CIORCAL HUP!

CIORCAL HUP!

Bhí an fhéile cheoil thraidisiúnta faoi lán seoil ón oíche aréir ar an mbaile beag tuaithe in iarthar na hÉireann nuair a shroich Swagger an áit. Cé gur bhraith sé beagán coimhthíoch, shiúil sé suas is síos cosáin an bhaile go muiníneach, a ghuaillí caite siar, spéaclaí gréine air is a ghruaig shlíoctha liath á suaitheadh ag an leoithne. Bhí a léine ghorm scaoilte ag fluparnach ar nós balún sa ghaoth agus a fhidil ag crochadh síos lena dhroim.

Bhí sé luath sa lá go fóill agus thug sé faoi deara go raibh an baile ciúin. Ní raibh mórán daoine thart seachas dream áitiúil agus corrchuairteoir a bhí i mbun a gcuid gnóthaí siopadóireachta. Bhí bricfeasta breá ite aige sa teach lóistín agus cé is go raibh tuirse air ón turas fada as Londain an lá roimhe, bhí a chloigeann saor ó phóit ar an ócáid seo. Bhí sé ar bís agus réidh don lá, dar leis.

Shiúil sé thart ar an mbaile sa tóir ar chomhluadar ceoil na féile. Thug sé sracfhéachaint isteach i ngach tábhairne ar a sciuird féachaint an raibh aon duine dá lucht aitheantais nó go deimhin strainséirí i mbun seisiúin le go bhféadfadh sé suí isteach in éindí leo.

‘San iarnóin a éiríonn na ceoltóirí a thagann thart an bealach seo amach’, a deir freastalaí beáir i gceann de na tábhairní leis.

B’éigean do Swagger iarracht a dhéanamh an t-am a chur isteach ar bhealach éigin idir an dá linn, go dtí go dtiocfadh an dream a raibh sé ag súil leo chuig na tábhairní. Cheannaigh sé nuachtán i siopa agus chuaigh isteach i gCaifé len é a léamh, áit ar ordaigh sé muga caife agus scón. Roghnaigh sé suíochán fuinneoige le radharc maith a bheith aige amach ar an gcearnóg.

Bhí an ghrian ag taitneamh isteach an fhuinneog agus leis an teas agus an tuirse, dhún a shúile ar feadh cúpla soicind gan bhuíochas dó. ‘What’s the story tonight Swagger Coyne? Are we heading to the session in Holloway Road or Camden Town? Fancy that back room in The Galtymore hall?’

Tháinig deireadh tobann lena chuid aislingeachta nuair a tháinig an freastalaí boird leis an mbille agus racht láidir casachta á ligean aici aisti len é a dhúiseacht.

‘Seacht euro ar fad,’ ar sise.

Shín sé nóta deich euro chuici. ‘Coinnigh an tsóinseáil,’ ar seisean.

Ar a bhealach amach, thug sé faoi deara go raibh custaiméir áirithe sa chaifé ag caitheamh corrshúil ina threo.

Thug sé faoi lár an bhaile arís ag cuartú seisiúin. An uair seo, chuala sé ceol bríomhar ag teacht as tábhairne beag seanfhaiseanta. Sheas sé sa doras ag éisteacht ar feadh tamall. Chaith sé súil thart féachaint ar aithin sé aon duine de na ceoltóirí. Níor aithin ach fós bhraith sé sásta lena bhfaca sé.

‘An féidir liom suí isteach libh?’ a d’iarr sé go béasach.

‘Tá fáilte romhat,’ a d’fhreagair an fliúiteadóir a bhí i gceannas an tseisiúin. ‘An t-aon chritéar sa seisiún ceoil seo ná na poirt a bheith ar eolas agat agus coinneáil suas leis an rithim!’

Nuair a bhí dreas port seinnte aige leo, chuir gach ceoltóir iad féin in aithne dó.

‘Is mise Tony,’ arsa fear an bhosca. Bhí seisean ar stól íseal in aice leis agus shín sé a lámh amach chuige. ‘Cé tú féin agus cad as tú?’

