Solas tuisceana…

Cathal Póirtéir
Solas tuisceana…

Labhair Cathal Póirtéir le Anna Heussaff faoina saol mar scríbhneoir

Ní cinneadh amháin a rinne mé, dáiríre, ach dhá cheann. D’éirigh mé as mo phost in RTÉ agus cúpla mí ina dhiaidh sin bheartaigh mé triail a bhaint as úrscéal Gaeilge a scríobh. Is fíor go raibh post an-spreagúil agam i mo léiritheoir/stiúrthóir teilifíse, agus i mo thaighdeoir agus i mo thuairisceoir blianta roimhe sin. Ach bhí síorbhrú ag baint leis an obair agus de réir mar a bhí ár mac ag fás, fuair mé fíordheacair é an dá thrá a fhreastal. Ní bhíodh sos ná staonadh ón dua léiriúcháin i gcaitheamh an tséasúir agus níorbh aon mhaith a mhíniú do bhuachaill óg i mí Lúnasa go mbeadh am spraoi agam leis mí Bealtaine dár gcionn! Thug mé cúl don phost in 2002, más ea, agus chuaigh mé i mbearna baoil na féinfhostaíochta. Bhí fonn orm rudaí nua a thriail agus bhí plean agam leabhar as Béarla a scríobh, bunaithe ar agallaimh le hinimircigh nua in Éirinn. Rinne mé riar taighde chuige; ach ansin thuirling an nóisean i mo chloigeann tabhairt faoi phlota a chumadh d’úrscéal bleachtaireachta as Gaeilge. Lean mé leis an dá rud ar feadh bliana, b’fhéidir, agus sa deireadh, ba mhó an rath a bhí ag teacht ar an úrscéal. Is iomaí cor sa saol a tharlaíonn trí sheans, i mo thaithí, agus caithfimid breith ar an seans a bhfuil meanma ag gabháil leis.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Cathal Póirtéir

Is scríbhneoir agus craoltóir é Cathal Póirtéir.