An Léiroidhre 

An Léiroidhre 

Gearrscéal nua le Ross Coleman

Bhí an gasúr curtha ina luí aige nuair a shuigh sé ar an tolg de phlimp. Bhí sé ag iarraidh breathnú ar rud éicínt ag deireadh an lae. Sea, bhí cuid mhaith oibre sa mhála ach ní raibh uaidh í a dhéanamh. Chaithfí a dhéanamh, bhí a fhios aige, ach ní raibh sé de mhisneach aige aghaidh a thabhairt air. Dhírigh sé a aird ar an teilifís, an monatóir lena ais ar eagla go ndúiseodh an gasúr a bhí faoi shuan thuas staighre.

Tada. Ghabh drithlíní díomá tríd agus é ag dul ó chainéal go cainéal. Ní raibh ann ach na rudaí a raibh dúil ag a thuistí iontu. Iascaireacht agus Nationwide agus cláir faoi gharraíodóireacht agus araile. Cláir a mbreathnófá orthu agus tú ar do shó...

Bhreathnaigh sé ar a fhón. Tada ach rud amháin ar Facebook. Bhí Ben, a flatmate, ag an bPav arís, cé nár mhac léinn ann é. Bheadh sé ar deargmheisce faoin am a mbeadh seisean ag filleadh ar an árasán, théis do na tuistí teacht abhaile agus na gnáthrudaí a rá leis: Ar chodail sí go maith? An raibh sí dea-mhúinte?

Chomh socair le huan. B’in an nath ba mhó ar bhain sé leas as cé gurbh fhada an lá ó chonaic sé aon uan, dáiríre. Seachas na cinn sna leabhair a léigh sé do na gasúir fad is a bhí sé ar thaithí oibre.

Bhí sé deacair an gasúr a chur ina luí, a shíl sé. Bhí neart peataireachta uaithi: roinnt luasctha agus scéalta agus gobán. Bhí sé leathuair a chloig sa seomra sin ag iarraidh í a chealgadh chun suain, ag cur briathra binne ina cluais, ag déanamh comhbhá léi, á cuimilt trí bharraí an chliabháin. Ach taithí mhaith a bhí ann dar lena mháthair. Ise a mhol é don jab seo.

Rith sé leis triail a bhaint as Netflix le haghaidh rud éicínt. Bhí cead aige é a úsáid. B’in ceann de na pribhléidí a ghabh leis an jab seo. Nuair a bhíonn an cat amuigh, bíonn an luch ag rince agus mar sin de. Agus an gasúr ina codladh, thapaigh sé an deis chun sos a bheith aige. An sos a bhí tuillte.

Iarradh air logáil isteach. Bhí ríomhphost agus pasfhocal de dhíth. Bhí sé ina staic ar feadh seal beag ag iarraidh teacht ar na sonraí. Bhuail fonn caointe air nuair a rith sé leis nach raibh siad ar eolas aige. Sa mbaile, bhíodh na sonraí líonta isteach ar an toirt, toisc nár bhuan cuimhne Mham is Dheaid. Ba chuimhin leis na sonraí a scríobh síos ar bhlúire a ghreamaigh sé ar an mbord íseal cois toilg:

“Ara, nár laga Dia thú, a mhic,” a dúirt a athair leis, ag teacht abhaile agus saothar air.

D’oibrigh sé do An Post agus níor chuimhin lena mhac lá nach raibh sé le feiceáil amuigh, ag tabhairt beartán do na comharsana agus ag caint le daoine. Dar leis, níorbh ann do bheith ‘as láthair.’

Bhí dearg an scáileáin ag magadh faoi. Fógra do The Crown a bhí ann - bhíodh Ben ag caint faoi an t-am ar fad. D’aithin sé an Bhanríon ar an bpointe agus ba é a fear céile a bhí lena taobh, an fear a bhí ard agus maisithe leis an uafás bonn. Ar an taobh clé, chonaic sé fear ar comhaois leis, ceann faoi, agus thug sé buille faoi thuairim gurbh é an Prionsa é. Tháinig aoibh air. Blúire de chomhrá a bhí aige lena mháthair ba chúis leis.

“A Mham, níor thug tú m’ainm dom i ngeall ar an bPrionsa Séarlas, ar thug?”

Lig sise gáire aisti.

“Níor thug, ná baol air. Nuair a chuaigh muid chuig an ospidéal, ní raibh a fhios againn cad a thabharfadh muid ort. Ach ansin, chas duine de na haltraí orainn agus, bhuel, bhí sé chomh tláith sin, chomh díograiseach gur bheartaigh muid go raibh an t-ainm sin oiriúnach. Ach, téanam ort - beidh tú déanach don scoil.”