‘Stiofán Coyne m’ainm, ach tá leasainm orm freisin.’

‘Cad é sin?’

‘Swagger!’

Tháinig aoibh gháire ar Tony. ‘Tuige a nglaoitear
Swagger ort?’

‘Bhíodh mé ag damhsa ag feiseanna agus ag comórtais fadó nuair a bhí mé óg agus bhíodh nós agam aithris a dhéanamh ar Elvis le mo cheathrúna. Níor thaitin sé sin le moltóirí piúratánacha na rincí gaelacha sa ré sin agus d’fhan an leasainm sin orm ó shin. Cé gur maith liom anois é, ní téarma ceana ach díspeagadh a bhí ann ag an am.’

‘Tuigim! Tugtar ‘Turbo’ Tony orm féin ar uairibh mar go bhfuil nós agam mo chuid ceoil a sheinm beagán róscioptha!’

Sheiceáil Swagger an tiúnáil ar a fhidil agus chinntigh go raibh sí foirfe. Bhí Tony fós fiosrach faoi cérbh é féin.

‘Ní shamhlóinn ó do chanúint go mbeadh aon bhaint agat le rincí gaelacha?’ a d’fhiafraigh sé.

‘Tógadh i Londain mé ach is as Contae Mhaigh Eo mo mhuintir. Chaith mé go leor de m’óige ag damhsa le scoil cheoil Éireannaigh i Londain. Théadh an teaghlach ar saoire go hiarthar na hÉireann fadó chuig mo sheanmhuintir.

‘Tá ceol breá agat ar an bhfidil sin? Ó dhúchas is dócha?’

‘Bhí múinteoirí agus comhluadar maith ceoil agam i Londain an tráth sin. Níl aithne phearsanta agam ar mhórán ceoltóirí thart anseo. Is dócha go bhfuil aithne agatsa orthu ar fad?’ a deir Swagger.

‘Tá. Casaim leo ag féilte ó am go chéile. Sin é Mick ar an bhfliúit agus a chailín Mandy ar an bhfidil ag barr an bhoird sa chiorcal. Agus ós tráthúil gur ag caint ar leasainmneacha atá muid, is Mouthy Mick a thugtar air siúd mar go bhfuil cáil an achrainn air cé is go bhfuil croí mór agus ceol binn aige. Ar mhaith leat deoch, pionta Guinness b’fhéidir?’ a d’fhiafraigh Tony.

‘Beidh deoch bhog agam. Seachnóidh mé an Guinness an iarraidh seo.’

Thug freastalaí na deochanna chucu. Faoin am seo, bhí fuinneamh iontach sa cheol, Swagger agus Turbo istigh i lár an chiorcail cheoil agus slua mór lucht éisteachta bailithe thart orthu. Lig siad gach scread ‘Hup!’ astu agus iad ag baint taitneamh as an gceol.

Bhí gliondar ar Swagger a bheith i gcroí an cheoil go dtí gur tháinig fear nua isteach sa ghrúpa. Shuigh sé ar stól ar imeall an chiorcail taobh thiar de Swagger. Bhí gruaig fhada chatach air, boladh láidir allais uaidh agus an chuma air nár chodail sé le tamall. Tharraing sé bodhrán amach as mála agus thosaigh sé á lascadh as rithim leis an gcuid eile de na ceoltóirí.

Agus iad i lár dreas ceoil, d’fhéach Swagger mórthimpeall an chiorcail féachaint cén saghas éifeacht a bhí ag an lascadh ar an gcuid eile acu. Ba léir go raibh an fothram á gcrá ach ní fhéadfadh sé féin tada a rá. Tháinig sé chun cuimhne dó gur caitheadh amach as seisiúin é féin san am a bhí caite. Bhí sé an-sásta nach é féin a bhí ag tarraingt achrainn ar an ócáid seo.

Bhí cloigeann an bhodhránaí á chroitheadh aige ó thaobh go taobh le hais a uirlise. Bhí an t-allas ag titim de le teann díchill. Bhí fothram tréan as rithim le clos os cionn an cheoil sa chiorcal. Ní fhéadfadh na ceoltóirí ná an lucht éisteachta tada a chloisteáil ach raic an bhodhráin.

