Plúchadh Brigadoon (2021)
Julie Breathnach-Banwait
Ba ar an Satharn a ghlaoigh na cnoic uirthi go ngoidfeadh sí a gciúnas,
a mórgacht, a mistéir,
go líonfadh sí lán a boilg lena ngrá,
an dreapadh místuama chun a mbarr lena
seanchrupach capaill, leathchaoch.
Chun feiceáil. Chun blaiseadh. Chun cloisteáil. Chun adhradh.
Chun líonadh is athbhreith.
Gur tháinig an dó olcach.
Is Brigadoon fágtha
ag snagaireacht gan anáil.
Is chiúnaigh scread na crainnte lúbtha sin.
Sheas siad dóite óna bhfréamhacha.
A gcolainn clogach, barrloisceadh, spuaiceach,
buailte, tinn, a gcneá ag sileadh na ndeor.
Cnámharlach an valbaí ar na cosáin dhubha roimpi.
Ciúnas an ghleanna, gan ceol na n-éan, gan ainmhí.
A mbás is a n-easnamh ag sianaíl os a comhair.
Marbh. Dubh. Tráite. Sclártha. Taibhseach. Briosc.
Ba ar an Satharn seo nár ghlaoigh Brigadoon uirthi
ach gur chaoin sí léi i bpian ar a cuairt.
Mar gur dheatach a haer
Is púdar a cuid uiscí.
Ní ghlacfadh sé leis.
‘Fág an bealach’ a deireann sé ar a sheastán téagartha
is misneach ina chuid fírinne,
mar go bhfuil athrú ag teacht,
tá an timpeallacht ag screadaíl
orainn os ár gcomhair.
Tá na farraigí colgacha ag sceitheadh
is ag éirí amach le pian,
ag múisceadh ar ais an tsalachair
a chaith muid go fuarálach
is plátaí móra oighir á gcríonadh.
Tá an ríf i mbéal a báis
is mianraí luachmhara á streachailt
as talamh na Nyoongar
is píosaí dá gcoirp á gcrochadh leis
is á gcaoineadh.
Tá na crainn ag gol
is ag éag is an lucht seilge
ag múchadh saol
na mbeithíoch mór mar spraoi.
‘Ná dóigh an mhóin sin go fánach
mar nach leatsa í,
tá sí bradaithe ó m’ithir-se
is ró-álainn le cur amú’.