An Taighdeoir

An Taighdeoir

Mhúscail mé ar maidin ar a sé1 a chlog nuair a dhóigh an tríú cupán de chaife a d’ól mé an lá sin mo bheola. D’ól mé beirt eile agus d’éirigh mé ar dhá bhomaite agus fiche soicind i ndiaidh a sé2. Bhí mé ar crith ag an phointe sin agus mheas mé go raibh barraíocht fola i sruth an chaife agam. Ní leor an leigheas ó bhéal má thiteann líon na caiféine ró-íseal, mar a tharla an mhaidin3 sin, agus bhí orm an t-instealladh a fháil4.

Agus sin déanta, rinne mé céadphroinn na maidine (bhí mé chun bricfeasta a ithe ach dúirt mo stiúrthóir nach raibh mo chuid scríbhneoireachta ar chaighdeán ard go leor). Gliomach5 a d’ullmhaigh mé, ag doirteadh bainne thairis6 sular ith mé é avec7 cupán tae8.

Chuaigh mé isteach chun na hollscoile, léigh mé trí alt, seacht leabhar agus naoi ngiolc (mar aon le trí caogaid de thráchtanna Facebook). Bhí mé ag iarraidh tuilleadh a léamh ach bhí dhá rud i m’éadan: bhí mé leis na huimhreacha a theagasc ag bunrang an deireadh seachtaine sin agus mheas mé gur mhaith na samplaí sin, agus; glac sin dhá uair fichead orm9. Thuig mé ag an phointe sin nár chaith mé tobac le beagnach fiche bomaite. Bhí sin baolach nó déanaim an-iarracht an chothromaíocht idir caife agus toitíní a choinneáil réidh.

(Seo briseadh beag sa scéal anois nó tuigim nár chaith mé le fiche bomaite arís. Déan cupán tae duit féin agus beidh mé leat go luath.)

Agus léitheoireacht, riarachán agus ullmhúchán ranga déanta, an rud a dhéanann mac léinn10 PhD ná scríobh. Seo an píosa is deacra nó, déanta na fírinne, is é is tábhachtaí. Bhí mé le trí pháipéar comhdhála a thabhairt an tseachtain11 sin, bhí mé le seacht n-alt a chur chuig irisí éagsúla,12 agus bhí mé chun 2,000 focal den tráchtas a scríobh.13

Ghlac sin 20 uair a chlog domh, na trí chéad seasca a ceathair cupán caife agus an tríocha a hocht cupán tae do mo stiúradh agus mo leasú. Bhí anois dhá uair agus dhá fhichead caite agam ar mo chosa agus bhí orm gabháil a luí go luath. Ach bhí nós eile le cur i gcrích ar dtús. D’amharc mé ar mo ghuthán14 agus bhí achan taighdeoir15 a raibh dhá phunt caoga le spáráil acu ag iarraidh cupán caife a ól. Bhí an cuireadh sin mar a bheadh cloigín aifrinn ag sagart nó mar a bheadh glam na gcon ag duine de na Fianna,16 agus chuaigh mé liom a sheilg na caiféine go santach gur aimsigh mé fuaim naofa an mheaisín caife i mbialann na hollscoile.

Shuigh romham ceathrar taighdeoirí,17 ocht súil roinnte go cothrom eatarthu agus seacht gcéad, seacht bhfichead agus seacht gcinn de mhálaí faoi na súilibh sin (ní go cothrom a roinn siad na málaí nó bíonn muid i gcónaí, i dtólamh agus de shíor in iomaíocht faoi seo). Shuigh mé féin síos agus chuir mé dhá shúil agus trí chéad mála leis an áireamh.18

Níor labhair muid le chéile an lá19 sin ach chaoin muid go cruaidh, nó is aoibhinn le neacha léinn PhD salann sa chaife acu. Bhí bean sa chomhluadar nach raibh ina mála láimhe aici ach litir ó iris agus trí chéad, iad uilig ag diúltú dá hailt taighde ar ábhair éagsúla. Í ba mhó a raibh dúil aici i gcaife goirt an lá20 úd. Mé féin, d’amharc mé ar an ríomhaire an lá ar fad agus ní raibh uisce mo chaointe fágtha i mo shúilibh. Bhí mé buíoch as sin nó go maith costarnocht a ólaim mo chaife.

Phill mé ar m’árasán ansin, áit inar líon mé gloine bheag21 le beoir.22 Dhruid mé mo shúile agus lig mé daofa uisce mo chaointe a chur le chéile. Chuaigh mé a luí go gairid ina dhiaidh sin. Agus, ag doras an tseomra leapa, cé a bhí ann ach mé féin, é ag éirí chun é uilig a dhéanamh arís.23

---------------------------------------------

[1] A hocht a bhí ann.

[2] Bhí sé ag tarraingt ar a naoi.

[3] Seo fíor – bhí an mhaidin fós ann.

[4] Na pónairí féin a ithe atá i gceist leis sin.

[5] Cheerios.

[6] Nó cibé rud a dhéanann tú le gliomaigh.

[7] Bíodh meas agat ar na teangacha atá agam.

[8] Seo fíor – is Conallach mé ag deireadh na dála, bíonn orm tae a ól seacht n-uaire sa lá, trí huaire sa ló, agus ní n-uaire achan oíche nó ní fhágfaidh m’athair aon talamh domh.

[9] Nota tábhachtach anseo ná nach bhfuil san achar sin ama ach leathlá, nó ní théann mic léinn PhD a luí ach achan dara hoíche.

[10] Gabh mo leithscéal, ‘taighdeoir’.

[11] bhliain.

[12] An t-aon alt amháin a bhí i gceist ach dhiúltaigh sé hiris é roimhe sin.

[13] Sin fíor, ní ceap magaidh an tráchtas sin.

[14] Na gnáth-théacsanna, seachas na haipeanna.

[15] Gabh mo leithscéal, ‘mac léinn’

[16] Nó pas sa viva domhsa.

[17] Bhí muid uilig comh briste sin nach dtig liom uimhreacha pearsanta a úsáid. Ní raibh ionainn ach iarsmaí de dhaoine i ndáiríribh.

[18] Mise a bhain an lá sin.

[19] Oíche? Bhí sé geal ach seans nach raibh ann ach go raibh na soilsí lasta.

[20] Ibid.

[21] Gloine mhór.

[22] Le huisce beatha.

[23] Deirtear liom nach raibh ann ach mé féin sa scáthán ach ní maith liom sin mar dheireadh scéil.