Bhí Mouthy Mick ag faire air agus ag cur na súl tríd le cantal. Sa deireadh, sheas sé suas ina shuíochán agus bhéic sé ina threo: ‘Tusa, ar an mbodhrán, coinnigh síos an fothram agus fan leis an rithim, sin nó gread leat!’.

Níor lig an bodhránaí air gur chuala sé é agus lean sé den bhatráil as rithim. Ansin thóg sé amach péire spúnóga as a mhála a rinne fuaim ghéar as rithim ar a ghlúin. Bhagair Mick air arís ag an mbriseadh.

‘Ar chuala tú mé?’ a bhéic sé.

Níor lig mo dhuine air go raibh sé ag éisteacht. Bhuail taom feirge Mick agus tháinig cuma fhíochmhar air. Léim sé as a shuíochán agus trasna an bhoird i dtreo an bhodhránaí. Bhrúigh sé amach a chliabhrach os a chomhair agus fonn troda air. Bhí sé ar tí é a bhualadh le dorn nuair a tharraing Turbo Tony i leataobh é ón gcoimhlint. Rith an bodhránaí bocht amach an doras le teann sceimhle.

‘Fuckin session wreckers!’ arsa Mouthy Mick. ‘Níl aon bhealach eile le déileáil leo ach leis an lámh láidir.’

Chaith Swagger suas le trí uair a’ chloig suite ar stól sa chiorcal ceoil ag malartú poirt agus ag cur is ag cúiteamh le Tony agus na ceoltóirí eile faoin mbealach sibhialta nó a mhalairt chun déileáil le ‘session wreckers’. Bhí caradas dlúth déanta aige anois le daoine nár leag sé súil orthu go dtí an lá céanna sin.

‘An bhfuil ocras ar aon duine?’ a d’fhiafraigh Mick. ‘Tá sé ag tarraingt ar a hocht a’ chlog. Ní féidir coinneáil ag imeacht ar phiontaí. Caithfimid ithe roimh an gcéad sheisiún eile ag 9.30.’

‘Táimid go léir stiúgtha,’ a d’fhreagair Swagger. ‘An bhfuil aon bhialann IndianChinese thart anseo?’

‘Ní shílim é,’ arsa Tony. ‘Tá tú i mbaile beag tuaithe in Éirinn anois. Lorgóimid chipper.’

Agus iad suite chun boird ag ithe éisc is sceallóga i chipper beag cúng, thug Swagger faoi deara go raibh bean rua ag faire air.

‘An aithníonn aon duine agaibh an bhean úd ag an mbord in aice leis an doras?’ a d’fhiafraigh sé dá chairde nua.

‘Diabhal aithne, ná aithne,’ a deir Tony agus chroith an chuid eile acu a gcloigne.

Bhí an bhean rua ina haonar sa chipper ba chosúil. Bhí sí feicthe cheana aige, bhí sé cinnte de. Í ina suí ina haonar sa chaifé ina raibh sé níos luaithe sa lá. Rith sé leis anois go mb’fhéidir go raibh sí ag faire air féin nó ar dhuine éigin dá chomhluadar.

Bhuail babhta paranóia é fúithi. Bhí air a mheabhrú dó féin, áfach, go raibh saol Londan agus na mothúcháin dhiúltacha a chuaigh leis fágtha ina dhiaidh aige.

Bhí ceol sna tábhairní uilig ar an mbaile faoin am seo. Tháinig comhluadar ceoltóirí eile isteach sa bhialann a raibh aithne acu ar a chairde nua. Rinne Swagger agus Tony socrú bualadh le chéile ar ball i dtábhairne mór fairsing, An Crúiscín Lán. Bhí sé fíorshásta go mbeadh comhluadar aige a choinneodh a chuid mothúchán faoi chois.

