Ní leithscéal do Jair Bolsonaro é seo, ach…

Alex Hijmans

Ní ar an uachtarán conspóideach amháin atá an milleán faoi ghéarchéim an choróinvíris sa Bhrasaíl, a deir Alex Hijmans

An Bhrasaíl, Bealtaine 2020. In Tancredo Neves, bruachbhaile bocht i gcathair Salvador, tá os cionn fiche duine bailithe os comhair theach mo mhuintire. Tá func gáirsiúil ag pléascadh ó na callairí agus tá comórtas creatha tónach ar siúl ag na mná óga. Tá mascanna aghaidhe á gcaitheamh ag chuile dhuine – ach ar leathchluas, mar a bheadh giuirléidí faisin iontu. Tá an ghlóthach alcóil ag dul ó lámh go lámh mar a bheadh prapa stáitse inti, seó bóthair á dhéanamh den níochán lámh ag a bhfuil i láthair le teann béalghrá do na treoirlínte sláinte. Buaileann smaoineamh aisteach mé: seo í an bhliain 2030, agus tá cóisir bunaithe ar théama an choróinvíris ar siúl! Ach is í an bhliain 2020 atá ann, agus níl an phaindéim ach ina tús. Sa Bhrasaíl, tá idir 800 agus 900 duine in aghaidh an lae ag fáil bháis ó Covid-19. Cé atá ina suí i lár an rírá ar fad, meangadh gáire suaimhneach ar a haghaidh agus a masc ar leathmhaing, Dona Inaldi, an bhean a dtugaim Mamó uirthi – duine de na daoine is mó a bheadh i mbaol ón ngalar dá dtolgfadh sí an víreas.

‘Deir sí nach bhfuil sí buartha faoin gcoróinvíreas, go bhfuil sí 84 bliain d’aois agus go bhfuil sí “san am breise” cheana féin,’ a deir Naná, máthair m’iarchéile, i mo chluas, de chogar. Is í Naná, a dtugaim ‘mo mháthair Bhrasaíleach’ uirthi, an t-aon duine amháin sa chomhluadar a bhfuil a masc aghaidhe á chaitheamh i gceart aici.

Mí an Mhárta 2021. Tá isteach is amach le 3,000 Brasaíleach in aghaidh an lae ag fáil bháis ó Covid-19. Tá Naná ina measc. Duine a chloígh leis na treoirlínte sláinte ón tús cloíte ag an ngalar, coicís nó mar sin sula mbeadh sí i dteideal an chéad dáileog de vacsaín frith-Covid-19 a fháil.

Is fíor go bhfuil os cionn 550,000 duine sa Bhrasaíl tar éis bháis ó Covid-19 agus go mbeidh an líon sin níos airde fós nuair a bheidh an phaindéim thart.

Is fíor go bhféadfaí go leor de na básanna sin a sheachaint dá gcuirfí beartais dianghlasála agus eile i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta ón tús; i bhfocail eile, dá léireofaí ceannaireacht mar ba chóir ag an leibhéal is airde.

Is fíor go raibh Jair Bolsonaro ina dhris chosáin sa chath i gcoinne an choróinvíris ó dúirt sé nach raibh sa Covid-19 ach ‘slaghdán beag’.

Is fíor go bhfuil binse fiosrúcháin bunaithe a bhfuil sé mar aidhm aige iompar Bolsonaro agus a rialtas ó thús na paindéime a scrúdú agus is fíor gur liosta le háireamh iad na líomhaintí atá á gcur ina leith, mar atá, i measc rudaí eile:

• Eolas míchruinn a scaipeadh

• Amhras a tharraingt ar bheartais dianghlasála agus ar vacsaíní ar cruthaíodh a n-éifeacht go heolaíoch

• An chluas bhodhar a thabhairt ar feadh míonna fada don chomhlacht Pfizer nuair a rinne an comhlacht sin teagmháil le rialtas na Brasaíle féachaint an mbeadh spéis ag an tír sin ina vacsaín

• Neamhaird a dhéanamh d’iarrachtaí praghas i bhfad ró-ard a ghearradh, agus do mhírialtachtaí eile, i gconradh a dréachtaíodh chun vacsaín ón India a cheannach, vacsaín nár cruthaíodh a éifeacht i gcoinne Covid-19 go hoifigiúil.

