearrscéal nua le Jackie Mac Donncha
Torrach le beagnach dhá mhíle bliain! Ón am a rinne an dusta agus an laibhe ón gCnoc Veasúivius dealbh di fhéin agus de phobal na Poimpé.
Céard a cheap an páiste ina broinn nuair a mhothaigh sí an teas marfach ag teacht ó chorp a máthar? Ar cheap sí ag an bpointe sin go raibh an t-am tagtha chun sciorradh amach, agus isteach sa saol.
Mairfidh sí fhéin agus a máthair anois i bhfoirm chloiche. An gadhar a raibh lúb osnádúrtha ina dhroim agus a chosa craptha: radharc a bhí feicthe go minic agam ar chártaí poist.
Agus an páiste cloiche eile ina luí istigh sa gcónra ghloine. Dhá bhliain d’aois a bhí sé, ceaptar.
Veasúivius, a chaith amach a raibh ina bholg, go ndearna deilbh de na deilbh, agus de chuile dhuine agus chuile ainmhí dá dtáinig trasna ar a chuid laibhe. Mhairfidís uilig san gcruth sin nó go mbuailfeadh macnas aríst an cnoc.
B’fhéidir go dtabharfadh a chéad racht eile an páiste beag sin amach as broinn a máthar beagnach dhá mhíle bliain théis ghiniúint an tsíl!
Ba í an mháthair agus an ghin ina broinn a bhí ar m’intinn agus mé fhéin agus mo chomhthurasóirí ag filleadh ar an óstán i Napoli. An lá caite againn ag siúl sráideanna Phoimpé.
B’fhada liom go mbuailfinn mo thóin ar cheann de na cathaoireacha boga gar don seomra fáiltithe san óstán.
Bhí an áit ina chíor thuathail. Daoine ag rith anonn agus anall agus píosaí ealaíne dhá gclúdach acu agus dhá dtabhairt amach an taobhdhoras.
Ba léir go raibh taispeántas ealaíne ann i rith an lae.
Ní raibh fágtha ar deireadh ach an t-aon phíosa amháin ar sheastán i lár an urláir.
Bhí mé traochta théis mo chuid siúlóide, ach bhí mé fiosrach.
Shiúil mé anonn ina threo go bhfeicfinn é sula mbeadh clúdach curtha air. Is beag é mo thuiscint ar an ealaín, ach ní raibh mé in ann mo shúile a thógáil den phíosa a bhí ar an seastán.
Thuig mé ar an bpointe an obair a chuaigh i gcruthú an phíosa. Agus bhí tréithe an ealaíontóra le feiceáil go soiléir. Pé ar bith ealaíontóir a chruthaigh an píosa álainn seo, ba fíor-ealaíontóir a bhí sa duine sin.
Burlap a bhí mar chúlionad. Uige agus gaineamh bolcánach: comhábhar áitiúil.
Mar bheadh sí ag léimneach amach tríd an mála garbh, bhí íomhá de bhean fhíorálainn. Cloigeann, gualainn agus cíoch amháin a bhí le feiceáil air. Bhraith mé go raibh uaigneas diamhair le tabhairt faoí deara in éadan na mná.
Bhí sé an-éasca an chuid eile den chorp a shamhlú. Choinnigh sé greim ar m’aire, bhí sé chomh maith agus chomh healaíonta sin.
Thosaigh bean ag caint taobh liom. Níor airigh mé ag tíocht í mar bhí m’intinn ar an bpíosa ealaíne. Níor thuig mé focal dhá raibh sí a rá. Nuair a chas mé mo cheann i leataobh thuig mé gur liom fhéin a bhí sí ag caint. Nuair a chonaic mé a héadan bhreathnaigh mé aríst ar an bpíosa ealaíne den bhuíochas dhom.
Cheap mé go raibh an dá éadan an-chosúil le chéile. Bhí éadan na mná chomh hálainn leis an mbean san bpíosa ealaíne. Maidir leis an mbean le mo thaobh, ní raibh bean chomh hálainn léi feicthe agam in aon áit ar mo chuid taistil. Go cinnte bhí sí déanta ón táilliúr.
Bhí sí ag caint aríst, agus í ag síneadh a láimhe i dtreo an phíosa. Ba dhóigh liom gur Iodáilis a bhí dhá labhairt aici.
Ag an nóiméad sin tháinig fear chomh fada linn agus labhair sé liom i mBéarla briste. A fear céile, nó a páirtí arsa mise liom fhéin.
Shín sé a láimh i dtreo an phíosa ealaíne agus ansin i dtreo na mná. Ag cur in iúl dhom go mba í an bhean an t-ealaíontóir a chruthaigh an píosa. Chuir mé in iúl dhó i mo chuid Béarla briste fhéin go raibh mé an-tógtha leis an bpíosa. Gur cheap mé go mba é an píosa ab áille é dá bhfaca mé ariamh i mo shaol.
