Seán Ó Ríordáin, Apathy is Out/ Ní Ceadmhach Neamhshuim
Aistrithe ag Greg Delanty
Bloodaxe Books/ Cló Iar-Chonnacht, €15.00/ £12.99/ $19.95.
Léirmheas le Eiléan Ní Chuilleanáin
Is é toradh gach aistriúcháin nua de shaothar sárscríbhneora, ná go bhfuilimidne, a léitheoirí, á dtarraingt ar ais go dtí an buntéacs, agus is amhlaidh atá i gcás leagan Ghreg Delanty de dhánta Sheáin Uí Ríordáin. Is iomaí turas níos measa ná sin, cé gur rófhurasta go minic an t-aistritheoir a cháineadh toisc gur roghnaigh sé focal atá, dar linne, níos faide amach ón mbrí thábhachtach, ná ba ghá. Tosnóimid ar leagan pearsanta a shamhlú dúinn féin, nó ar an dtéacs atá romhainn a chur i gcomparáid le leagain eile atá le fáil. Más file é an t-aistritheoir féin, tá baol ann go ngéillfidh sé uaireanta dá fhriotal pearsanta féin. Seo an bua agus an baol a bhaineann leis an leabhar dátheangach; nochtann sé don léitheoir an rogha a bhí ann agus an tslí a leanadh nuair a scar na bóithre.
Mar a luann Delanty ina réamhrá, tá filíocht Uí Ríordáin á haistriú, agus á foilsiú leis an mBéarla is an Ghaeilge ar aghaidh a chéile amach, le roinnt blianta anois. Tháinig Rogha Dánta/ Selected Poems, in eagar ag Frank Sewell, amach ó Chló Ollscoile Yale i 2014, agus sé aistritheoir déag ag glacadh páirte ann. Tá seacht ndán déag dá chuid aistrithe i Leabhar na hAthghabhála (2016) in eagar ag Louis de Paor. Ach bhí Delanty tar éis dul i mbun oibre timpeall fiche bliain roimhe sin. D’iarr sé cabhair ar Liam Ó Muirthile agus é ag cur tús leis, toisc nach raibh muinín aige ina chuid Gaeilge. Níor éirigh leis an leabhar a fhoilsiú ag an am sin. An rud a spreag é chun tosnú air, bhí sé ag múineadh filíocht na hÉireann do mhic léinn Mheiriceánacha in Vermont, agus ní raibh le fáil i mBéarla ag an am sin ach dornán beag de dhánta an Ríordánaigh. Ós rud é go bhfuil i bhfad níos mó díobh i gcló anois i dteanga na hImpireachta, cad é suíomh ceart an leabhair seo i measc na léirléamha?
Tosnóimid le ceist na teangan. Dar le Delanty is teanga ar leith í an fhilíocht, pé canúint ina scríobhtar í. Is dócha mar sin nach n-aithníonn sé teorainn chrua idir dánta atá scríofa i dteangacha éagsúla. Ar thaobh amháin, is féidir glacadh leis an mbarúil seo mar réiteach ar fhadhb Uí Ríordáin féin, leathghreim ar an nGaeilge nár éirigh leis, mar is eol do chách, a shealbhú mar theanga dhúchais. Mar sin, uaireanta, lúbann sé an abairt beagáinín. Agus é ar lorg na bhfocal oiriúnach, feictear dúinn go bhfuil sé ag síneadh amach a láimhe, díreach mar an dall sa Studio, chun greim ceart a bhreith orthu; agus, rud aisteach mar léitheoirí, creidim go mbraithimid níos gaire dó mar gheall ar san. Níl sé éasca an mothú sin a chur i gcéill i dteanga eile. An conradh idir an t-aistritheoir agus an léitheoir, ciallaíonn sé go gcuirfear gach ciotaíl chun dochair an aistritheora. Ach nuair nach ciotaíl atá i gceist ach ‘Ríordánachas’, conas is féidir sinn a chur ar ár n-aire? An féidir liom cúpla sampla a aimsiú?
Molann Ó Ríordáin Domhnall Ó Corcra mar gheall ar an ‘intinn aosta/ Dúinn ba dhual. ... do shiúil sé bóithre lán de Mhuimhnigh/ É féin ’s Eoghan Rua’. Deir Delanty ‘an antique mind/ the mind of our race ... He had the measure of the Munster crowd/ himself and Eoghan Rua’. Caithfidh gach aoinne a bhreithiúnas féin a thabhairt: ní ghlacaimse le ‘race’, focal dainséarach; is maith liom an uaim, ach cloisim chomh maith guth Corcaíoch Delanty féin. Tugann sé ‘night fogfalling softly like a story’ dúinn in áit ‘an oíche ag bogthitim mar scéal’ agus is breá liom é sin, leanann sé lúb an bhundáin go dílis agus athnuann é.