Tharla an comhrá maidin amháin sular oscail sí an naíolann a bhí suite ina dteach. Bheadh na gasúir ag teacht nóiméad ar bith agus bheadh siad le gealaigh. B’ionadh le Charlie go bhfuair sé an deis labhairt lena mháthair, óir de ghnáth, bhíodh sí chomh gnóthach ag cur caoi ar chuile rud, ag bailiú na naprún, ag cur na mbréagán amach. Bhí sé dulta i dtaithí ar a theacht abhaile agus a sheomra a bheith ina phraiseach ag na gasúir. Uair amháin, chonaic sé go raibh duine acu théis ionsaí a dhéanamh le criáin ar an leabhar ab ansa leis. B’in cóip den Mabinogion a thug a Dhaideo, a tháinig as an mBreatain Bheag, dó. Bhí sé aige ó bhí sé féin ina ghasúr. Ní dúirt a mháthair ach “Ní dhearnadh aon dochar.”

B’annamh a fuair sé deis Daideo a fheiceáil. D’iarr a mháthair air cúnamh a thabhairt di sa naíolann chuile shamhradh ó thosaigh sé ar an méanscoil. Níorbh aon ionadh é go ndeachaigh sé le cúram gasúir san ollscoil, shílfeá.

Stán Charlie ar Phrionsa na Breataine Bige. Chuala sé na bunsonraí faoi óna mháthair, an raic le Camilla agus Diana - an chaoi a raibh air í a phósadh ach bhí a dhúil sa mbean eile. Bheadh cead a chinn aige an dúil a chomhlíonadh ach gan an dualgas a bhí air a dhearmad. Shamhlaigh sé an Prionsa agus é óg, ag fáil íde béil faoina thábhachtaí is a bhí seo nó siúd don choróin. Ní raibh sé deacair ar chor ar bith...

Torann tobann agus cheap sé gur ón ngasúr a bhí sé ar dtús. Níorbh ea - teachtaireacht ó Ben a bhí ann.

“An craic thar barr anseo. Súil agam go bhfuil tú ag baint sult as an mbabysitteáil.

Chuir sé freagra gonta ar ais chuige: sraith de emojis. Bhí faoi ‘lánsult’ a rá ach chuir sé cosc air féin. Bhí rud éicínt cearr leis, ar bhealach. Thuirling a radharc ar an mála a bhí ag cur thar maoil le hobair. Bhí aiste le scríobh aige ar ‘Aistear’ agus na himpleachtaí a bheadh aige ar fhorbairt gasúr. Chaith sé trí uair an chloig sa leabharlann ag déanamh taighde is ag priontáil rudaí amach. Bheadh air tús a chur uirthi nuair a rachadh sé abhaile.

Rinne Ben gáire nuair a chonaic sé an carn mór páipéir sa mhála. ‘B’fhearr thusa ná mise, a mhac,” ar seisean, ag dul chuig a sheomra chun caoi a chur air féin i gcomhair na hoíche a bhí roimhe sa bPav.

B’fhuath le Charlie dul leis, áfach. Níorbh fhear óil é, bhí sé cinnte de, agus bheadh air aire a thabhairt dó nuair a bheadh sé le ceangal de bharr masla nár mhasla ar bith é. Ach, bhí an seans ann go..

Gíog as an monatóir agus bhí sé ina sheasamh ar an toirt. Bháigh an caoineadh aon smaoineamh ina intinn.

“Céard ’tá ort a stóirín,” a dúirt sé agus seomra an linbh sroichte aige. Níor thuig sé faic idir chaoineadh agus phlobaireacht ach lig sé air gur thuig. “Mise Charlie, an cuimhin leat? Tá Mama agus Deaide imithe ar feadh píosa. Tá tú OK. Fuist..”

Sheiceáil sé na gnáthrudaí: thug sé buidéal di uair ó shin, níorbh é sin é. Ní raibh athrú clúidín de dhíth uirthi, níorbh é sin é ach oiread. Ní raibh sí róthe nó rófhuar is níor luaigh a tuistí tada i ngeall ar ghearradh fiacla.

Chuimhnigh sé ar chomhairle a mháthar cé gur chuir sí lagmhisneach air. “Uaireanta, ní theastaíonn ó ghasúir ach caoineadh a dhéanamh agus caithfidh tú tacaíocht a thabhairt dóibh agus cinnteacht a thabhairt dóibh.” Shuigh sé síos mar sin. D’airigh sé abairt ag teacht as a bhéal dá ainneoin.

“Ar mhaith leat go gcasfadh Charlie amhrán duit?” arsa seisean go tláith. Ba chuma léi, ba chosúil.

