Sagart, scríbhneoir, saoi...

Sagart, scríbhneoir, saoi...

Bhí saothar an Doibhlinigh ina scáthán dílis ar a thógáil agus ar a chreideamh féin, a deir Pól Ó Muirí

Níor chóir go dtuigfeá as an alt seo go raibh aithne mhór agam ar Bhreandán nó go raibh mé chomh minic sin ina chuideachta. Ní raibh. Is fada ó chonaic mé é de réir mar a thit an saol amach. Bhí aithne ní b’fhearr ag daoine eile ná mise air agus is mó a rinne siad dó, ar bhonn pearsanta agus gairmiúil, ná mise.

Bhain mé lena lucht aitheantais, lena cholún reatha, leis na mílte daoine sin a bhí ina chuideachta ó am go ham, thar na scórtha bliain, mar gheall ar chúrsaí teanga, liteartha, léinn nó creidimh.

Is iad na cuimhní cinn is túisce a thig: is é an sagart a dúirt Aifreann an phósta dom féin agus mo bhean. Tá muid inár seasamh sa tséipéal lá nó dhó roimh an bhainis. Tá cleachtadh le bheith ann. Tchí Breandán plaic ar an bhalla a bhfuil inscríbhinn Laidine uirthi agus ní fada go dtosaíonn sé á thiontú go Gaeilge. As a sheasamh. É ag caint ar bhriathra agus cúrsaí gramadaí, ag soláthar eolais agus tuairimí, gan sotal ná éirí in airde ann. Arú, cad chuige nach labharfá ar an Laidin agus í os do chomhair?

(An t-aistriúchán, a deir tú. Ní thiocfadh liom a rá. Luaigh mé go raibh mé le pósadh, nár luaigh?)

Tamall fada ina dhiaidh sin, tá lón againn i mbialann Iodálach i mBaile Átha Cliath. Tig an freastalaí agus tosaíonn Breandán a chaint leis in Iodáilis. Tá siad ag caint faoin chlár bia, is léir an méid sin. Gáire agus geáitsí, lámha ag damhsa ar an dóigh Iodálach. ‘Va bene. Va bene,’ as béal an fhreastalaí. Tuilleadh gáire agus geáitsí idir an bheirt acu. Tá feisteas sagairt ar Bhreandán, bhí i gcónaí más buan mo chuimhne. ‘Va bene. Va bene.’

Níl Iodáilis agam. Ag ordú bia nach raibh ar an chlár bia a bhí sé. Ach thuig sé go ndéanfadh an cócaire é ach é a iarraidh. Ní ligfeadh an mórtas cine don chócaire gan é a dhéanamh. Thuigfeadh an cócaire, i ndiaidh don fhreastalaí labhairt leis, go raibh custaiméir istigh a thuig an cuisine Iodálach, duine a bhí ag iarraidh níos mó ná píotsa le hanann.

An Pholainnis an iarraidh seo. Breandán ag caint faoi Choláiste na nGael i bPáras a bhí i seilbh na bPolannach an t-am sin. Bhí iarrachtaí ar siúl aige an coláiste a thabhairt ar ais don Ghael. Ní raibh olc ar bith aige do na Polannaigh, a mhalairt. Ach ba iad na Gaeil a bhunaigh an coláiste agus ba cheart go mbeadh na Gaeil ina bhun. Thuig sé go dtug an áit tearmann do na Polannaigh ar feadh i bhfad ach thug gach aon rud a sheal. Rinne sé iarracht a dteanga a fhoghlaim le rud beag comhrá a dhéanamh leo nó, ar a laghad ar bith, le go mbeadh sé in ann faisnéis a bhailiú.

An Fhraincis, teanga eile nach bhfuil agam, í aige ar nós gur tógadh i bPáras é, de réir saineolaí níos tuigsí ná mise. An teanga as ar aistrigh sé ábhar a chuir le saíocht na nGael. Filíocht agus fealsúnacht, deis léitheoireachta, seans machnaimh.

Amharc ar an dea-shampla a léirigh sé, an teanga a bhí ag pobal eile a fhoghlaim agus a labhairt, gan dul i muinín an Bhéarla mar mheán cumarsáide ach droim láimhe a thabhairt leis agus teanga dhúchais an phobail dhúchais a úsáid mar mheán cumarsáide agus mar chomhartha ómóis.

