Léirmheas

Thugamar Féin an Samhradh Linn
Le Mícheál Ó Ruairc

Coiscéim 2022
Léirmheas le Pól Ó Muirí

Dhá leabhar taobh istigh d’aon leabhar amháin atá anseo againn in Thugamar féin an samhradh linn (Coiscéim, €15) le Mícheál Ó Ruairc, file; saol scríbhneora ar an chosán chruthaitheach sa chéad chuid den leabhar agus toradh an tsaoil sin i gciseán altanna sa dara cuid den leabhar.

Tugann cúl an leabhair le fios dúinn go bhfuil ‘cuntas corraitheach sa chéad chuid [den tsaothar] ar na blianta a chaith sé ag freastal ar an ollscoil i gCorcaigh agus é gafa idir Ollscoil Chorcaí agus Ollscoil an tSaoil’ ach ní dócha go bhfuil sin cruinn ar fad. Ní shamhlófá an scéal a bheith corraitheach; tocht a chuir sé ar an léitheoir seo, cumha fiú, agus glór seanadóiriúil Uí Ruairc ár gcomóradh ar bhealach uaigneach an fhile.

Tá an chéad chuid den leabhar líon lán le míreanna saoil atá binn ciúin ach a bhfuil meáchan sa bhuille acu go fóill, mar a dúirt an té a dúirt: ‘Nuair a shroicheas Srón Bhroin, ní raibh duine ná deoraí faram cé nach raibh sé ach naoi a chlog nó mar sin ag an am. D’fhéadfainn tigh solais Cheann Léime a fheiscint i bhfad i bhfad uaim agus Ceann Chiarraí agus Oileáin na Machairí ní ba ghaire dom. Thíos fúm ar dhromchla na mara d’fhéadfainn cruthanna na naobhóg a fheiscint agus iad ag iascaireacht maicréal. Ó am go chéile chífeá an criú nuair a lasfaí toitín nó píopa istigh i gceann acu. I bhfad amach ar fad ó na cinn sin chonac naobhóg aonair agus bhíos cinnte gurbh í sin ceann m’athar. É mar nós aige féin agus a chriú dul amach níos faide ná éinne eile ar thóir an éisc.’

Tá fiúntas, ealaín agus éifeacht san alt bheag sin agus seo muid, seal beag féin, ceaptha beo sa tost agus sa tsíoraíocht a léiríonn sé. Ní focla atá ann i ndáiríre ach pictiúr de chuid van Gogh nó Keating más fearr leat, The Starry Night agus Men of the South le chéile in aon bhád amháin, mo leithscéal, aon naomhóg amháin.

Tá an dinnseanchas beo anseo, filíocht sin na logainmneacha a fhíonn focla leis an tsamhlaíocht, an draíocht sin leis an eachtra, an chuimhne leis an chloch. Tá, gan amhras, criúnna sin na naomhóg ar shlí na fírinne le fada ach maireann an tonn a d’iompair iad; buaileann an sáile in éadan na gcarraigeacha go fóill agus seo muid, an léitheoir aineolach, beo ina measc arís, ag amharc orthu ó aois eile, i láthair laochra, ag déanamh iontais den dínit a bhain leo sin a chuaigh i mbaol báis le cúpla pingin a shaothrú dá gclanna sa bhaile.

Cuireann Ó Ruairc ceist air féin píosa beag níos faide anonn san alt: ‘Bhuail taom duaircis mé. N’fheadar sa diabhal cathain a bheinn anseo arís.’

Is furasta an cheist a fhreagairt; níor fhág sé an áit ariamh; níor thréig cuimhne na hoíche sin riamh é. Tá an ócáid greanta ina chroí istigh agus bhí deis aige paidir na hoíche sin a rá os ard linne, léitheoirí, agus tá deis againn, ach í a thapú, droim láimhe a thabhairt le clampar an lae inniu agus seal beag féin a chaitheamh i measc ár muintire, deis a thabhairt dúinn, ach í a thapú, an ceacht a fhoghlaim, an meas a léiriú, cromadh arís ar na dúshláin sin a bhíonn romhainn uilig, cibé naomhóg atá againn féin a chaitheamh chun farraige agus dóchas againn go dtiocfaidh muid slán sa tsaol agus gan againn faoinár dtóin mhór ramhar ach ‘lataí adhmaid agus canbhás smeartha le tarra’ idir muid agus tubaistí na haoise seo. ‘B’fhir chróga iad gach uile dhuine acu,’ a deir Ó Ruairc agus is aige atá an fhírinne.