Agus Charlie ag casadh, bhraith sé amhail is go raibh duine éicínt eile théis sleamhnú isteach ina chorp. Bhí an méid seo cinnte: cibé círéib a bhí ag dul ar aghaidh ina intinn, chaithfí deireadh a chur leis. Tuirseach? “Ní feasach do ghasúr do thuirse” mar a deireadh a mháthair leis.

Bheartaigh sé go ndéanfadh bogadh tríd an teach maitheas di - teoiric eile de chuid a mháthar. Ar aghaidh leis mar sin, ag canadh is ag bogadh ar nós zombaí. Rinne sé cúis, buíochas le Dia. Chríochnaigh sé a thuras díreach ar an tolg. Bhí sé fuar agus ní raibh de sholas ann ach aghaidh an Phrionsa Séarlas ag stánadh air ón teilifís.

Bhí an cur i gcéill ag dul in éag arís, óir nach raibh aon ghá leis anois. Bhí an gasúr faoi shámh arís ar a ghualainn, é á cuimilt de shíor lena bhos. D’fhan sé ina staic ar fhaitíos go ndúiseodh sí an athuair.

De phreab, tháinig gíog as an bhfón arís. Ben a bhí ann.

Sheol sé téacs gonta chuige. “Tá an gasúr ina codladh faoi dheireadh. Ná bí do mo chéasadh!”

Faic théis sin ach tost uafásach.

Shamhlaigh sé a mbeadh ar bun ag Ben. Dhéanfadh sé roinnt suirí le cailín a gcasfadh sé uirthi ag an bPav, cé nach raibh baol ar bith go bhfeicfidís a chéile arís go brách. Ghabhfadh sé chuig club léi agus dhéanfadh sé iarracht damhsa a dhéanamh chun í a mhealladh. Bheadh sé ag déanamh tuilleadh théis sin ach diabhal a n-inseodh sé do Charlie faoi: “Tá tusa róshoineanta chun sult a bhaint as mo chuid drabhláis, a Charlie.”

Ar ndóigh, bhí an ceart ar fad aige. Chónaigh Charlie sa leabharlann toisc nach raibh féith na scrúduithe ann mar a bhí ag cuid dá rang ar scoil, is ní dheachaigh sé amach ach amháin le haghaidh jabanna ar son taithí. Bhí an taithí luachmhar. Toisc... toisc...

Thuirling a radharc ar an bhfógra do The Crown. Rinne a shúile teagmháil le súile an Phrionsa. Agus, ar shlí éicínt, rinne sé bá leis in ainneoin an drochrud a rinne sé. Tuigeadh dó ag an nóiméad sin gur eascair an raic as an rud a bhí ag teip airsean a dhéanamh, an rud nach raibh sé de mhisneach aige a admháil dó féin. Bhí sé ag iarraidh briseadh amach. Bhí sé ar bharr a theanga. Ní raibh sé sás-

Chuala sé eochair ag casadh sa doras. Mhúch sé an teilifís agus cuireadh ruaig ar an smaoineamh ina cheann.

“Haigh. Tá muid ar ais. Chuile rud OK anseo?”

“Yeah, chuile rud togha.”

Ar ais leis an gcur i gcéill. D’éirigh sé.

“An raibh sí go maith duit? Ar chodail sí go maith?”

“Chodail sí go maith, yeah. D’éirigh sí pas beag cantalach ansin - sin an fáth a bhfuil muid anseo - ach ar an iomlán...”

D’fhan an nath ar a bhéal, drogall air scaoileadh leis.

“Bhí sí chomh socair le huan.”

Thóg an mháthar a girseach uaidh agus thug an t-athair a thuarastal dó.

“Nár laga Dia thú, a Charlie. Tá muid fíorbhuíoch as seo.”

“Fadhb ar bith.

“Is tusa mac do mháthar gan dabht ar bith. Beidh an naíolann slán agus tú ina bun amach anseo.”

“Go raibh míle maith agat ach níl mé cinnte faoi sin.”

“Ar mhiste leat aire a thabhairt di an tseachtain seo chugainn?”

Baineadh geit as Charlie.

“Bhuel..”

Chonaic sé an teilifís as corr a shúile.

“Tá brón orm ach beidh mé gnóthach. Oíche mhaith.”

D’imigh sé gan focal eile agus shiúil sé chuig an mbus. Agus é ag fanacht air, chuala sé scairt ar a fhón. A mháthair a bhí ann, ag iarraidh fháil amach cé chaoi a raibh an jab, ag insint dó faoi cheann eile. Bheidh sí á chiapadh go dtí go bhfaighidh sí freagra.

Bíodh fanacht uirthi, a cheap sé. Bhí rudaí níos tábhachtaí ar a aire. Bhreathnaigh sé ar a mhála. Bhí air dul chuig an leabharlann...

Bhí sé ag iarraidh cóip den Mabinogion a fháil.