COMHARTaighde ag ceiliúradh shaothar Mháire Ní Annracháin

Liam Mac Amhlaigh
COMHARTaighde ag ceiliúradh shaothar Mháire Ní Annracháin

Tá bailchríoch á cur faoi láthair le heagrán VI den tréimhseachán piarmheasta acadúil COMHARTaighde, foilseachán deirféar le Comhar, ina bhfoilsítear ar an idirlíon saothar scolártha den chaighdeán is airde do phobal na Gaeilge in Éirinn agus thar lear. Beidh eagrán VI ina eagrán in ómós do shaothar scoláireachta Mháire Ní Annracháin. Eagrán speisialta méadaithe a bheidh a bheidh agus é dírithe ar nualitríocht Ghaeilge na hÉireann agus na hAlban i mbliain cheiliúrtha Cholm Cille, 1500 bliain ó saolaíodh é. Chuaigh Máire Annracháin ar scor ón gColáiste Ollscoile, Baile Átha Cliath, i bhFómhar na bliana 2019. Tá sé tráthúil, dá bhrí sin, i mbliain cheiliúrtha Cholm Cille go bhfuil ceiliúradh á dhéanamh ar an gcomaoin mhór a chuir, agus a chuireann sí i gcónaí, ar scoláireacht na litríochtaí sin.

Dhá alt déag san iomlán a bheidh san eagrán speisialta, ceann an duine ó na húdair aitheanta seo: Gearóid Denvir, Liam Mac Amhlaigh, Mícheál Mac Craith, Wilson McLeod, Máirín Nic Eoin, Tríona Ní Shíocháin, Meidhbhín Ní Úrdail, Tadhg Ó Dúshláine, Lillis Ó Laoire, Peadar Ó Muircheartaigh, Alan Titley agus Marie Whelton. Dá réir sin, cuimseoidh an móreagrán na príomhréimsí taighde go léir a shaothraíonn Máire: an Teoiric Liteartha agus An Chritic Fheimineach; Filíocht na Gaeilge 1940-2020; na naisc idir an cultúr gaelach in Éirinn agus in Albain; agus, an Nualitríocht agus an Traidisiún.

Sular athraíodh an saol ó bhonn sa bhliain 2020, bhí sé beartaithe ag grúpa beag de chomhghleacaithe Mháire ó institiúidí ardléinn éagsúla Collóiciam Lae a eagrú ina hómós ar an 8 Bealtaine 2020, in Acadamh Ríoga na hÉireann. Níor tharla an Chomhdháil mar gheall ar shrianta sláinte an Rialtais, ach seolfar an t-eagrán speisialta i gceart san Fhómhar, agus beidh deis, ach a leithéid a bheith ceadaithe de réir srianta na sláinte poiblí, ag na scoláirí a bhí le caint a thabhairt teacht ar an láthair chun an t-eagrán a cheiliúradh.

Mar ba dhual do Cholm Cille féin, d’oscail Máire doirse a cheadaigh do scoláirí eile ar an dá thaobh de Shruth na Maoile a heiseamláir a leanúint agus chaith sí solas úr glinn ar áilleacht litríochtaí an dá thír. Cé nach féilscríbhinn a bheidh sa mhóreagrán speisialta seo, táthar ag súil leis go mbeidh sé ina thaifead buan ar an meas atá ag a comhghleacaithe, ag a hiarscoláirí agus ag a cairde ar an Ollamh Ní Annracháin. Go leana a cuid saothair!

- COMHARTaighde VI (in eagar ag Liam Mac Amhlaigh; Caoimhín Mac Giolla Léith; Meidhbhín Ní Úrdail agus Marie Whelton): comhartaighde.ie.

Liam Mac Amhlaigh

Ollamh Comhlach le Nua-Ghaeilge in Ollscoil Mhá Nuad é Liam Mac Amhlaigh