Ba dhóigh liom gur chuir sé an méid a dúirt mé in iúl don ealaíontóir. Tháinig aoibh an gháire ar a béal a chuir lena háilleacht fhéin dá mb’fhéidir sin a dhéanamh.
Bhain sí an anáil dhíom. Bhí fhios agam nach bhfeicfinn aríst bean ba dathúla ná í. Ba deacair a chreidiúint go mbeadh bean chomh hálainn, chomh galánta léi ar dhroim na cruinne.
Bhí sí ag caint liom agus í ag oibriú a cuid lámha.
Ag breathnú ar an bhfear lena taobh dúirt mé go mba mhéanar dó a bheith i gcomhluadar mná chomh spéiriúil.
I mo theanga fhéin a labhair mé.
Is dóigh gur cheap sé gur ceist a chuir mé, mar chroch sé trí mhéir in airde: tríocha míle euro, ar sé, ach níl sé ar díol chor ar bith.
Ar ndóigh lig mé orm go raibh mé croíbhriste.
Tháinig fear eile agus tharraing sé clúdach anuas ar an bpíosa ealaíne, thóg den seastán é go cúramach agus amach an doras leis. Chuir an fear eile a láimh faoi uillinn na mná agus thug sé leis í. Bhí mé fágtha ansin liom fhéin, an ainnir imithe. Mé chomh folamh leis an spás a bhí thart orm.
Bhí fhios agam go ngabhfainn go hifreann dá gceapfainn go mbeadh an ainnir ansin romham.
Fritto di gamberi e calamari nostrani a bhí agam don dinnéar.
Ní raibh mé in ann í a chur as mo chloigeann agus ní dhearna mé aon iarracht sin a dhéanamh.
Shuigh mé siar sa gcathaoir nuair a tháinig an freastalaí leis an gcaife.
Muid ag dul ar thuras báid amáireach. Oileán an ghrá a thug an treoraí ar Chapri. Níl a mhacsamhail d’oileán in aon áit eile ar an domhan a deir sí.
D’oscail doras in áit eicínt agus dhoirt ceol aoibhinn mall amach, nó gur dhúin an doras aríst. Cóisir ar siúl ag dream eicínt.
Fuair mé a boladh sular leag sí a láimh go héadrom ar mo ghualainn. Mhothaigh mé cineáltas san teagmháil. Thosaigh mo chroí ag preabadh ina thintreach.
Bhí burla páipéir aici agus leag ar an mbord iad os mo chomhair. Cóipeanna de pháipéir nuachta agus irisí. Pictiúirí di fhéin sa gcathair seo agus sa gcathair siúd: Frankfurt, Londain, Beirlín, Páras, an Róimh, Dubrovnic: chuile thír san Eoraip a raibh a cuid ealaíne ar taispeáint.
Bhí sí fhéin le feiceáil i chuile phictiúr. Agus a haois i gceann amháin: dhá bhliain le cois an dá scór. Trí bliana níos sine ná mé fhéin. Agus a hainm: Alessia. A hainm chomh hálainn léi fhéin.
Tháinig an fear úd a bhí ina comhluadar níos túisce agus bodach d’fhear in éineacht leis. D’imigh sí leo amach as an óstán. D’fhág sí na páipéir ar an mbord.
Sin sin, arsa mise liom fhéin. Ní fheicfidh mé aríst í. Nach mór an feall.
Théis cith a thógáil agus mé fhéin a ghléasadh, tháinig mé ar ais san mbeár, áit a raibh go leor de mo chomhthurasóirí dhá thógáil go réidh dhóibh fhéin.
Bhí mé ar an dara gloine den Pinot Bianco nuair a tháinig Alessia ar an láthair aríst.
Cheap mé níos luaithe go raibh deireadh feicthe agam, ach seo aríst í. Í ag breathnú thart ar fud na háite nó gur dhírigh a súile orm. Nuair a shiúil sí i mo threo ba bheag nár bhain sí an t-amharc dhíom. Gúna fada scuabach síoda a bhí sí a chaitheamh anois. Bán agus beagnach trédhearcach. Ní fhaca mé ariamh i mo chuid taistil ná in aon scannán, íomhá chomh hálainn léi. Bhí sí thart ar m’airde fhéin. Thug sí barr scéimhe léi. Ní raibh aon smidiú ar a héadan álainn. Chuirfeadh oiread na fríde a héadan as a riocht.
Mé cinnte go maith go raibh fhios aici fhéin an méid sin chomh maith liomsa.