Bhí iomaíocht mhór do na suíocháin idir na ceoltóirí sa Chrúiscín Lán agus iad ag socrú síos do sheisiún deiridh an lae. Bhí slua breá lucht éisteacha bailithe. Thairg Swagger deoch do Tony.

‘Feicim go bhfuil do chara anseo arís,’ arsa Tony leis.

‘Cé sin?’

‘An bhean a bhí ag caitheamh na súl ort sa chipper,’ arsa Tony. ‘Tá sí thuas ag an mbeár.’

‘Ag magadh atá tú!’ arsa Swagger.

‘Breathnaigh suas! Ar m’anam go bhfuil sí ann,’ arsa Tony.

Bhí an áit plódaithe. Bhí an gleo uafásach ard, daoine ag caint is ag ceiliúradh, pléaráca i ngach aird. Chonaic Swagger go raibh an bhean rua ag an taobh eile den bheár agus í ag stánadh air. Dá mbeadh misneach aige, chuirfeadh sé caidéis uirthi. Ach ní raibh aon deoir alcóil ólta aige le tréimhse fhada. Alcól a thugadh misneach dó tráth. Bhí fonn air gan triall ar an mbeár in aon chor. Bhraith sé an cathú damanta úd ag teacht air. Ach tháinig cuimhní míofara isteach ina chloigeann a mheabhraigh dó nárbh é sin bealach a leasa. D’fháisc sé a mhéara ina dhorn agus d’ordaigh sé liomanáid dó féin agus pionta do Tony.

‘Seo duit a Tony,’ ar seisean lena chara nua. ‘Tá sé ina chíor thuathail ceart thuas ag an mbeár.’

Bhí suíochán coinnithe ag Tony dó. Shuigh Swagger isteach sa chiorcal agus é míshocair ann féin.

‘Bhuel, ar réitigh tú an cheist faoi cé hí an bhean údaí thall?’ a deir Tony.

‘Diabhal réiteach agus tá mé chun iarracht neamhaird a dhéanamh di. Mholfainn duitse an rud céanna a dhéanamh. Cuireann sé as dom duine a bheith ag stánadh orm.’

Cé is go raibh an ceol ar fheabhas agus é ag baint sult as an gcomhluadar, níor bhraith Swagger ar a chompord. Bhí sé cinnte go raibh an bhean rua ag faire air. Bheartaigh sé éalú ón áit go ciúin i ngan fhios amach an cúldoras chuig a theach lóistín.

*****

An lá dár gcionn, chas Swagger le Tony i dtábhairne eile ar fad. Thuig sé gan mhoill go raibh amhras ag teacht ar Tony faoi fhéin agus an bhean rua.

‘Bhuel, cá ndeachaigh tusa aréir?’ a d’fhiafraigh Tony agus aoibh mhagaidh air.

‘Mar a d’inis mé duit agus mé ag fágáil, tuirse a bhí orm, sin an fhírinne. Tá mé ag tnúth le scoth an cheoil inniu.’

Bhailigh scata ceoltóirí i gciorcal nua i gcúinne an tábhairne. Bhí stól folamh in aice le Swagger agus Tony. Chonaic siad an bhean rua ag teacht isteach agus chuir Swagger cás a fhidle ar an stól ar fhaitíos go suífeadh sí air. Ach anuas léi ina threo agus tharraing sí stól eile isteach sa chiorcal taobh leis. Thug sé faoi deara go raibh fidil aici féin ach nár thóg sí amach í.

Le linn briseadh idir phoirt, chas sí ar Swagger. Ní raibh rogha dá laghad aige ach labhairt léi.

‘Ní dócha go n-aithníonn tú mé?’

‘Ní dóigh liom é! Stiofán atá ormsa.’

‘Ba chóir go n-aithneofá mé. Is mise Síle Ní Loideáin. Bhínn ag damhsa leis an Celtic School of Dancers sa Chlub Éireannach i Londain fadó. Aithnímse tusa.’

‘Dáiríre?’

‘Agus bhí na múinteoirí ceoil céanna againn i Londain nuair a bhí muid óg. Is baolach áfach go raibh timpiste uafásach agamsa fadó a d’fhág drochbhail ar m’aghaidh. Ní haon ionadh nach n-aithníonn tú mé.’

