Fionnscoth

Fionnscoth

Joanne McCarthy 

Tá crann silíní Seapánach síos an bothar uainn athainmnithe

ag na gasúir; an Kung Fu Panda Tree.

Le linn Kung Fu Panda 3, imíonn Po chuig ceantar na n-amhras

i gcomhraic aonair le Kai, iomghaoth duilleoga bándearga fágtha

ina dhiaidh. Seasann a chomh-laochra agus na pandaí i gciorcail

ag síneadh amach chi chuige. Leis an chi uilig, buann Po.

Féachann mo mhac suas ar an gcrann mar bhleactaire camshúileach.

Síos leis go dtí an féar, na duileoga bándearga ag sní trína mhéara.

Caitheann sé boslach san aer. Titeann said timpeall a aghaidh.

Scairteann an gáire uaigh agus lem’ gháire féin, bláthaíonn sí, an chi.