Rinne sí orm caol díreach. Ba bheag nár tháinig lagar orm nuair a rug sí ar mo láimh. Mar bhuailfeadh léas draíochta mé, d’airigh mé sruth ag teacht óna láimh mar bheadh sruth leictreachais. “Venire,” a dúirt sí go ceolmhar.
D’éirigh mé agus lean mé an tarraingt bheag a thug sí do mo láimh. Ar ór na cruinne ní dhiúltóinn.
I dtreo dhoras an cheoil a thug sí mé. Í ag leathdhamhsa ar an mbealach. Gan aon bhróga ar a cosa.
Dá mba go tinte ifrinn a bheadh ár dtriall leanfainn go fonnmhar.
Bainis a bhí ar siúl istigh. Ceol bog rómánsúil nuair a shiúil muid isteach. I dtreo lár an urláir a thug sí mé.
Chas sí thart agus tharraing sí chuici mé, agus bhí ealaín sa gcaoi ar shleamhnaigh a lámha thart ar mo mhuinéal. D’fháisc sí isteach fúm agus bhí fhios agam ar an bpointe go mba é seo na flaithis.
Gan fhios agam an raibh cuireadh faighte aici ar an mbainis nó nach raibh, agus ba chuma liom.
I ngan fhios dhom d’éalaigh tuirse an lae uaim.
Mhúnlaigh sí a corp le mo chorp fhéin. Muid mar dhuine amháin. Gan ormsa ach éadach tanaí. D’airigh mé nach raibh dá chaitheamh aici ach an gúna scuabach.
Níor phreab mo chroí chomh scioptha ariamh i mo shaol. Scaití chuireadh sí cogar beag ceolmhar Iodálach isteach i mo chluais. Mé aiféalach nach raibh an teanga phaiseanta sin ar mo thoil agam. Muid ag luascadh go mall os cionn na gclabhtaí mar bheadh muid gan meáchan. Ag eitilt gan sciathán gan treoir.
Í ag damhsa agus a dá súil dúnta, meangadh álainn ar a haghaidh na cúpla uair ar bhreathnaigh mé i ngan fhios uirthi.
Bhí an bheirt againn le feiceáil san scáthán mór a bhí ar an mballa. É ag síneadh ó urlár go síleáil. Ní chreidfinn an radharc murach go bhfaca mé mé fhéin sa scáthán.
Mhairfinn anseo gan bia gan deoch gan éadach.
“Leonard Cohen,” a chogar sí, agus scaoil sí liom go tobann. Bhí sí fós ag luascadh coséadrom mar bheadh oisín ann, nó gur labhair sí leis an amhránaí ar an stáitse. Ar ais léi, neadaithe i mo bhaclainn in aon ghluaiseacht ealaíonta amháin.
Thosaigh an t-amhránaí ag casadh Take This Waltz, amhrán a raibh aithne mhaith agam air. D’éalaigh Alessia agus mé go pé áit ina raibh muid roimhe sin. Nuair a chríochnaigh amhrán Leonard Cohen thuirling muid.
“Per favore. Andiamo!”
Níor fhan mé le torann mo chos ach dul léi. Amach an doras linn de sciotán.
Is go drogallach a thiteann an tráthnóna ar Chathair Napoli. Chonaic mé tríd an bhfuinneog go raibh sé ina chlapsholas anois. Bhí teas compóirteach san leoithne ghaoithe a bhí ag teacht ó dhoras na sráide. Isteach ó bhá Napoli. Chuir sé barr ar mo chompánach, ar an áit agus orm fhéin. Cheap mé go raibh na réalta a bhí le feiceáil, go rabhadar ag bualadh bos, agus thabharfainn lán an Bhíobla gur chaoch ceann an tsúil orm.
Bhailigh Alessia a cárta ón mbean óg ag an gcuntar.
Ní raibh fhios agamsa go raibh sí ag fanacht san óstán. Nó b’fhéidir go mba í seo an chéad oíche, mar ní raibh sí feicthe agam go tráthnóna inniu.
Ar an tríú hurlár a bhí an seomra. Chaith sí siar ar an leaba í fhéin ar a droim. A cuid gruaige buíbhán spréite amach ar chaon taobh ar an bpiliúr. Nuair a shín sí a lámha i mo threo cheap mé cinnte gur ag brionglóidí a bhí mé. An spéirbhean is áille ar domhan ag tabhairt cuireadh dhom chun leapan.
Ní fhéadfadh sé gur neach shaolta a bhí sa mbean álainn seo. Ní bheadh sé ar chumas aon duine ar an saol seo a leithéid d’íomhá a chruthú.
Thug sí fúm mar thíogar craosach nach raibh aon bhéile aici le fada. Scaoil mé mo chuid maidí le sruth agus ghéill mé.
Níor fhág sí folach orm, agus le sioscadh beag ealaíonta amháin bhí an gúna fada síoda caite go leataobh aici.