An Ghaeilge a mheall mise chun a chuideachta sular chuir mé aithne air. Cóip de Aistí Critice agus Cultúir a fuair mé san am sin a raibh an lámh in uachtar ag an tSean-Ghaeilge agus cruinneas teanga i saol an Léinn Cheiltigh. Ba í an Nua-Ghaeilge agus a cuid leabhar a chorraigh an t-anam istigh ionam agus tá an leabhar bheag seo ina compánach buan agam le dhá scór bliain, leabhar don anam chíocrach liteartha, lóchrann liteartha, an toirtín beag agus an bheannacht.

Úrscéal dá chuid ina dhiaidh sin ar an chúrsa, An Branar gan Cur. Mheas oide amháin gurbh fhearr an sult a bhainfeadh sé féin as an úrscéal ach cúrsaí gramadaí an Doibhlinigh a bheith ní ba chruinne, leid luath, b’fhéidir faoi nead Uí Dhoibhlin i gcúrsaí Gaeilge. Clú air as a chumas sa Fhraincis agus é ag scríobh leis i nGaeilge. Cuach de chainteoir a bhí ann ar bhealach, údar neamhspleách, ag saothrú leis sa ghort ar neamhchead feirmeoirí, ag cur úrscéalta, aistí, drámaí agus aistriúcháin, fómhar Shliabh Speirín.

Bhí lámh bheag agam i gcúpla leabhar dá chuid a chur i gcló breis agus 30 bliain ó shin, iarrachtaí fánacha ar fhoilsitheoireacht. Bhí sé i gcónaí múinte, d’aithin sé na botúin a rinne mé agus mhaith iad. (Azincourt a scríobh mé, a Phóil, ní Agincourt.)

Thuig sé, gan amhras, nach raibh an fear óg sin oilte go leor leis an obair a dhéanamh chomh slachtmhar agus a thuill cumas agus gradam Bhreandáin. Chonaic sé cúpla leabhar Gaeilge i gcló nach bhfoilseofaí, is dócha – aistí dá chuid féin agus aistriúcháin ar fhilíocht na Fraince – agus bhí na leabhair sin chomh slachtmhar agus a d’fhéadfaí a bheith leis an acmhainn (agus taithí) a bhí ar fáil i mBéal Feirste an t-am sin thiar. Ach thuill sé ní b’fhearr ná mo chuid maciarrachtaí.

Mar sin a shamhlaím i gcónaí é – sagart, scríbhneoir, saoi – a chuid leabhar ina scáthán dílis ar a thógáil agus ar a chreideamh féin; an saoi ár dtreorú, mar léitheoirí, go leabharthaí na hEorpa agus litríocht na hÉireann; an scríbhneoir ag cumadh úrscéalta agus aistí dúinn a bhí nuálaíoch dúshlánach; an sagart ciúin taobh thiar den athnuachan liteartha, a bheatha á hofráil dúinn i ndúch.

Fear tuaithe, fear tuaithe ar an taobh chontráilte den chríochdheighilt, fear tuaithe den tógáil chontráilte, idir chreideamh agus teanga, ach ollamh mar sin féin, iondaí pobail den tsórt is ionraice agus is cruthaithí, fear a léirigh an cumas a bhí i ngach aon duine den chosmhuintir bláthú ach an deis a fháil (agus an deis a thapú), fear a thug dúshlán lucht oibre agus lucht tuaithe a gcumas féin a aithint: amharc, rinne mé scríbhneoir díom féin, tig leatsa é a dhéanamh fosta.

Don té nach mbaineann leis an chreideamh a bhí aige, beidh na leabharthaí i gcónaí ann. Beidh tú in ann seal a chaitheamh lena chuid carachtar nó leis na húdair a d’aistrigh sé. Ní bheidh tú choíche uaigneach ina dhiaidh nó thiocfadh leat do shaol ar fad a chaitheamh ina chuideachta liteartha, ag baint tairbhe as an ábhar a d’fhág sé le huacht againn mar phobal.

(Ná cuireadh sé iontas ort má chorraíonn an t-ábhar sin amach anseo thú, sin an Spiorad in agallaimh leat. )

Agus don té a bhaineann lena chreideamh, beidh cumha orainn i ndiaidh an duine dhaonna, tocht, ach, le cuidiú mór Dé, beidh deis eile comhrá ann sa tsaol atá le teacht ach muid a bheith chomh dílis umhal agus a bhí sé féin:

Is aoibhinn don fhear nach leanann

De chomhailre lucht na héagráifeachta;

Nach seasann i slí na bpeacach,

Agus nach suíonn i gcuideachta na sotalach;

Ach a bhfuil a dhúil i ndlí an Tiarna,

Agus a dhéanann machnamh air
de l
á agus d’oíche.

Salm 1, 1-2.