Ní raibh Swagger ag súil leis sin. Baineadh geit as.

‘Tá an-bhrón orm,’ ar seisean. ‘Tuige a bhfuil tú anseo?’

‘Cosúil leat féin, ag leanúint an cheoil. Stop mé ag ceol is ag damhsa ar feadh i bhfad mar gheall ar mo shláinte ach tá mé ar ais chuige anois agus tugann sé sólás dom.’

Bhí sé tugtha faoi deara ag Swagger go raibh sí bacach agus nach ón gceol amháin a bhí sí ag fáil sóláis. Bhí sí bogtha go maith i lár an lae agus bheartaigh sé go tobann a bheith oscailte léi maidir lena chúrsaí féin. B’fhearr dó an paranóia a choinneáil faoi chois.

‘Tuigim duit. Bíonn eachtraí saoil a fhágann a rian orainn uilig ach is iad na coilm nach bhfeictear is mó a dhéanann an dochar. D’éirigh mise as an damhsa agus as an gceol i mo dhéagóir. Bhí mé cumasach sa dá scil agus mé óg, rud a chuir iomarca brú orm do chomórtais ó mhúinteoirí agus ó thuismitheoirí. Ar chúiseanna pearsanta, ní raibh mé ag baint aon sásamh as mo shaol. Chuaigh mé mo bhealach féin sa deireadh, bealach m’aimhleasa, caithfidh mé a admháil. Ach tá mé éirithe as an ól anois agus ag baint suilt as an gceol ar mo shlí féin.’

‘Is léir go bhfuilimid beirt ag éalú ó shaol a bhí againn san am atá caite. Caithfidh go bhfuil go leor scéalta agatsa ó Londain, scéalta ón mbóthar casta sin atá siúlta agat ar an drabhlás? Abair liom.’

Baineadh siar as Swagger. B’fhéidir gur scaoil sé iomarca eolais uaidh. Bhraith sé gur tháinig sí aniar aduaidh air agus d’airigh sé leochaileach. Rinne sí gáire agus dúirt:

‘Ó anois, ná bí seachantach, tá rúin nimhneacha faoi cheilt againn go léir!’

D’éirigh Swagger teasaí. ‘An é sin an chúis go bhfuil tú do mo leanúint thart ó tháinig mé anseo?’

Thug a chara Tony faoi deara an t-athrú ar dhreach Swagger cé nach raibh sé ábalta tada den chomhrá eatarthu a dhéanamh amach leis an ngleo. Chas Swagger i dtreo Tony.

‘Labhair go beag is ná habair a dhath. Caithfidh mé dul amach faoin aer go ceann tamall. Tabhair aire do m’fhidil go bhfillfidh mé!’

Bhí cathú air dul chuig an mbeár agus pionta Guinness a ordú chun a chuid néaróga a cheansú. Staon sé arís ón gcathú ar éigin. Amach leis faoin aer agus shiúil sé cosáin na sráide mar a rinne sé an lá roimhe sin. Ach an uair seo, bhí an fuinneamh agus an muinín a bhrath sé ina choiscéim imithe. Bhí aiféala air go raibh rún scaoilte aige le bean a d’fhéadfadh scéalta faoina shaol i Londain a scaipeadh.

Bean í a dhéanfadh dochar dá fhéinaithne nua. Agus ba chuid den chiorcal anois í. Fad a bhí seisean díbeartha ón gcomhluadar aici, shamhlaigh sé mar a bheadh comhrá réidh groíúil ar siúl aici leis na ceoltóirí eile.

Fuair sé suíochán i gcúl an chaifé ina raibh sé an lá roimhe sin. Cheap sé go raibh sé slán as radharc. Thug sé sracfhéachaint ar an mbiachlár agus nuair a d’ardaigh sé a chloigeann, bhí an bhean rua ag suí chun boird leis.

‘Tuige sa diabhal a bhfuil tú do mo leanúint? Bhí tú ar tí mé a náiriú os comhair mo chairde ceoil sa tábhairne. Bhí orm imeacht. Cad atá uait?’

