Slánú na beatha, slánú na teanga

An dlúthcheangal idir an ghéarchéim éiceolaíochta agus géarchéim na Gaeilge a bhí mar théama ag dhá ócáid ar líne a d’eagraigh Teacht Aniar i mí Feabhra 2021. Tá sleachta ón gcaint a thug an tOllamh Michael Cronin, bunaithe ar a leabhar ‘An Ghaeilge agus an Éiceolaíocht/Irish and Ecology’FÁS 2019), curtha in eagar do Comhar le caoinchead an údair

Tá fáil ar an ócáid le Michael Cronin, An Dúshlán Éiceolaíoch agus Slánú na Gaeltachta, ar YouTube,
agus tá tuilleadh eolais ag https://teachtaniar.eu/nuacht/

Tá brí ar leith agamsa le ‘éiceolaíocht teanga’, sé sin, go dtugann teanga uirlisí dúinn chun an timpeallacht a thuiscint, chun cur síos ar an timpeallacht, chun rudaí a thabhairt faoi deara. Mar shampla, nuair a fheiceann tú sliabh nó gort nó crann, is féidir leat an focal ‘sliabh’ nó ‘gort‘ nó ‘crann’ a rá. Ach má tá focal faoi leith orthu, má tá tú in ann a rá gur fuinseog nó dair nó beith é an crann áirithe sin, tá tuiscint níos doimhne agat agus tugann tú faoi deara na difríochtaí idir na crainn éagsúla, na goirt éagsúla, agus tugann sin cuireadh duit dul níos doimhne sa scéal. Ní hamháin go bhfuil an téarmaíocht agat ach go bhfuil tú in ann an áit, an gort, an crann a lonnú i gcomhthéacs ar leith, comhthéacs a bhaineann le stair do mhuintire, stair na háite agus tá na rudaí sin uilig lonnaithe i gcroílár na teanga. Bíonn sórt comhrá leanúnach ann idir an duine daonna agus an timpeallacht, múnlaíonn focail agus scéalta an léamh atá againn ar an timpeallacht agus bíonn tionchar ag an timpeallacht ar na focail agus na scéalta a bhíonn in úsáid againn. Mar sin tá an éiceolaíocht teanga seo chomh bunúsach leis an léamh eolaíochtúil atá ann ar chúrsaí timpeallachta.

*

Maidir leis an gcóras domhanda eacnamaíoch ina ndéantar táirgí I bhfad ón áit a gceannaítear iad, agus rialtas na hÉireann ar a ndícheall ag mealladh cuid de na mórchomhlachtaí chugainn, an bhunfhadhb ná nach bhfuil an domhan in ann cur suas a thuilleadh leis an gcóras sin. Táimid go mór faoi bhrú ó na drochthorthaí éiceolaíocha atá leis; agus dá bhrí sin, is dóigh liom go gcaithfimid smaoineamh ar threo iomlán difriúil a bhaineann le réabhlóid an inbhuanaithe. Sé sin na rudaí is tábhachtaí a bhaineann le cothú an duine a bheith lonnaithe sa timpeallacht áitiúil agus iad bunaithe ar acmhainní áitiúla. Tá eacnamaithe áirithe, mar shampla Fionnbarra Ó Brolacháin agus James Kennelly, ag trácht ar na féidearthachtaí maidir leis an gcóras geilleagrach nua seo. Is féidir a rá go bhfuil sé sin an-mhíréadúil ach féach ar thorthaí na réadúlachta faoi láthair, go bhfuil muid i mbaol ollmhór de bharr ghéarchéim na timpeallachta. Caithfimid a bheith cuibheasach amhrasach faoi na daoine ‘pragmatacha’, na daoine ‘réadúla’, atá sásta an córas seo a chothú.

*

Is dóigh liom go bhfuil an-dochar déanta ag meon an fhóntachais (utilitarianism), ní hamháin don Ghaeilge ach freisin don timpeallacht. Seo cultúr an stoite ina gcaithfidh tú rudaí a tharraingt amach ón timpeallacht, úsáid a bhaint astu agus ansin iad a chaitheamh amach. Tá an-dochar go deo déanta don timpeallacht ag an meon sin agus tá an meon díreach céanna ann i gcás na Gaeilge. ‘Cén fiúntas atá ag baint le mionteanga a labhairt?’ ‘Cad is fiú staidéar a dhéanamh ar litríocht na Gaeilge sna scoileanna, níl sé praiticiúil in aon chor.’ Tá an toradh céanna ar an dá rud, is é sin monachultúr, monachultúr talmhaíochta, monachultúr eacnamaíochta agus monachultúr teanga.

