‘Comhshaol atá sa saol seo’

Anna Heussaff
‘Comhshaol atá sa saol seo’

Tá Sinéad Mercier ina léachtóir le Dlí agus an Comhshaol agus ina taighdeoir dochtúireachta i gColáiste na hOllscoile BÁC. Labhair Anna Heussaff léi faoi chuid de chruacheisteanna na géarchéime ina bhfuilimid.

Tá an-chuid taighde déanta ag an Climate Accountability Institute sna Stáit Aontaithe faoi seo. Is taighdeoir iontach é Richard Heede agus thaispeáin sé gur 90 comhlacht atá freagrach as 71% den truailliú aeráide san iomlán. Comhlachtaí ola, guail, gáis agus stroighne is mó atá iontu, ina measc Exxon, Chevron, Saudi Aramco, Gazprom agus BP. Tá an truailliú ar siúl ón réabhlóid thionsclaíoch ar aghaidh ach tá méadú ollmhór air le 40 bliain anuas. Agus tuigeann na comhlachtaí le blianta fada an dochar atá á dhéanamh acu. Bhí an fhianaise eolaíochta ann cheana féin sna 1980idí, agus mhol a gcuid saineolaithe do chomhlachtaí ar nós Exxon agus Shell athrú go dtí fuinneamh inathnuaite. Ach ina áit sin bheartaigh siad infheistiú sa nuacht bhréige nó climate denial. Thug siad na milliúin dollar d’eagrais choimeádacha ar nós an Heartland Institute, mar atá léirithe ag Naomi Klein agus údair eile, chun an pobal, na polaiteoirí agus na meáin a chur amú faoin eolaíocht. D’éirigh leo amhras a chothú faoi na fíricí chun a ngnó féin a chosaint ó ghníomhú aeráide.

Fonn léitheoireachta ort?

Ní mór síntiús a bheith agat leis an alt seo a léamh.

Tá síntiús agam!

Lean an nasc chun síniú isteach — tabharfar ar ais chuig an alt seo tú.

Má bhí cuntas agat ar sheansuíomh gréasáin Comhar is féidir síniú isteach leis an seoladh ríomhphoist céanna ach pasfhocal nua a shocrú duit féin ar dtús anseo. Má bhíonn aon cheist agat is féidir teagmháil a dhéanamh linn ag oifig@comhar.ie.

Sínigh isteach

Ba mhaith liom síntiús a fháil

Faigh scoth na scríbhneoireachta gach mí, i gcló agus ar líne. Agus roghanna éagsúla ar fáil tá síntiús ann duit!

Ceannaigh síntiús
Anna Heussaff

Is scríbhneoir í Anna Heussaff.