‘Tá tú ag séanadh go n-aithníonn tú mé, a Stiofáin. Chuala mé ó dhaoine eile go raibh tú i bpríosún faoi choireanna tromchúiseacha. Agus sealanna eile agat gan dídean i Londain. Agus féach anois ort chomh beannaithe is atá tú.

‘Ní haon phioc dod ghnó-sa mo shaol pearsanta.’

Bhí fhios ag Swagger go ndearna sé rudaí nach raibh sé bródúil astu san am a bhí caite agus é ar an drabhlás, rudaí arbh fhearr leis dearmad a dhéanamh orthu. Ach níor aithin sé cuid den mhéid a bhí sí a chur ina leith. Níor cheap sé go raibh sé á shéanadh air féin. Ba chuimhin leis a bheith gan dídean tráth. Ach príosún? B’in scéal eile. D’éirigh sé cosantach léi.

‘Cad atá uait i ndáiríre?’

‘An fhírinne faoi cé tú féin, Stiofán? Tá mé ag iarraidh aithne níos fearr a chur ort.’

Bhraith Swagger sáinnithe. Ní raibh aon spéis aige ina comhluadar ná ina cuid ceisteanna. Níor mhian leis tada faoina chúlra a phlé léi níos mó. D’éirigh sé de phreab ón mbord agus dúirt léi go borb:

‘Tá an comhrá seo thart. Ní mian liom aon teagmháil a bheith agam leat níos mó. An dtuigeann tú? Stop do mo leanúint.’

Chuaigh sé ar ais sa tábhairne ina aonar agus bhí an suíochán a bhí aige sa seisiún roimhe sin tógtha ag ceoltóir eile. Bhí a fhidil curtha i dtaisce ina chás ag a chara Tony ar eagla go dtarlódh aon timpiste de. Bhí Swagger den tuairim anois go raibh Tony éirithe fíor-amhrasach faoi féin agus a ghaol leis an mbean rua.

Bhailigh Swagger a fhidil ó Tony agus amach an doras leis, é ag breathnú thar a ghualainn gach ré coiscéim. Bhí sé cráite. Bhí eagla air go ndéanfadh sí dúmhál air. Ní hamháin sin ach go ngéillfeadh sé di.

D’éalaigh sé isteach san ‘Welcome Arms’, áit nach raibh ceol ar bith ar siúl ann. Bhí idir líonrith agus tart á chiapadh agus é ag iarraidh guaim a choinneáil air féin. Bhí sé ar tí pionta Guinness a ordú ag an mbeár nuair a fuair sé criogóg ar a ghualainn.

‘Hey Swagger.’ D’aithin sé glór Tony. Mór an faoiseamh air é a fheiceáil nuair a chas sé thart.

‘Lean mé ón tábhairne tú. Tar liomsa, tá cupán tae ar fáil do na ceoltóirí i seomra beag ar chúl anseo. Tá súilaithne agam ar an bhean rua ó fhéilte ach níor theastaigh uaim aon cheo a rá leat fúithi ar eagla na heagla!’

‘Dáiríre?’

D’aimsigh siad cúinne ciúin a bhí oiriúnach do chomhrá príobháideach.

‘Síle is ainm di. Bíonn sí ag féilte anseo go rialta agus í ag piocadh as ceoltóirí. Bíonn sí ag cur an iomarca ceisteanna ach ní thugtar aon aird uirthi. Deireann corrdhuine go bhfuil ceol maith aici ach feictear domsa gur sórt fantaiseoir í.’

‘Fantaiseoir?’

‘Agus samhailcheoltóir le cois!’

‘Cad sa diabhal é sin?’

‘Ah Swagger, is léir go bhfuil tusa as láthair ó chiorcal an cheoil rófhada!’ Rinne Tony meangadh beag. ‘Duine a ligean air nó uirthi féin go bhfuil siad ag seinm ceoil sa chiorcal ar mhaithe le comhluadar.’

‘Ara éist!’ a deir Swagger.

