Dánta le Mike Mac Domhnaill 

Mike Mac Domhnaill

Cad tá le creidiúint?

Sioc!

Tá sioc ar an gcarr!

Cé a cheap go mbeadh sé chomh fuar

leanaimid an Nuacht anso

Réamhaisnéis na hAimsire

ach faic ní dúradar

“Comhcheilg!” ag dul timpeall

na húdaráis ag iarraidh sinn

a chur as ár meabhair

uisce faoi thalamh? eolas á choimeád siar?

bíodh do rogha agat

táimid trína chéile go mór

Táim díreach tagtha isteacht

tá sioc ar an gcarr

an féidir é chreidiúint?

An féidir?

Clár Dúlra

Bím ag eisteacht

le Mooney Goes Wild

mar chothú intinne

cinnte go mbeidh

greamanna beaga dóchais ann

cé go bhfuil an t-oighear ag leá

an fharraige ag ardú

an t-aer –

oscail d’fhuinneog, a chara,

is abair liomsa –

éistim le Mooney

(roimh dhul a chodladh)

nó go scaoilfear an teannas sna matáin

nó go scaipfidh an bhuairt

nó go dtiocfaidh éiníní na dTrópaicí

ar foluain sa mhaothán tosaigh

nó pé áit a oireann dóibh im cheann

na dathanna geala

om thionlacan ar ais

don mbuachaill óg

chuig na leabhair bhailiúcháin

nuair a bhíomar go léir sa tóir

ar Phictiúr-48 den iolar fíréan –

an ceann a coimeádadh siar

tá fhios agat –

agus chím os mo chomhair

na 47 pictiúr eile:

hiéana, hiopó, gach diabhal ainmhí

téir a chodladh anois

le guth meidhreach Mooney

od chur chun suain

ag insint dúinn an scéal

le braon dóchais

caite sa mheasc

Mike Mac Domhnaill

Is file agus scríbhneoir é Mike Mac Domhnaill