Duine cróga é Ó Ruairc fosta agus é chomh ciúin dícheallach i mbun pinn agus a bhí lucht na naomhóg i mbun iascaireachta. Níl mórán sa difear, b’fhéidir, idir an scríbhneoir Gaeilge agus iascaire maicréal. Ní bhíonn blas ag gach aon duine ar mhaicréal ar na saolta seo agus is doiligh an léitheoir Gaeilge a cheapadh le duán nó le heangach. Ina ainneoin sin, chuaigh Ó Ruairc, oiread chéanna lena athair, níos faide amach ná mórán ar thóir an fhocail.

Seo é i Kent ag baint leannlusanna (agus úll) le pobal sheanbhunadh tuaithe na contae sin: ‘Baile beag gleoite a bhí ann freisin i lár na tuaithe, talamh mhín réidh mórthimpeall air agus crainn mhóra ghlasa i ngach áit.’

Súil sin an fhile ar an talamh arís, ar an chré ar a siúlann muid. Scríobhann sé go raibh an t-ádh air gur roghnaigh sé an tuath in áit a bheith ag obair ar na láithreacha tógála i Londain. Shílfeá an ceart a bheith aige. Tá sé ar a chompord i measc na ndaoine seo agus tuigeann sé dá ngnásanna. Van Gogh arís, an ea, gort cruithneachta dá chuid nó staidéar ar leannlusanna in áit lus na gréine?

(Bhain an tagairt do leannlusanna gáire as an léirmheastóir seo. Fadó, fadó, bhí grúdlann in aice le mo scoil i mBéal Feirste. A luaithe agus a luaigh Ó Ruairc leannlusanna, mhothaigh mé an boladh géar sin a bhíodh le sonrú go minic agus muid ag dul chun na scoile.)

Tá na cuimhní cinn seo aige ar maos le tagairtí do dhaoine a casadh air agus é ar choláiste i gCorcaigh, nó ar cuairt sa bhaile, nó ag obair in áiteacha éagsúla agus is éachtúil mar a éiríonn leis, ar bheagán focal, daoine a chur i do láthair agus a chur i d’aithne. Mothaíonn tú gur cuid den chomhluadar thú agus a scéal á n-insint le dínit.

Baineann an dara cuid den leabhar le léirmheasanna, le hábhar eile iriseoireachta agus míreanna dialainne thar thréimhse 40 bliain beagnach. Sin agat údar ag cosaint an átha. (Luaitear an léirmheastóir seo, en passant, i sliocht amháin.) Tháinig an naomhóg chun intinne arís agus Ó Ruairc ag scríobh ar irisí na Gaeilge. Tá cuid de na naomhóga sin i ndiaidh dul go tóin na farraige faoin am seo agus cuid acu ag treabhadh na dtonn go fóill. B’fhéidir gurb é sin ról na hirise Gaeilge, an criú a choinneáil sábháilte oiread agus is féidir agus fios ag an chriú go dtugann gach aon bháidín a sheal, luath nó mall?

Meascán mearaí atá sna haltanna i gcuid a dó den leabhar agus ní locht ar bith orthu é sin. An bhua is mó atá le hábhar den tsórt seo go minic go gcuireann sé i gcuimhne duit pilleadh ar leabhair nach bhfuil léite le fada agat nó nach bhfuil léite ar chor ar bith agat. Tá údair aitheanta anseo – Ó Ríordáin agus Mac Grianna, abair – agus píosaí grinn a bhfuil ropadh lainne iontu fosta.

Féinphortráid de leabhar a thuilleann áit ar an bhalla sa Dánlann Náisiúnta.