‘Ar mo leabhar breac!’ a deir Tony agus é ag iarraidh dea-ghiúmar a chur air. ‘Ná tóg aon cheann di.’

‘Tá sí tar éis scanradh uafásach a bhaint asamsa. Chuir sí rudaí míchuí i mo leith níos túisce faoi mar a bheadh aithne aici orm. Tá sí á brú féin orm. Cad a dhéanfaidh mé anois?’

‘Ní mholfainn a bheith garbh léi.’

‘Tá faitíos orm go dtosóidh sí ag cur drochráflaí thart fúm. Bí ag caint ar session wrecker. Tá mé cráite aici. B’fhéidir gur chóir dom focal a bheith agam le Mouthy Mick faoi cén chaoi is fearr déileáil léi?’

‘Ní lámh láidir an bealach chun déileáil le rudaí mar seo,’ a deir Tony, agus gan meangadh ar bith air anois.

‘Tuigim é sin go rímhaith,’ a deir Swagger.

Chuaigh Tony chuig an mbeár agus tháinig sé ar ais chuig an gcúinne ciúin le dhá phionta Guinness. Leag sé os comhair Swagger é ach bhrúigh seisean i leataobh é.

‘Caithfidh tú féin an dara pionta a ól, a Tony. Ní hé mo leas é a ól. Tá fadhb agam le halcól. Tá mo chloigeann róshuaite agus is fearr go rachainn ar ais chuig mo lóistín go ceann tamall. Tá súil agam go dtuigfidh tú dom. Coinnigh mo shuíochán don seisiún ar ball. Beidh mé ar ais.’

Agus é thuas staighre sa teach lóistín, luigh sé siar ar an leaba agus thosaigh ag aislingeacht faoina óige agus faoin seansaol ceoil i Londain. Ní raibh aon éaló uaidh, fiú i mbaile beag tuaithe in Éirinn, áit ar shíl sé nach mbeadh aithne ag duine ar bith air. Bhí sé idir dhá chomhairle faoi ar cheart dó filleadh ar an gciorcal ceoil sa tábhairne nó teitheadh ar fad as an mbaile.

Ansin chuala sé bean a’t í ag freagairt cnag glórach ag an doras tosaigh. Ba í an bhean rua a bhí ann agus í ag iarraidh labhairt go práinneach le Swagger. Chuala sé an chaint thíos faoi agus d’aithin sé glór na mná rua. D’oscail sé doras a sheomra.

‘Ná lig thar an doras tosaigh í,’ a bhéic sé síos an staighre. ‘Tá an bhean sin do mo chrá agus do mo leanúint ó tháinig mé chuig an mbaile!’

‘Cad atá uait?’, a d’fhiafraigh bean a’ tí di.

‘Teastaíonn uaim labhairt le Stiofán Coyne go práinneach.’

Bhí cur agus cúiteamh idir bean a’ tí agus an bhean rua ag an doras. Bhéic sí suas an staighre ón doras tosaigh chuige á rá go raibh rud éigin pearsanta le rá aici leis. Bhí náire ag teacht ar Swagger faoin raic ar fad ag an doras agus bhí faitíos air go ndéarfadh sí rud éigin faoina chúlra le bean a tí. Sa deireadh, ghéill sé dá héileamh teacht suas staighre chuig a sheomra.

‘Cad é an rud mór pearsanta atá le rá agat liom?’ a d’fhiafraigh Swagger.

‘Síle atá orm mar a dúirt mé cheana leat ach an rud nár inis mé duit ná gur mise do dheirfiúr!’

Baineadh stangadh as. Stán sé uirthi agus í ina seasamh ag doras a sheomra agus cuma chráite uirthi.

‘Ara éist! Bhí an ceart ag Tony níos luaithe, is fantaiseoir tú! Níl aon deirfiúr agamsa!’

‘Is trua liom an bealach ciotach ar thug mé faoi chaidreamh a dhéanamh leat ón tús, a Stiofáin. Tuigim go bhfuil sé seo ar fad deacair duit.’