(Tá na líomhaintí agus cibé olc nó éagóir séanta ag an uachtarán.)

Ar deireadh, is fíor go bhfuil cinedhíothú á chur i leith Jair Bolsonaro ag cuid mhór Brasaíleach, go n-eagraítear oll-léirsithe ina choinne i mórchathracha na tíre ar a laghad uair sa mhí, agus nach raibh an pobal chomh míshásta leis riamh cheana. De réir pobalbhreith a rinneadh an mhí seo caite, ceapann 50 faoin gcéad de mhuintir na Brasaíle go bhfuil drochjab á dhéanamh ag a n-uachtarán agus ní chaithfeadh ach 23 faoin gcéad vóta dó in athuair.

Mar sin féin, mar iriseoir a bhfuil cónaí air sa Bhrasaíl le breis agus 10 mbliana, diúltaím don tuairim gur ar uachtarán na tíre amháin atá an milleán faoin sléacht atá á dhéanamh ag an gcoróinvíreas sa Bhrasaíl.

Níl sé i gceist agam cosaint a dhéanamh ar Jair Bolsonaro, ná baol air, ach ní raibh seans ag an mBrasaíl i gcoinne an choróinvíris riamh.

Ní fhéadfaí scaradh sóisialta a chur i bhfeidhm i dtír ina bhfuil cuid mhór den daonra ina gcónaí i mullach a chéile i dtithe beaga bídeacha; ní fhéadfaí iarraidh ar dhaoine fanacht sa bhaile gan dóthain airgid sa státchiste chun greim a choinneáil ina mbéal. Bhí an easpa infreastruchtúir, an éagothromaíocht shóisialta agus an ghéarchéim eacnamaíochta ann i bhfad sular toghadh Jair Bolsonaro.

Ach níor thuig mé, nuair a thosaigh an phaindéim, cén tionchar ollmhór a bheadh ag cúinse eile ar an scéal: meon mhuintir na Brasaíle féin maidir leis na treoirlínte sláinte.

Mí Iúil 2021. Tá a breithlá á cheiliúradh ag Dona Inaldi. Tá ‘Mamó’ 85 bliana d’aois, an dara dáileog de vacsaín frith-Covid-19 díreach faighte aici. Arís eile, tá an mhuintir ar fad bailithe os comhair an tí. Tá ceol ard ar siúl, ach níl tónacha á gcreathadh. Níl ann ach trí mhí ó cuireadh Naná. Mar sin féin tá barróga á bhfáisceadh ag chuile dhuine ar a chéile amhail is nár tharla tada, níl radharc ar mhasc aghaidhe, agus tá an ghlóthach alcóil áit éigin sa chúinne, dearmad déanta ag an gcuid is mó den chomhluadar go bhfuil an buidéilín ann ar chor ar bith.

Go bhfios dom, níor chaith ach duine amháin de mo mhuintir Bhrasaíleach vóta do Jair Bolsonaro i dtoghchán uachtaránachta 2018.

Ní fhéadfaí a mhaíomh ach oiread nach raibh mo ghaolta ar an eolas faoin mbaol a bhaineann leis an gcoróinvíreas: ní hionann agus an rialtas náisiúnta, rinne rialtais fhormhór na stát agus mórchuid údarás áitiúil eile jab maith agus eolas faoin víreas féin agus faoi na treoirlínte ina choinne á scaipeadh acu.

Ach seo muid.

Alex Hijmans

Is scríbhneoir agus iriseoir é Alex Hijmans. Tá céim sa Léann Ceilteach ó Ollscoil Utrecht agus Ard-Dioplóma sa Chumarsáid Fheidhmeach ó Ollscoil Éireann Gaillimh. D'oibrigh sé ina dhiaidh sin mar tuairisceoir do RTÉ agus TG4 agus don nuachtán Foinse. D'fhoilsigh sé roinnt leabhar le Cois Life, ina measc: Favela (2009), Aiséirí (2011), Gonta (2012), Splancanna ó Shaol Eile (2013), An Tearmann (2016) agus Idir Dhá Thír (2017). Bhí mar eagarthóir ar Comhar ó mhí na Bealtaine 2000 go dtí mí an Mheithimh 2001