Drochthoradh ar an meon sin ná an aird a thugaimid ar an saol, an réimse airde atá againn. Nuair a labhraíonn tú teanga ar leith, tugann tú aird ar rudaí faoi leith. Mar shampla, nuair a fhoghlaimíonn tú Spáinnis, tosaíonn tú ag éisteacht le cláracha Spáinnise, ag léamh leabhair agus nuachtáin Spáinnise. Tugann tú faoi deara go bhfuil scéalta ann nach raibh cloiste agat i mBéarla ná i nGaeilge. Tugann tú faoi deara go raibh do réimse airde an-chúng, go raibh sé teoranta do theanga amháin. I gcás na hÉireann tá ár n-aird ar an domhan teoranta do dhearcadh Bhéarlóirí ar an domhan. Agus níos measa ná sin, an t-eolas atá ar fáil sa Ghaeilge leis na mílte bliain ar ár dtír, ar ár dtimpeallacht, tá sé faoi cheilt ar gach duine atá ag brath go huile is go hiomlán ar aonléamh an Bhéarla ar an timpeallacht.

*

Nuair a tharla an Gorta Mór, d’fhulaingíomar tráma in Éirinn a bhain ní hamháin leis an mbia nach raibh ar fáil le n-ithe ach leis an teanga a bhíodh á labhairt againn. Bhí ionadh an domhain orm mar sin nuair a chonaic mé dhá chlár teilifíse ar an nGorta a bhí ag RTÉ le déanaí. Bhí staraithe éagsúla ag labhairt faoin nGorta agus bhí siad go breá - ach amhrán amháin Gaeilge a bhí ag deireadh an dara clár agus staraí amháin a luaigh ceist na teanga, in ainneoin go raibh ceist na Gaeilge lárnach maidir le torthaí na tréimhse sin. Tá obair déanta ag staraithe agus scoláirí ar chúrsaí gorta i dtíortha eile agus deir siadsan go mbaineann tráma teanga le tráma gorta go minic. Uaireanta baintear úsáid as an ngorta mar uirlis troda chun daoine a dhíbirt ó áit faoi leith agus iad a dhíbirt ó theanga faoi leith. Bíonn dhá fheidhm ag an mbéal, bíonn tú ag ithe le do bhéal agus bíonn tú ag caint le do bhéal, tá an béal lárnach i saol an duine. Nuair a léann tú na scríbhinní is na hamhráin mar gheall ar an tréimhse sin, agus nuair a fheiceann tú an tionchar a bhí ar shaol na ndaoine ó thaobh a dtuisceana ar an oideachas, ar an timpeallacht agus chuile rud, feiceann tú go raibh tráma ag baint leis an athrú teanga.

Chuir sé ionadh ormsa i gcónaí agus mé i measc Béarlóirí sa chathair seo tar éis oíche ólacháin agus daoine ag caint mar gheall ar an nGaeilge, go raibh siad chomh diúltach agus bagarthach faoi mhionteanga nach raibh ag déanamh aon dochar dóibh. Mhothaigh mé i gcónaí an teannas, an chiontacht, an bhagarthacht seo uathu agus is dóigh liom go mbaineann sé sin le hiarmhairtí aimsir an Drochshaoil. Ach cén fáth nach bhfuil an tráma seo pléite ag éinne sna ranna síceolaíochta in Ollscoileanna na hÉireann? Tá sé cosúil le rún sa tsochaí agus drogall orainn labhairt go poiblí faoi. Agus cinnte, baineann an tráma teanga sin leis an tráma éiceolaíoch. Cén fáth go mbíonn ciontacht ag baint le freagracht as an timpeallacht? Cén fáth go mbíonn míshuaimhneas ar dhaoine agus iad ag smaoineamh ar thionchar ghéarchéim na timpeallachta? Is dóigh liom go bhfuil dlúthnasc idir an dá thráma.

Ollamh le Fraincis i gColáiste na Tríonóide agus údar é Michael Cronin