‘Tá tú ag fantaisíocht. Éirigh as!’

‘Lig dom caint. Tháinig mise ar an saol sular pósadh ár dtuismitheoirí agus ansin uchtaíodh i Londain mé. Is é is dócha nár lig a gcreideamh Caitliceach dóibh mé a choinneáil agus gan iad pósta. Is comhtharlúint mhillteach é gur tógadh sa gceantar céanna i Londain muid. Bhíodh súil-aithne agam ortsa fadó, gan fhios agam fiú go raibh muid gaolta. Bhí fhios agam riamh, áfach, go raibh mé uchtaithe ach ní bhfuair mé amach fútsa ná faoi mo thuistí fola go raibh siad caillte.’

Tharraing sí anáil fhada agus í ag crith.

‘Faraor, bhí tusa ar iarraidh faoin am a bhfuair mé amach agus ghlac sé blianta fada orm taighde a dhéanamh. Tá mé do do thóraíocht le fada. Chuala mé go raibh tú ar an drabhlás agus gan dídean. Chuala mé drochrudaí fút agus b’fhéidir nach raibh siad fíor. Bhí fhios agam go mba cheoltóir tú agus bhíodh daoine á gcrá agam ag seisiúin cheoil. Ba údar náire mé féin ag fiosrú fút mar nár thuig daoine mé. Bhí fhios agam, áfach, go n-aithneoinn thú dá dtiocfainn suas leat. Chuir sé as dom nuair a dúirt tú nár aithin tusa mise.’

Bhí Swagger ag féachaint amach fuinneog a sheomra agus a lámha ar a chloigeann le teannas. Bhí an fhuil ag coipeadh ann agus chas sé chuici.

‘Cén chaoi is féidir liom a bheith cinnte nach cleasaíocht de shaghas éigin atá ar bun agat? Náirigh tú cheana mé os comhair daoine ag cur rudaí a bhí míchruinn i mo leith. Agus anois tá tú ag brú gaoil orm!’

Rinne sí útamáil ina mála agus tharraing sí amach scata cáipéisí. Thaispeáin sí grianghraif dó ón scoil cheoil is damhsa i Londain. D’aithin sé daoine ann. Thaispeáin sí grúpphictiúir dó ina raibh siad beirt i measc slua mór ceoltóirí sa Galtymore. D’aithin sé é féin ann.

Shuigh sé ar imeall na leapa. Shín sí cáipéis chuige a chruthaigh an fhírinne faoina dtuismitheoirí. Bhí a n-ainmneacha clóite ar theastas oifigiúil. Áit, dátaí, mar is cóir. Chaith sé tamall maith ag stánadh air agus tháinig tocht air.

Bhí tost fada eatarthu ag breathnú ar a chéile. Tost fada a thug faoiseamh ollmhór do Swagger. Theip na focail air agus bhí cathú air faoin mbealach doicheallach ar dhéileáil sé léi roimhe seo.

Chuir sé a lámha mórthimpeall ar an mbean rua. Lean a mbarróg tamall síoraí le deora.

‘Tá muid beirt aonarach agus sa riocht céanna. Mar a dúirt tú féin, a Shíle, tá muid ag iarraidh scaradh le saol a bhí againn fadó. Seo deis le tús nua a chur le muintearas agus ceol.’

I ndiaidh dóibh cúpla uair an chloig a chaitheamh ag ríomh a gcúlra is ag cur aithne ar a chéile sa teach lóistín, d’fhill Swagger ar an tábhairne ina raibh Tony ag fanacht go foighneach leis. Shiúil sé isteach leis an mbean rua ina theannta. Shuigh siad beirt síos isteach sa chiorcal agus thóg amach a gcuid fidileacha chun ceoil. Bhí Tony cinnte de go raibh caidreamh grá eatarthu anois. Chas sé i dtreo Swagger nuair a tharla briseadh sa cheol.

‘Feicim gur éirigh leis an mbean rua tú a mhealladh sa deireadh!’

‘Ó, is scéal é . . . ’

Scríbhneoir agus ceoltóir í Máire Eibhlín