Is minic a aimsíonn Ó Ríordáin aire na neacha gan teanga, a radharc dírithe, cruinnithe, a chríochnaíonn ina mhalartú, mar a tharlaíonn i ndánta cáiliúla mar ‘Malairt’, ‘Catchollú’, ‘Aistriú’. Cuireann sé brú ar an dteanga ag amanna mar sin, mar shampla in imeartas focal idir ‘leabhaireacht’ agus ‘leabhrach’ ins ‘An lacha’ (‘gur dícheall di vers libre’) agus gan amhras sna ‘cait ’na gceathaibh’ i ‘gCatchollú’. ‘Cats rained in cataracts from her’ adeir Delanty i ‘gCatology’. Bhí ‘Incatation’ mar teideal ag Frank Sewell ar an dán céanna, agus dar leis ‘it rained cats by the catful.’ Ní fheadar cé acu ceann is fearr a thaitníonn liom.
Bhí Seán Ó Ríordáin míshocair ina chorp féin, ní nach ionadh nuair a smaoinímid ar na fadhbanna sláinte a lean é i rith a shaoil. Ina chuid filíochta agus i leagain Delanty, scaoiltear saor é uaireanta, ní go minic, ó fhulaingt is uaigneas a bheatha, ‘A insint féin ar Fhlaitheas Dé,/ Ag sin oileán gach éinne ... An phúcaíocht ait i ngéagaibh.’ Anso tá an ceart ag Delanty, measaim, nuair a thugann sé míniú neamhlitriúil ‘Everyone’s version of God’s freedom/ is his own island’ agus díreach ina dhiaidh sin leagan dílis: ‘the weirdness of limbs’ – géaga crainn chomh maith le géaga coirp an duine. Mar is gnáth leis an aistriúchán, bíonn an Béarla ag déanamh saghas zigzag, aon nóimeat gar don Ghaeilge, agus ansin go tobann amach i bhfad uaithi. Tugann sé ‘cream’ in áit ‘lacht’ ins an gcéad dán den leabhar, agus tuigim cén fáth ach ní chreidim go bhfuil sé sásúil go hiomlán. Agus ó am go ham chím rogha nach féidir liom aontú leis, mar shampla: ‘I’m the bloke/ who’s had every hope blown out’’ in áit ‘mise an té/ a chaill gach aon dóchas’. Cá bhfuair sé ‘bloke’? Cén fáth go bhfaighimid ‘there he goes’ in áit ‘Siúd léi’ – dearmad clóscríofa is dócha.
Is léir gur ó ghrá agus neart díograise Delanty do shaothar Uí Ríordáin a tháinig an tionscnamh seo. Tá aistriúcháin eile ar fáil anois, agus cuireann sin i gcuimhne dúinn nach bhfuil aon aistriúchán riamh chomh slán san nach féidir é a leasú, nó ar a laghad a shoilsiú le solas leagain eile. Tá an comhrá idir na teangacha agus na leaganacha ag leanúint ar aghaidh sa leabhar seo.
Nuair a scríobh Ó Riordáin i ‘gCeol Ceantair’ faoi chaint Dhún Chaoin, ‘Ní hiad na focail ach an fonn’, an raibh sé ag bogadh ar ais ón gcuardach ar lorg na teangan, lorg na bhfocal a bhí scaipthe, mar a dúirt sé, scór bliain roimhe sin, in ‘A Sheanfhilí, Múinidh dom Glao’ : ‘Och, buailim leo is ní aithním iad’? Dar leis, i Línte Liombó, níl an ceol ar fáil dó ach oiread, ‘Toisc a ghiorracht dom is bhí/ Is mé ar adhastar ag an mbrí.’ Is idir cheol is bhrí a faigheann sé áit mhíchompordach dó féin, cnoc radharcach gur féidir an aisling ghéar a fheiscint uaidh.
Deir Delanty go bhfuil súil aige go n-aithnítear ‘ceol na Mumhan’ ina leabhar, de bharr é féin a bheith ina Chorcaíoch, agus b’fhéidir de bharr na cabhrach a fuair sé ó Liam Ó Muirthile ar dtús. Ba mhaith liom aontú leis, agus ar shlí is féidir liom, mar is deacair sa bhfilíocht focal agus fonn a aithint ar a chéile. Ach is é an bua is tábhachtaí a chím ina leabhar ionracas agus iomláine an ómóis a thugann sé don bhfile leochaileach, aireach, teochroíoch, nárbh fhéidir leis riamh an cat a fhágáil amuigh.