Dánta nua le Ceaití Ní Bheildiúin

TONNTA

do Fíona & Paddy de Buis

éiríonn, bolgann, briseann

marthanacht sa rithim

tonn is tonn nua á saolú

á gcailliúint

éiríonn, bolgann, fanann

mionmhoill idir

an bholg is an bhris, uile ní

ar bís

éiríonn, bolgann, nochtann

tanaíonn an mhuir ina

súil ghormghlas, a radharc

ag géarú

éiríonn, bolgann, madhmann

fuinneamh folláin, gach anáil

ina chapall, a mhoing scaoilte

le spraoi