MÁTHAIR

Cathal Ó Searcaigh
MÁTHAIR

Dánta le Cathal Ó Searcaigh

Ar mo chompord anseo i bport seascair na leabhar,

gan ag cur caite orm ach a bheith ag gabháil do dhán,

smaointím ar mo mháthair, í ina bean óg ag dianobair

i bport deileoir sa tSealtainn ag gutáil na scadán.

Ag obair go cruaidh ó dhubh go dubh i gclósanna pacála

agus i stáisiúin shaillte, an salann ag gabháil go cnámh

ina cuid lámha gágacha agus ina cuid méara gearrtha,

á bhfágáil i bpian agus ag broidearnaigh, a lámha beaga gan ádh,

a d’fhulaing cneá agus cruatan sula raibh sí in aois mná,

ag déanamh timireacht throm i dteach feirme ar an Lagán,

agus ina dhiaidh sin - í fós faoi aois - fostaithe mar tatie-hooker

séasúr bhainte na bpréataí i bPerthshire na hAlban.

Smaointím uirthi anois i bport lom na scadán,

í ag snaidhmeadh a méara le hiad a choinneáil te;

garbhadas goirt an lae ag cur greadfach ina craiceann

agus gaoth pholltach ón tsáile á conáil ar an ché.

Anseo tá sócúl na tineadh agamsa i bport te na leabhar,

greim gáilligh agam, chan ar scadán, ach ar pheann,

is mé ag sailleadh dáin i ndabhach salainn na hintinne;

is má tá marc fágtha ar mo lámha, smál dúigh atá ann.

Lá i ndiaidh lae ag gutáil, ag pacáil is ag líonadh na mbairillí,

í faoi lámh agus faoi leatrom ag leasaitheoirí na scadán,

agus cé go raibh a teangaidh chomh géar le scian éisc,

ní raibh gearradh inti ina n-éadan siúd ná a gcuid achasán.

Snaidhm an ocrais ina putóga, snaidhm na hainnise ina gnúis,

agus ach go bé snaidhm an chairdis, an snaidhm theann the

le cailíní ó Cheann Caslach , ón Chéideadh is ó Leac Éanach,

rachadh broid ghoirt na hoibre go croí inti agus go hae.

Anocht is tuaimneacha tréana na mara ag teacht ó Thoraigh,

Is mise ag cúipéireacht ar dhán, ag cur fonsaí na bhfocal thart

ar mhothúchán, mothaím í le mo thaobh - cé gur fada í i gcré -

ag tomhas an ábhair go cuí ionas go mbeidh sé liom i gceart.

‘Nuair nach bhfuil fáil ar lámh Dé,’ arsa sise, ‘caithfimid an t-olc

a shnáthadh leis an mhaith,’ mar a déarfadh sí cois tineadh fadó

agus muid ag ól tae, ise ag inse domh fá shéasúr sclábhánta

na scadán i Lerwick agus i Wick, fán chuideachta agus fán anró.

Ar feadh a saoil bhí lorg na gutála le feiceáil ar a lámha,

coilm dhearga an ghearrtha greanta go domhain ina lár

mar líne na beatha, líne na cinniúna, líne buartha an chroí,

is d’fhan garbhadas goirt an tsaoil léithe go dteachaigh sí faoi chlár.

Cathal Ó Searcaigh

Is file agus scríbhneoir é Cathal Ó Searcaigh