Chuireadh sí corrfhocal ag damhsa i mo chluais scaití.
Bhí máistreacht ag Alessia agus bhí an dalta toilteanach agus fonnmhar!
Chuimhnigh mé ar thuras an lae amárach go tobann.
Capri domani? Mé bródúil as mo chúpla focal.
Thóg sí m’éadan idir a cuid lámha.
Si, a deir sí go ceolmhar agus mé an-sásta liom fhéin.
Chuala mé an osna bheag faoisimh a tháinig uaithi nuair a sciorr sí anuas dhíom am eicínt i gcoim na hoíche.
Chuimhnigh mé ar Herculaneum a dtug mé seáirse ann inné. Bhí an chosúlacht ar na cnámharlaigh gur ag bualadh craicinn a bhí a bhformhór nuair a stop Veasúivius a gcuid macnais. Iad i bhfostú ina chéile fós. B’fhéidir nár lig a chroí don seandálaí iad a scaradh óna chéile. Fios ag an saol mór anois cén cheird a bhí orthu na blianta fada ó shin.
Is dóigh go mba phléisiúrtha an bealach é le n-imeacht.
Nuair a dhúisigh mé ar maidin ní raibh tásc ná tuairisc ar Alessia. Ciúnas ait sa seomra théis rampúch na hoíche.
Brionglóid a bhí ann a cheap mé. Brionglóid álainn a bhí san eachtra ar fad.
Ach bhí lorg a cloiginn san bpiliúr le m’ais.
Bháigh mé m’éadan san log sin a bhí fágtha aici. Shúigh mé isteach í gur líon sí mo chorp, agus ansin scaoil mé uaim í.
D’airigh mé an píosa páipéir faoi mo bhéal. Níor thuig mé focal de.
Tharraing mé orm mo chuid éadaigh go scioptha agus síos liom go dtí an oifig fáilte.
D’fhreagair an bhean óg mo cheist. D’fhág an t-ealaíontóir ag a sé. Eitilt ó Napoli ag leathuair théis a seacht. Taispeántas aici i Nua-Eabhrac anocht.
Bhí sé anois a hocht a chlog. Leis an anbhá a bhí orm bhí mé ar tí an páipéar a bhí i mo ghlaic a speáint don bhean óg.
Loic mé.
Muid le dhul go Capri ag an naoi. Ach cén mhaith Capri anois dá bhreáichte é. Beidh an t-oileán álainn sin dorcha, agus gruaim air gan an bhean aoibhinn a bheith ann.
Ar ais liom chomh fada leis an seomra. Mé ag breathnú thart ar sheomra Alessia go bhfeicfinn an raibh aon bhlas di fanta.
Ní raibh an cath caillte. B’fhéidir go mbeadh sí ar ais go luath.
Thóg mé mo fón agus an nóta.
Grazie! Grazie!
La creativita governa la mia vita, Devo obbedire prima che mi avvolga!
Arrivederci! Arrivederci!
Bhí fhios agam ansin go gcaithfinn an chuid eile de mo shaol dhá cuartú. I chuile chúinne, ar chuile choirnéal, chuile shiolla den ghaoth, chuile gha gréine, chuile thaispeántas ealaíne, chuile ghúna, chuile cheol, chuile amhrán, chuile leaba. Chuile áit a mbeadh teanga iasachta dá labhairt.
Feicfidh mé go minic í is dóigh, cé nach mbeidh sí ann.
Ar ais i mo sheomra fhéin tá mé in ann Capri a fheiceáil ón mbalcón. Níl bá Naploli chomh tarraingteach anois.
Capri fhéin faoi ghruaim ón áit a bhfuil mé. Ach an cháil air go bhfuil sé ar an oileán is áille ar domhan.
Cá bhfios cé a d’fheicfeá i gCapri, a dúirt an treoraí linn inné. Bíonn Ronaldo ag triall air, agus bíonn Rihanna ann go minic. Tá teach Roger Moore ann i gcónaí agus b’fhéidir go bhfeicfeá Sting ann.
Bhíodh an cumadóir cáiliúil Wagner ag triall ar an oileán tráth dá shaol.
Ach anois bheadh Capri ar an oileán is uaigní ar domhan domsa. Ní bheadh Alessia ann.
Feicim an hydrofoil ag leath-eitilt léi, leath bealaigh amach i gcuan Napoli. Mo chomhthurasóirí ar an mbealach go Capri.
Mise i mo dhealbh anseo, mar a bhí an dealbh cloiche i gcathair ársa Phoimpé.
Beidh nead agam di i m’intinn. Síofróg ag síorluascadh i ngúna síoda, ag sioscadh istigh i mo chloigeann.
Jackie Mac Donncha